Tá tú anseo: Baile > Na Seirbhísí > Comhshaol > Dó sa Chlós Cúil

Dó sa Chlós Cúil


Dó sa Chlós Cúil


Dó sa Chlós Cúil, dó bhruscar gan smacht. De ghnáth déantar sa gháirdín cúil é taobh thiar den teach, ach ciallaíonn sé freisin dó bhruscar ar bith i dtine oscailte, i sorn, i gcócaireán a dhónn breosla soladach nó fiú amuigh faoin aer. Glacann sé san áireamh bruscar a dhónn tógálaithe ar láithreáin tógála. San áireamh freisin tá gléasanna dóite bruscair a fógraíodh le déanaí sna meáin. 

An Mealladh 

Tháinig  méadú an-mhór ar dhó sa gháirdín cúil le déanaí. Tharla sé seo nuair a árdaíodh costais diúscartha dramhaíola. Ceapann daoine gur bealach é seo chun airgead a shábháil. Ní fheiceann siad dochar ar bith sa bhealach seo chun fáil réidh le bruscar. Ceapann siad nach bhfuil siad ag briseadh an dlí, ach ní hamhlaidh atá.

Na Fadhbanna

Cheaptaí san am atá caite nach raibh mórán as bealach leis an dó seo murar mhill sé na héadaigh ar líne níocháin do chomharsan. Ba í fadhb an deataigh an phríomh fáth nach ndéantaí é. Dhóití rudaí simplí mar adhmad, páipéar agus bia orgánach nár itheadh. Ach le himeacht aimsire tosaíodh ag cur breiseáin agus ceimicí sa bhia, lena choinneál ar an seilf níos faide, agus baintear usáid as miotail agus plaisteach i neart earraí inniu. Dá bharr sin ar fad tá comhdhéanamh an bhruscair athraithe go mór ó mar a bhí cúrsaí fadó.

Múch Nimhiúil

Nuair a dhóimid bruscar, uaireanta gintear fotháirgí contúirteacha. Ní scriostar iad seo sa tine agus cuirtear amach san aer a ghlacaimíd isteach inár scamhóga iad. D’fhéadfaí impleachtaí tromchúiseacha fadtéarmacha bheith ag na truailleáin seo ar ár sláinte. Ní gá ach roinnt fíor-bheag díobh chun damáiste a dhéanamh dár sláinte; tárlaíonn seo nuair a dhóitear plaisteach áirithe agus tuaslagóírí. Is féidir leo freisin damáiste eile a dhéanamh don chomhshaol nuair a thiteann siad ón aer mar bháisteach ar an talamh. Ní ceart go dtárlódh a leithéid seo de dhó gan smacht ar chor ar bith. Mar shampla, má dhónn tú adhmad ar a bhfuil péint nó ábhar leasaithe eisítear gal atá an-nimhneach ar fad. Is amhlaidh an scéal nuair a dhóitear leabhar ar a bhfuil clúdach plaisteach, nó ina bhfuil cineálacha áirithe dúch nó gliú a úsáidtear chun na leathanaigh a ghreamú dá chéile. 

 An Dlí

Tháinig na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Cosc ar Dhramhaíl a Dhiúscairt trí Dhó) 2009 i bhfeidhm ar 29 Iúil 2009. Bhíodh an reachtaíocht a bhain le dó dramhaíola ina chúis mearbhaill go dtí seo, ach tá an cheist i bhfad níos soiléire anois de bharr na rialachán nua. Seo a leanas príomhphointí na reachtaíochta nua, ach ní féidir glacadh leis an míniú mar an dlí féin.

  • Is cion é dramhaíl de shaghas ar bith - dramhaíl ón ngairdín san áireamh - a dhó.
  • Is cion é aon ghléas a dhónn dramhaíl a úsáid, fiú na "loisceoirí dramhaíola tí" a fhógraítear agus a dhíoltar go minic.
  • Is cion é dramhaíl tí a dhó i sorn nó sa tinteán.
  • Tá díolúine ann d'fheirmeoirí a cheadaíonn dóibh adhmad neamhchóireáilte/neamhfhabhtaithe, crainn, gearrthóga, duilleoga, sceacha, nó ábhar eile dá leithéid a gineadh trí ghníomhaíochtaí feirme a dhó, nuair nach bhfuil aon bhealach eile ann chun fáil réidh leo. (Ní bhaineann an díolúine seo ach le dramhaíl a gineadh trí ghníomhaíochtaí feirme.  Dá bhrí sin, ní áirítear duilleoga/féar/sceacha ó ghairdín sa bhaile faoi mar shampla).
  • Beidh an díolúine i bhfeidhm go dtí 1 Eanáir 2014.  Beidh cosc iomlán ar dhó ón dáta sin amach ach amháin má dhéantar iarrtas ar Theastas Clárúcháin faoi na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Ceadú agus Clárú Ionad).
  • Go dtí 1 Eanáir 2014: Fágtar faoi na feirmeoirí breathnú isteach ar na bealaí eile bainistithe dramhaíola ghlais atá neamhdhíobhálach don chomhshaol sula ndóitear í. Ina measc siúd d'fhéadfaí méid na dramhaíola a laghdú, í a úsáid ar an athuair, nó í a athchúrsáil trí stialladh, múiríniú nó smiotadh.
  • Tagann an díolúine i bhfeidhm nuair nach bhfuil aon bhealach eile chun fáil réidh leis an dramhaíl ghlas - a gineadh trí ghníomhaíochtaí feirme - infheidhmithe, nó nuair nach féidir fáil réidh léi ar chostas réasúnta.
  • Ní mór don fheirmeoir (sealbhóir na dramhaíola) iarratas a dhéanamh ar an údarás áitiúil agus fógra reachtúil a shíniú sula ndóitear an dramhaíl atá i gceist.
  • Caithfear cloí le treoracha diana nuair a dhóitear dramhaíl ghlas (a gineadh trí ghníomhaíochtaí feirme).  Baineann na treoracha seo le núis a theorannú, sláinte daoine a chosaint, agus truailliú comhshaoil a sheachaint mar shampla.
  • Ceadaítear fuílleach adhmaid neamhchóireáilte nó neamhfhabhtaithe, nó ábhar eile dá leithéid, a dhó i mbeárbaiciú chun bia a chócaráil.
  • Ceadaítear fuíollach adhmaidh neamhchóireáilte nó neamhfhabhtaithe, nó ábhar eile dá leithéid, a dhó ar ócáidí ar leith de réir mar a bheartaíonn an t-údarás áitiúil.

Chomh maith leis an dearbhú reachtúil a leagan isteach, ní mór don iarratasóir (1) Fianaise a sholáthar nach bhfuil an costas mótaithe réasúnta i gcomhthéacs a ghnó, (2) Grianghraf a léiríonn cineál agus méid na dramhaíola, agus (3) Léarscáil den tsraith Discovery (Scála 1:50 000) ar a marcáiltear suíomh an dó, mar atá sé beartaithe, go sonrach le 'X'.

Seo a leanas sonraí teagmhála le haghaidh seirbhísí mótaithe/crannlianna.

Ambrose Gaughan: 094 9258383, Noel McEllin: 094 9032133, Thomas O'Rourke: 094 9374981

Réiteach an Scéil 

Is é an bealach is fearr chun laghdú ar an méid dramhaíola atá againn ná trí athraithe a dhéanamh nuair atáimid ag ceannach. Caithimid uilig go léir gearradh siar ar an dramhaíl s’againne agus athúsáid a dhéanamh má thig linn.

Athúsáid

Ba chóir dúinn ar fad ainilís ár ndramhaíl a scrúdú agus teacht ar dheiseanna chun athúsáid a dhéanamh. Ba cheart earraí a athúsáid a rachadh go hionaid athchúrsála de ghnáth, m.s. soithí folmha – an bhféadfaí iad a sheoladh ar ais nó an féidir iad a úsáid arís.

Athchúrsáil

Is é an athchúrsáil an dara rogha is fearr. Ba cheart dúinn an dramhaíl a scaradh ina cineálacha éagsúla. Más féidir athchúrsáil a dhéanamh ar chuid de, mar shampla, i.e. gloine agus cannaí, ba cheart iad a thógáil chuig banc athchúrsála chun iad a sheoladh ar thuras eile.                

Múiríniú Baile

Teagmhaigh le d'Údarás Áitiúil faoi mhúiríneoir baile a cheannach, a dhéanfaidh athchúrsáil ar do chuid dramhaíola gairdín, dramhaíl ghlas agus dramhaíl chistine.

Éadaigh 

Má tá éadaigh nó bróga agat nach bhfuil róchaite beir leat chuig an mbanc teicstílí iad i dtreo is go ndéanfar athchúrsáil orthu. Glacfaidh roinnt siopaí carthanachta leo freisin, ach glaoigh orthu roimh réidh le fáil amach an nglacfaidh siad leo.

Páipéar, Plaisteach agus Miotail

Má tá Ionad Athchúrsála gar duit, glaoigh ar an Údarás Áitiúil le fáil amach cén ábhair lena nglacann siad. Is féidir laghdú thar na bearta a dhéanamh ar an méid dramhaíola gur gá fáil réidh leis, ach úsáid a bhaint as an áis seo. Teagmhaigh le d'Údarás Áitiúil le liosta de na bailitheoirí atá ceadaithe sula dtugann tú do chuid dramhaíola dóibh. Caithfidh gach bailitheoir dramhaíola cead a bheith aige sula nglacann sé le dramhaíl. Is í Comhairle Chontae Mhaigh Eo an t-Údarás ceadúnúcháin le haghaidh Co. Shligigh, Co. Mhaigh Eo, Co.Liatroma, Co. Ros Comáin, agus Cathair na Gaillimhe agus Comhairle Contae na Gaillimhe. De réir na rialacha nua seo is coir é do chuid dramhaíola a thabhairt dó chonraitheoir nach bhfuil ceadúnas aige.

Dó sa Chlós Cúil - Bileog Fírice (pdf - 574 kb)

Tá an tuairim iomrallach ag daoine gur modh saor é an dó sa chlós cúil, mar a thugtar air, chun dramhaíl a choimeád amach as suíomhanna líonta talún atá ag cur thar maoil cheana féin agus ceapann cuid mhaith daione nach ndéanann sé aon dochar don chomhshaol. Is mór an dul amú atá orthu.



Rannóg Comhshaoil


An Dara hUrlár, Comhairle Contae Mhaigh Eo
Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh
Teileafón : Teileafón: (094)902 44 44
R-phost : R-phost:Environment@mayococo.ie
Uaireanta Oscailte: 9:30 r.n. go 1:00 i.n.
agus 2:00 i.n. go 4:30 i.n.