Tá tú anseo: Baile > Na Seirbhísí > Comhshaol > Laghdaigh, Athúsáid, Athchúrsáil > Ionaid Athchúrsála

Eolas Gaolmhar

Race Against Waste Logo

Photo of Compost bin

Araid Múirín


Ionaid Athchúrsála


Buneolas ar ionaid athchúrsála


Tá dhá mhór-áis athchúrsála i Maigh Eo atá oscailte do phobal an chontae: Tá bainc athchúrsála 'fág anseo' lonnaithe sa chuid is mó de bhailte agus sráidbhailte an chontae.  Is ionann iad seo agus na "bainc buidéal" a bhfuil aithne orthu go forleathan, agus is féidir le daoine buidéil, prócaí, agus cannaí dí a athchúrsáil anseo. Is beart nua iad na hionaid athchúrsála (nó na hionaid fóntas pobail mar a thugtar orthu chomh maith). Glacann na hionaid seo le réimse leathan ábhar agus déanann siad athchúrsáil orthu - idir chadhnraí cairr agus bhuidéil phlaisteacha. Tá dhá ionad den saghas seo i Maigh Eo: i Ráth Ruaín, Bóthar Chill Ala, Béal an Átha, agus i nDoire an Iomaire ar an mbóthar idir Caisleán an Bharraigh agus Baile Uí Fhiacháin.

Bileog eolais faoi ionaid athchúrsála Dhoire an Iomaire agus Ráth Ruaín, agus láithreáin líonta talún: Landfill Leaflet