Na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Dramhbhia), 2009
Na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Dramhbhia), 2009
Is é Treoir an Aontais Eorpaigh maidir le Líonadh Talún an cháipéis a stiúrann reachtaíocht na hÉireann ó thaobh cúrsaí dramhaíola de. Cuireann an Treoir seo iallach orainn méid na dramhaíola a chuirimid i láithreáin líonta talún a laghdú. Ina theannta sin, ní mór dúinn méid na dramhaíola in-bhithmhillte a chuirimid i láithreáin líonta talúna a laghdú go mór roimh mhí Iúil 2010. De réir na Straitéise Náisiúnta um Dhramhaíl In-bhithmhillte, caithfear 36% den dramhaíl in-bhithmhillte a choinneáil amach ó láithreáin líonta talún in 2010. Díríonn na rialacháin - a tugadh isteach i mí na Nollag 2009 - ar an earnáil tráchtála, agus tá sé i gceist acu gnólachtaí a spreagadh chun dramhaíl a scagadh óna tús, agus chun aird a dhíriú ar na húsáidí fóinteacha atá ag fuílleach bia. Tagann na Rialacháin i bhfeidhm go hiomlán ar 1 Iúil 2010. Ón dáta seo amach, ní bheidh cead ag an gcuid is mó de ghnólachtaí fuílleach bia a chur sa bhosca bruscair.
Cuirtear iallach ar na dreamanna is mó a ghineann fuílleach bia - foirgnimh Stáit ina n-ullmhaítear bia, bialanna agus caféanna, soláthraithe bia the, díoltóirí réamhchúirte, ceaintíní, óstáin agus tithe móra lóistín, ospidéil, ollscoileanna, aerphoirt, ollmhargaidh, agus soláthraithe eile bia - dramhaíl a scagadh ionas go mbeifear in ann na hábhair éagsúla a bhailiú ag amanna ar leith. Is féidir leis na na táirgeoirí seo an fuílleach bia a chur ar aghaidh chuig saoráid ceadaithe cóireála, nó an bia a chóiriú ar a n-áitreabh féin, faoi réir formheasa. Ní mór d'eagraithe de roinnt seóanna trádála cloí leis na Rialacháin chomh maith, agus Plean Bainistíochta Dramhbhia a ullmhú.
Tabhair ar d'aire, áfach, nach mbaineann an maolú do ghnólachtaí a ghineann níos lú na 50kg bia in aghaidh na seachtaine - mar a shonraítear faoi fhorálacha Rialachán 3(2) - le gnólachtaí laistigh de limistéar Údarás Áitiúil Mhaigh Eo. Ta iallach ar na háitribh ar fad sa limistéar sin cloí leis na rialacháin, de réir choinníollacha na gCeadanna Bailithe Dramhaíola a eisítear sa réigiún.
Ceisteanna Coitianta, ullmhaithe ag an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil.
