Tá tú anseo: Baile > Na Seirbhísí > Comhshaol > Laghdaigh, Athúsáid, Athchúrsáil > Clúidíní Ath-inúsáidte

Eolas Gaolmhar

Race Against Waste Logo

Photo of Compost bin

Araid Múirín


Múiríniú agus Athchúrsáil: Clúidíní Nádúrtha


Clúidíní Nádúrtha


Fíricí agus Miotas  /  Cineálacha atá ar fáil   Cá bhfuil siad le ceannach?

Clúidíní - Cén fáth nach gá dóibh bheith chomh daor sin!!!

Usáideann an gnáth-leanbh suas le 5,000 clúidín sula bhfaigheann siad oiliúint leithris. Is sa láithreán líonadh talún áitiúil a chríochnaíonn siad seo a saol agus tógann sé suas le 500 bliain sula dhianscaoileann siad go hiomlán. Is de laíon páipéir, plaistigh, gráinníní súiteacha glothaigh agus ceimicí a dhéantar clúidíní aon uaire agus tá tionchar diúltach ar an dtimpeallcht dá bharr.

An bhfuil aon rogha eile againn?

Tá réimse leathan clúidíní gur féidir a athúsáid, chomh maith le clúidíní aon uaire atá  neamhdhíobhálach don chomhshaol, ar an margadh in Éirinn anois. Tá clúidíní ath-inúsáidte níos cineálta don chomhshaol. I gcás chlúidíní cadáis ligeann siad seo don teas éalú agus bíonn an leanbh níos compordaí dá bharr.

Más amhlaidh go gcreideann tú an bholscaireacht in aghaidh na gclúidíní ath-inúsáidte, féachaimis ar fhíricí futhu.

Miotas: Beidh tú an-ghnóthach ag ní, ag sciúradh agus ag maothú.
Fíric: Is féidir na clúidíní nua-aimseartha a fheistiú go héasca le velcro srl. Is  féidir iad a chaitheamh faoi bhrístíní uiscedhíonacha a choinníonn an clúidín ina áit. Is féidir iad a ní sa mheaisín níocháin.
Miotas:Usáideann an níochán seo níos mó uisce agus fuinnimh, dá bhrí sin is rogha níos fearr don chomhshaol é na clúidíní aon uaire a úsáid. 
Fíric : Ón uair a dhéantar an clúidín aon uaire úsáideann sé 3.5 uaire níos mó fuinnimh, 8 n-uaire níos mó amhábhair neamh-inathnuaite, agus 90 uaire níos mó amhábhair inathnuaite ná mar a úsáideann clúidíní ath-inúsáidte. Cuireann siad ar fáil 2.3 uaire níos mó uisce fuíll agus 60 uaire níos mó dramhaíola soladaí. 

Cén sórt clúidín ath-inúsáidte ar cheart dom a úsáid? 

Tá clúidíní ath-inúsáidte níos saoire ná na clúidíní aon uaire. Ón uair a thosaíonn leanbh á n-úsáid go dtosaíonn sé/sí ag úsáid  an phota bhig cosnaíonn siad timpeall  €800 níos lú ná na clúidíní aon uaire, agus is féidir iad a úsáid arís le haghaidh an chéad leanbh eile. Dá bhrí sin, is fiú go mór airgead a chaitheamh ar chlúidíní súiteacha de chaighdeán ard.

Pé acu clúidíní den chineál ath-inúsáidthe nó cinn aon uaire a cheannaíonn tú, roghnaigh cinn ag a bhfuil an tionchar is lú acu ar an chomhshaol, mar shampla cinn le hamhábhair athchúrsáilte orgánacha gan chlóirín agus gan mórán ceimicí. Má úsáideann tú clúidíní ath-inúsáidte fiú ó am go chéile, is chun leasa na timpeallachta é.

Cá gceannóidh mé clúidíní ath-inúsáidte?

Taispeánann an liosta thíos cá bhfuil na clúidíní le ceannach. Is féidir na clúidíní a fháil tríd an phost uathu go hiondúil. Tá an liosta bunaithe ar eolas a seoladh chugam ag comhlachtaí éagsúla. Má tá aon chomhlacht eile a chuireann clúidíní cadáis nó cinn atá cineálta don chomhshaol ar fáil, cuir scéala chugam agus cuirfidh mé sonraí do chomhlachta sa chéad eagrán eile de Environmental News.

Clúídíní – roghanna atá neamhdhíobhálach don chomhshaol:

Clúidíní ath-inúsáidte éadaigh:

Baby Care,

Sráid an tSéipéil,
Caisleán an Bharraigh
Fón: 094 9027422

Baby Orchard - Clúidíní nádurtha - tríd an phost

Teagmhaigh le: Eoin Murphy
Fón: 1890 25 22 65
Ríomhphost: info@thebabyorchard.com
Suíomh Gréasáin: www.thebabyorchard.com

Little Angels - Clúidíní Cadáis

Teagmhaigh le: Little Angels
Móinín,
Caisleán an Bharraigh
Fón: 094 90 25398

Celtic Kidz

Ríomhphost: celtickidz@iol.ie
Suíomh Gréasáin: www.celtickidz.com

Cotton Baby -  Oiriúintí cadáis atá sonite - chugat tríd an phost

Teagmhaigh le:Geraldine McCormick,
Cotton Baby,
Fón: 044 45372
Ríomhphost: info@cottonbaby.net
Suíomh Gréasáin: www.cottonbaby.net

Eco Shop Ltd.

Fón: 01 2872914
Ríomhphost: contact@ecoshop.ie
Suíomh Gréasáin: www.ecoshop.ie

Natural Baby Resource

Maebh Collins
A
rd Cuillinn,
Óméith
Co. Lú
Fón: 042 937 5867
Ríomhphost:  naturalbabyresource@eircom.net
Suíomh Gréasáin: www.naturalbabyresource.com

Natures Nursery

Aonad 11, Ionad Fiontar Ghort an tSrutháin
Ascaill Ghort an Rosaigh
,
Gort an tSrutháin
Baile Átha Cliath 24
Fón: 01 4627097
Suíomh Gréasáin: www.naturesnursery.ie

The Organic Cotton Shop

116 An Ché
Port Láirge
Fón: 051 856443
Suíomh Gréasáin: www.organiccottonshop.ie

Tuilleadh clúidíní aon uaire atá neamhdhíobhálach don chomhshaol

Siopa Bianna Sláinte Uí Éanacháin

Sráid Ellison,
Caisleán an Bharraigh.
Fón: 094 9027460

Ylang Ylang

Sráid Shéamais,
Cathair na Mart
098 28802

nó Sráid Halla an Línéadaigh,
Caisleán an Bharraigh
094 9060606

Clúidíní Eco Baby: Cineálta don nádúr, hiopailléirgineach agus seoltar chuig do dhoras féin iad.

Teagmahigh le: Pearse Stokes,

Bainisteoir Margaíochta,

Ecobaby Teo.
44 Ionad Gnó Páirc Iartharach
Bóthar Nangor,
Baile Átha Cliath 12,
Fón: 1850 52 52 53 nó  01- 6205050
Facs: 01 620 7966
Ríomhphost: info@ecobaby.ie
Suíomh Gréasáin: www.ecobaby.ie

Celtic Marketing Ltd. (EcoWare) Clúidíní 100% inmhúirínithe, sruthlaitheach agus earraí neamhchoinneálachta.

Teagmhaigh le: Brian O'Shiel
Fón: 041 9822594
Ríomhphost: ecoware@ireland.com 
Suíomh Gréasáin: www.ecoware.ie

Comhlachtaí aonair a chur an t-eolas seo faoi bhráid na Comhairle Contae.  D'fhéadfadh comhlachtaí eile a bheith ann, nach bhfuil liostáilte anseo, a sholáthraíonn na táirgí céanna.