Plean Bainistithe Dramhaíola Chúige Chonnacht
Réamhrá
Tá Plean Bainistíochta Dramhaíola curtha le chéile ag údaráis áitiúla Chúige Chonnacht: Comhairle Contae Mhaigh Eo, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Comhairle Chontae Shligigh, Comhairle Chontae Liatroma agus Comhairle Chontae Ros Comáin mar aon le Bardas na Gaillimhe de réir Phlean Bainistíochta Dramhaíola an Réigiúin. Cuireadh an Plean seo le chéile de réir Alt 22 den Acht um Bainistiú Dramhaíola, 1996 agus na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Pleanáil), 1997. Tugann an Plean aird ar gach dramhaíl neamhghuaiseach a ghintear laistigh de limistéir fheidhmiúcháin na n-údarás áitiúla.
Tá an Plean bunaithe ar Sraitéis Bainistithe Dramhaíola a cuireadh faoi bhráid na n-údarás áitiúil i gConnachta in Aibreán/Bealtaine 1999 agus thóg na sé údárás áitiúla cuntas ar na moltaí a rinneadh. Mhol an Straitéis cur chuige comhtháite bainistithe dramhaíola i leith tionscadail nua athchúrsála, cóireáil bhitheolaíoch agus theirmeach dramhaíola agus ar deireadh líonadh talún le dramhaíl iarmharach. Cuirfear an Dréachtphlean ar fáil don phobal ar feadh 2 mhí sular féidir an Plean a thabhairt chun críche. Is feidhm fhorchoimeádta atá ann do Chomhaltaí Tofa na sé údarás dramhaíola reachtúil i gConnachta glacadh leis an Dréachtphlean.
Nuair a ghlactar leis an bPlean rachaidh sé in ionad ar aon Phlean Dramhaíola a bhí curtha le chéile roimhe seo ag údaráis áitiúla Chonnacht faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Dramhaíl), 1979 agus más iomchuí Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Dramhaíl Thocsaineach agus Chontúirteach), 1982. An tréimhse is lú atá curtha leis an bPlean ná cúig bliana agus déanfar athbhreithniú air ina dhiaidh sin ag féachaint do chás na huaire sin.
Tá cuid den eolas seo nach bhfuil ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair. Chun breathnú ar an teolas seo go hiomlán í mBéarla, le do thoil, cniog ar an lipéad ‘’English’’ ar bhárr an leathanaigh.