Ceisteanna Coitianta faoin gComhshaol
Environment: Animals & Pets
Question: Cá bhfaightear ceadúnas madraí?
Answer:
Is féidir ceadúnas madraí a cheannach in Oifigí Poist nó ar líne.
For more information, contact:
Vets
Last updated: 03/09/2010
Environment: Animals & Pets
Question: An mbaineann aon rialacha le ceadúnais madraí?
Answer: Ní mór duit a bheith os cionn 16 bliana d'aois chun ceadúnas madraí a fháil. Tá sé in aghaidh an dlí madraí os cionn 4 mhí d'aois a choinneáil gan cheadúnas. Ní mór duit a bheith in éineacht le do mhadra, agus caithfidh sé a bheith faoi do smacht nó faoi smacht duine éigin eile atá freagrach, nuair nach bhfuil sé sa bhaile agat, ar d'áitreabh, ag baile an té atá freagrach as nó ar an áitreabh seo acusan. Tá cead ag an maor madraí iarradh ort fianaise ar do cheadúnas madraí a thaispeáint, agus mura dtaispeántar é d'fhéadfaí fíneál a chur ort ar an bpointe.
For more information, contact:
Vets
Last updated: 03/09/2010
Environment: Recycling
Question: Cárbh fhéidir liom gloine ghorm a athchúrsáil?
Answer: Is féidir gloine ghorm a chaitheamh isteach leis an ngloine ghlas sna bancanna buidéal.
For more information, contact:
Environment (Awareness)
Last updated: 07/09/2010
Environment: Composting
Question: Cá bhfaighidh mé araid múirín?
Answer: Bíonn araidí múirín ar fáil ó na hoifigí ceantair ar fad, ó láithreáin líonta talún, agus ó Áras an Chonae i gCaisleán an Bharraigh. Is féidir praghas na n-araidí a fheiceáil ach gliogáil anseo. Clúdaíonn an praghas seo an araid féid do do ghairdín, bosca eile do do chistin, agus leabhrán eolais. Cuidíonn araidí múirín le méid na dramhaíola ón gcistin agus ón ngairdín a laghdú ar bhealach atá éasca agus glan.
For more information, contact:
Environment (Awareness)
Last updated: 07/09/2010
Environment: Recycling
Question: An bhfuil cead agam cannaí bia cruach a chur isteach i mbanc na gcannaí sa bhanc buidéal?
Answer: Níl cead cannaí bia a chur sa bhanc buidéal. Is féidir iad a thabhairt chuig ionaid fóntas poiblí Dhoire an Iomaire agus Ráth Ruaín, áít a ndéantar athchúrsáíl orthu. Ina theannta sin, is féidir iad a chur san araid athchúrsála a bhailítear ón doras, más ann don tseirbhís i do cheantar.
For more information, contact:
Environment (Awareness)
Last updated: 07/09/2010
Environment: Composting
Question: Céard í an áit is fearr sa ghairdín le haghaidh araid múirín?
Answer: Ba cheart an araid múirín a fhágáil áit a sheasann faoin ngrian, ach áit ar féidir teacht air go héasca ón teach - fiú i ndrochaimsir! Ba chóir an talamh faoi a bheith réidh agus sruthchóras maith a bheith i bhfeidhm ann.
For more information, contact:
Environment (Awareness)
Last updated: 07/09/2010
Environment: Composting
Question: Tá boladh bréan ag teacht ó m'araid múirín - céard atá mícheart leis?
Answer:
Léiríonn an boladh sin nach leor an méid aeir atá ag dul isteach san araid. Corraigh a bhfuil sa bhosca le pícín láimhe nó prioc le maide é. Déan cinnte go gcuireann tú meascán d'ábhar glas agus donn isteach san araid. Bíonn ábhar glas fliuch agus bíonn ábhar donn níos tirime de ghnáth. Má bhíonn an iomarca féir bhearrtha - nó ábhar glas eile - istigh sa bhosca le hais méid an ábhair dhoinn, sriantar an t-aershreabhadh agus cliseann an baictéir múirín dá bharr. Caith tuilleadh ábhair thirim, ar nós páipéar mionstiallta, isteach ann chun é a chur ar mheá chothrom arís.
For more information, contact:
Environment (Awareness)
Last updated: 07/09/2010
Environment: Composting
Question: Tá faitíos orm go meallfar lucha agus francaigh isteach i m'araid múirín. Céard is féidir liom a dhéanamh faoi?
Answer:
Tá araidí múirín deartha ar bhealach nach ligfear míolra isteach iontu. Bí cinnte i gcónaí, áfach, go bhfuil na píosaí éagsúla feistithe go daingean lena chéile, agus go gcoinnítear an claibín agus an doras dúnta. Ná cuir bia cócaráilte san araid múirín. Más rud é go bhfuil míolra sa ghairdín agat, is fearr an araid a fhágáil in áit lárnach, amach ó bhallaí agus ó fhálta. Cuir labhandar ag fás ag bun na haraide chomh maith, rud a choinneoidh míolra amach uaithi.
For more information, contact:
Environment (Awareness)
Last updated: 07/09/2010
Environment: Composting
Question: An bhfuil cead agam luaithreach a chur san araid múirín?
Answer: Is féidir luaithreach ó adhmad agus ó mhóin a chur isteach san araid múirín, ach ní féidir luaithreach ó ghual a mhúiríniú.
For more information, contact:
Environment (Awareness)
Last updated: 07/09/2010
Rannóg Comhshaoil
An Dara hUrlár, Comhairle Contae Mhaigh Eo
Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh
Teileafón : Teileafón: (094)902 44 44
R-phost : R-phost:Environment@mayococo.ie
Uaireanta Oscailte: 9:30 r.n. go 1:00 i.n.
agus 2:00 i.n. go 4:30 i.n.
