Páirceanna agus Caitheamh Aimsire Lasmuigh
Caitheamh Aimsire : Conláistí
Tá roinnt mhaith áiseanna caitheamh aimsire agus conláistí le haghaidh áitreabhaigh an chontae agus cuairteoirí araon.
Páirceanna
Chun liosta de na páirceanna agus na siúlóidí i gContae Mhaigh Eo a fháil féach ar: countymayo.com. Tá an pháirc náisiúnta is nua ar fad i gContae Mhaigh Eo, faoi Shliabh Néifine Bige. Cé go bhfuil caoi á chur fós ar an pháirc tá a suíomh le feiceáil ar na léarscáileanna is nua-aimseartha. Coinníonn Comhairle Chontae Mhaigh Eo agus na trí Chomhairle Baile caoi ar ionaid ghlasa agus páirceanna ar fud an chontae. Chomh maith leo sin tá roinnt páirceanna agus criosanna glasa a bhfuil cead ag an phobal a úsáid.
Foraoiseacha Oscailte Choillte
Tugann Coillte (Seirbhís Foraoise na hÉireann) cuireadh don phobal siúl nó tiomáint (ar an bhóthar amháin) isteach ins na tionscnaimh fhoraoise timpeall na tíre (ach amháin ar lá a bhfuil leagadh na gcrann nó cur na gcrann ar siúl). Tá cuid de na foraoiseacha seo beag (cúpla dosaen acra) agus tá cuid díobh mór (suas le cúpla dosaen heicteár).
I measc na bpáirceanna foraoise is mó cáil i gContae Mhaigh Eo tá
- Coill Bhéal Leice, gar do Bhéal an Átha (56 hecteár)
- Loch an Chláir, in aice le Clár Chlainne Mhuiris
- Raon Néifine Bige
- Foraois na Mílaoise, lámh le Tuar Mhic Éadaigh
- Foraois Arn na Gaoithe/Conga, ar chúl Chaisleán Ashford
- Foraois Ghleann na Muaidhe, gar do Ghleann na Muaidhe
- Dúgaire, ar Bhóthar Néifine in aice le Caisleán an Bharraigh
- Coill Bhreac Cluain, in aice le Cathair na Mart (scéim choille nádúrtha)
Feirmeacha
Tabhair d’aire: Cé go ligeann roinnt mhaith feirmeoirí don phobal siúl ar a gcuid talún, ní hamhlaidh an scéal le gach feirmeoir. Ná téigh isteach ar fheirm má tá fógraí le feiceáil a chuireann cosc leis. I Sasana tá cead siúil ar thailte de réir dlí, ach in Éirinn ní mór duit cead a fháil ón sealbhóir sula ndéanann tú sin.
Tránna
Faoi láthair tá 13 Trá le Brat Gorm mar aon le tránna breátha eile nach bhfuil an Brat Gorm acu go fóill, agus cinn le haghaidh iascaireachta agus scíthe. Tá gárdaí tárrthála ar phatról ag roinnt de na tránna i rith an tsamhraidh.
