Trá Oileán Chléire

Trá Oileán Chléire
Trá Oileán Chléire
Réamhrá
Fáilte go dtí an Calafort, Oileán Chléire, ceann de Thránna an Bhrait Ghoirm ar chósta Mhaigh Eo. Tá an trá ar Oileán Chléire suite ar an taobh thoir den oileán in aice leis an gcalafort.
Saol na nÉan
Ar chuid de na héin is coitianta atá le feiceáil ar an trá tá:
· Broigheall
· Seaga
Lapairí
· Naoscach
· Pilibín
· Roilleach
Geabhróga
· Geabhróg
· Geabhróg Artach
· Geabhróg Dhuscothach
Faoileáin
· Faoileán Bán
· Saidhbhéar
· Faoileán Ceanndubh
· Droimneach Mór
· Droimneach Beag
· Faoileán Scadán
Limistéar Spéise Eolaíochta
Oileán Chléire
Tá Oileán Chléire suite ag béal Chuan Mó, 5 km ón mórthír. Tá geolaíocht ilghnéitheach le fáil ar an oileán agus faightear gaineamhchlocha agus scealla Dháil Riada, gaineamhchlocha carbónmhara, scealla comhcheirtleáin agus rogha de charraigeacha Siolúracha. Tá go leor den talamh íseal clúdaithe le cré bholláin agus ábhar oighreach áitiúil. Is í an ghné thiarnasach ar an oileán iomaire a théann ón oirthear go dtí an t-iarthar, a bhfuil airde 462 m aige ag an gCnoc Mór agus a chruthaíonn aillte cósta ar an gcladach san iarthuaisceart. Tá go leor staidéir eolaíochta déanta ar Oileán Chléire ó thús na haoise. Tá an-spéis eolaíochta sa suíomh mar gheall ar fhianaise speicis den scoth ainmhithe agus plandaí. Chomh maith leis sin is féidir treochtaí fadtéarmacha a aithint mar gheall go bhfuil cuntas cuimsitheach coinnithe ar stair nádúrtha an oileáin ó thús na haoise.
Aillte Cósta
Tá aillte mara ar an gcósta thuaidh agus malartú ann idir fánaí géara féarmhara agus blocanna móra cloiche. Tá go leor fásra ar na haillte le féara agus luibheanna ar nós Méaracán Gorm (Camapnula rotundifolia), Niamhnaid (Potentilla erecta), Caoróg Mhara (Armeria maritime), agus Feistiú Dearg (Festura rubra). Tá comhchruinniú d’fhásra alpach le fáil ar na haillte uachtair agus faightear roinnt fásra ann atá an-ghann. Tá báinseach slánlusanna le fáil ar imeall na n-aillte is ísle – fásra íseal a bhfuil tiarnas ag Báinseacha (adharca fia agus slánlus mara) chomh maith le fiche speiceas eile. Tá comhchruinniú d’fhásra alpach ar raonta uachtair na n-aillte, Lus na Laoch (Rhodiola Rosea), Samhadh Sléibhe (Oxyria digyna), Mórán an tSneachta (S. Rosacea, S. Spathularis, S. Spathularis x geum), Camshaileog (Salix herbacea) agus Raithneacha (Asplenium viride, Cystopteris fragilis agus Hymenophyllum wilsonii) le flóra brífíte atá líonmhar agus saibhir ó thaobh speiceas. Clúdaíonn fásra sláintiúil an talamh ard ar an gcuid is mó den oileán. Tá trí loch bheaga le fáil sa diallait idir Cnoc na bhFiann agus an Cnoc Mór. Tá loch eile, Loch an Mhuilinn i dtreo an taobh thoir den suíomh agus an chosúlacht air go bhfuil sé draenáilte agus tá giolcach
( Phragrnites australis) tiarnasach ann. Tá fearann talmhaíochta le fáil ar an gcladach ar an taobh ó dheas den oileán. Tá baint ag cnuasáin mhóna le foinsí abhann. Tá trá ghainimh amháin le dumhcha ísle ag an gcalafort agus tá limistéar beag muirisce le fáil níos faide soir ó thuaidh – ag Kinnincorra. Tá paistí de choillearnach á n-athnuachan i limistéir a bhfuil fál curtha timpeall orthu chun iad a chosaint ó bheostoc. Tá cladach clochach le fáil ar an gcósta theas le tránna bolláin atá an-bheag. Ar imeall thiar-thiar-thuaidh an chósta tá na haillte géara a luadh cheana le fáil in áit na gcarraigeacha. Téann teorainn an tsuímh ag an aill ghéar seo 500 m amach sa bhfarraige.
An Stair
Tá Oileán Chléire báite in atmaisféar na staire mar gheall ar an mbaint a bhí ag Clann Uí Mháille – a raibh cáil na farraige orthu – agus ag Gráinne Ní Mháille, an captaen agus an foghlaí mara, leis an oileán. Bhí muintir Uí Mháille ina bhfeighlithe ar an gcósta an-eangach ó Chuan na Gaillimhe chomh fada ó thuaidh le Cuan Dhún na nGall. Rinne siad gardáil ar a gcuid uiscí teorainneacha le héad. Nuair a fuair Gráinne Mhaol bás timpeall na bliana 1601, ní raibh tiarnas ag muintir Uí Mháille ar Oileán Chléire níos mó agus fuair Ulick Burke, Iarla Chlann Riocaird seilbh air. Níos deireanaí sa seachtú haois déag, ghlac an choróin seilbh air agus bhronn é ar eachtránaí Sasanach a dhíol é le Máilleach as Béal Chláir. D’fhan Oileán Chléire i seilbh na Máilleach go dtí an naoú haois déag nuair a chuir Sir Samuel O Malley morgáiste air le comhlacht árachais i Londain. Ba é James Mac Donnell as Cathair na Mart an duine deireanach a raibh seilbh phríobháideach aige ar an oileán agus ba ag a neachtanna a fágadh é tar éis a bháis. Dhíol siadsan le Bord na gCeantar Cúng é agus roinneadh ina fheirmeacha é.
Láithreacha Stairiúla
Tá láithreacha stairiúla éagsúla le fáil ar Oileán Chléire. Faightear tuama meigiliteach, deich ndún ceann tíre, botháin agus córas páirceanna ón Iarannaois, os cionn 45 Fulachta Fia (láithreachta cócaireachta ón gcré-umhaois) ar an oileán. Tá cáil faoi leith ar an oileán mar gheall ar an Mainistir Chairmilíteach atá le fáil i ndeisceart an oileáin. Bunaíodh í sa tríú haois déag mar chillín de Chnoc Muaidhe, Co. na Gaillimhe. Is sa chúigiú haois déag a tógadh an foirgneamh atá ann faoi láthair agus tá saingeal, meánlann agus sacraistí ann. Tá caisleán Ghráinne Mhaol le fáil ann freisin agus suíomh ard aige ag breathnú amach ar an gcalafort. Rinne Sir Samuel O Malley athchóiriú air ag tús an naoú haois déag chun go mbeadh an garda cósta in ann úsáid a bhaint as.
Úsáid na Talún
Úsáidtear an talamh le haghaidh innilt trom, rud a fhágann go n-athraíonn an fásra. Baintear móin ar an talamh ard cé nach bhfuil sé an-domhain. Déantar roinnt feirmeoireacht arúil i ndeisceart agus in oirdheisceart an oileáin ach féarach bocht atá anois san áit a raibh an talamh arúil tráth. Móinéir fhliucha atá sa gcuid eile agus tiarnas ag an gCréachtach ( Lythrum salicaria) agus ag féarach innilte.
Tá cuid den eolas seo nach bhfuil ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair. Chun breathnú ar an teolas seo go hiomlán í mBéarla, le do thoil, cniog ar an lipéad ‘’English’’ ar bhárr an leathanaigh.
