Bainistíocht Dramhaíola: Forfheidhmiú Reachtaíocht Chomhshaoil
Rannóg um Fhorfheidhmiú Reachtaíocht Chomhshaoil
Sa bhliain 2004 bhunaigh Comhairle Chontae Mhaigh Eo an Rannóg um Fhorfheidmiú Reachtaíocht Chomhshaoil chun go gcoinneofaí níos fearr leis na rialacha dramhaíola. Bunaíodh an fhoireann seo chun forfheidhmiú na n-achtanna seo a leanas a chur i gcrích: Achtanna Bainistíochta Dramhaíola 1996 - 2003, Acht um Thruailliú Aeir 1987 agus Achtanna Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce) 1977 agus 1990.San fhoireann seo tá dream dúthrachtach a bhfuil scileanna éagsúla acu san obair, faoi stiúradh ag Bainistíocht Shinsireach. Ina measc tá innealtóir feidhmitheach, oifigigh fhorfheidhmithe, maoir bhruscair, chomh maith le foireann teicniúil agus riartha.
Spriocanna maidir le forfheidhmiú
- Rialacháin um Bainistíocht Dramhaíola (Pacáistiú) 2003 (Cigireacht ar áitreabh gnó; na príomhtháirgeoirí a aithint)
- Rialacháin um Bainistíocht Dramhaíola (Cead Bailithe) 2007 & Rialacháin um Bainistíocht Dramhaíola (Cead Bailithe) (Leasú) 2008 (Cigireacht, féachaint chuige go gcloítear le rialacha an cheadúnais)
- Rialacháin um Bainistíocht Dramhaíola (Ceadú agus Clárú Ionad) 2007 & Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Ceadú agus Clárú Ionad) (Leasú) 2008 (Cigireacht, féachaint chuige go gcloítear le rialacha an cheadúnais)
- Rialacháin um Bainistíocht Dramhaíola (Tobhach Comhshaoil) (Málaí Plaisteacha), 2001 (Cigireacht chun a chinntiú go bhfuil na táirgeoirí ag cur an tobhach i bhfeidhm).
- Déileáil le gearáin ón phobal faoi chúrsaí comhshaoil (Dó dramhaíola, dumpáil mídhleathach, truailliú uisce, bailiú airgid srl. gan cheadúnas, tógáil tithe srl. gan cheadúnas.)
- Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Iompar Dramhaíola Contúirtí) 1998 (Ag faire ar ghluaiseachtaí agus ag scrúdú cuntais)
- Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Plaistigh Fheirme) 2001 (Cigireacht chun féachaint chuige go bhfuil tobhaigh á gcur i bhfeidhm ag táirgtheoirí)
Cuireann na maoir chomhshaoil rompu na rialacha comhshaoil a chur i bhfeidhm trí na cláracha seo a leanas:
- Cigireacht agus fiosriúcháin sna gearáin éagsúla comhshaoil a thagann chun solais.
- Faireachas ar dhaoine a bhfuiltear amhrasach futhu agus fianaise a fháil.
- Ag obair leis an Gharda Síochána ag seicphointí bóthair.
- Ag freagairt do na gearáin a thagann ón phobal faoi dhumpáil neamhdhleathach, faoi bhruscar a chaitheamh, faoi dhramhaíl a dhó gan chead, agus faoi charranna tréigthe.
- Tá teilifís chiorcaid iata in úsáid chun fianaise a fháil ar dhaoine a úsáideann ionaid dhumpála neamhdhleathacha, a bhailíonn dramhaíl gan chead, agus ar úinéirí talún a thugann cead dumpála go neamhdhleathach ar a gcuid talún.
- Cigireacht ar áitribh thráchtála, féachaint an bhfuil na rialacháin dramhaíola á gcoinneáil.
- Cigireacht rialta ar chonraitheóirí agus ionaid oibre féachaint an bhfuil na coinníollacha riachtanacha á leanúint.
- Glacann oideachas agus eolas timpeallachta príomhpháirt i gcur i bhfeidhm na hoibre seo trí chomhoibriú le hOifigeach Feasachta Comhshaoil de chuid na Comhairle, Sharon Cameron.
- Téann na maoir bhruscair ar thurais chigireachta rialta ar fud an chontae.
Tá sé i gceist ag na maoir chomhshaoil féachaint chuige go leanfar go dlúth leis na rialacháin seo ag comhlachtaí agus tithe cónaithe araon. Gríosóidh Comhairle Contae Mhaigh Eo daoine agus comhlachtaí dea-chleachtais a chruthú a laghdóidh ar bhaol truaillithe don timpeallacht. Ach má thugann na maoir chomhshaoil faoi deara go bhfuil duine nó comhlacht ar bith atá beag beann ar na rialacháin agus go bhfuil trailliú comhshaoil ag tarlú dá bhárr, úsáidfidh an fhoireann forfheidhmithe gach cumhacht atá acu chun féachaint chuige go ndéileáilfear leo mar is cóir.
Tá sé ar an chloch is mó ar phaidrín Chomhairle Contae Mhaigh Eo an timpeallacht áitiúil a chosaint agus a fheabhsú trí féachaint chuige go gcomhlíontar na rialacháin dramhaíola. D'fhéadfá cuidiú linn anseo trí insint dúinn faoi dramhaíl atá dumpáilte go neamhdhleathach nó trí chinntiú go bhfuil an ceadúnas cuí ag an té a bhailíonn do chuid dramhaíola.
Féach, más é do thoil é, ar an suíomh idirlín ar www.connachtwaste.ie nó glaoigh ar Chomhairle Contae Mhaigh Eo ar 094 9024444. Is féidir aon eolas ar mhaith leat a thabhairt faoi rún faoi dhumpáil neamhdhleathach nó cúrsa comhshaoil a sheoladh chuig Comhairle Contae Mhaigh Eo ar an líne speisialta 1800 400 256.
Má tá gearán ar bith agat faoi chleachtais neamhdhleathacha bainistíochta dramhaíola i do cheantar féin, téigh i dteagmháil le duine ar bith de na maoir chomhshaoil ag (094) 9024444.
Rannóg Comhshaoil
An Dara hUrlár, Comhairle Contae Mhaigh Eo
Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh
Teileafón : Teileafón: (094)902 44 44
R-phost : R-phost:Environment@mayococo.ie
Uaireanta Oscailte: 9:30 r.n. go 1:00 i.n.
agus 2:00 i.n. go 4:30 i.n.
