Eolas Gaolmhar

Race Against Waste Logo

Photo of Compost bin

Araid Múirín


Múiríniú agus Athchúrsáil: Bainc Buidéal

Photo of Bottlebank
Banc Buidéal

Conas leas a bhaint as Ionad 'Fág Anseo' (Banc Buidéal)


Gloine:

Glactar le gloine ghlas, dhonn agus thrédhearcach sna hionaid athchúrsála 'fág anseo'. Tá sé ríthabhachtach go ndéantar do ghloine a scagadh de réir na dtrí dath, agus go gcuirtear isteach sa bhanc ceart dathchódaithe iad. Ní ghlacann na comhlachtaí gloine le gloine measctha.

Cuimhnigh chomh maith gur féidir níos mó ná buidéil amháin a athchúrsáil. Ná déan dearmad ar na prócaí ar fad a úsáidtear sa chistin - ar nós na cinn a fhaightear le hanlann pasta agus prócaí maonáise.

Déan do chuid gloiní ar fad a rinseáil sula gcuireann tú sa mbanc iad le do thoil, ionas nach dtiocfaidh aon bholadh astu.

Ní gá na lipéid pháipéir a bhaint díobh, ach ná déan dearmad lipéid scragaill, coirc, fáinní agus claibíní a bhaint díobh.

Cuirtear gloine ghorm sa bhanc céanna leis an ngloine ghlas.

 

Cannaí Alúmanaim Dí

Tá banc ar leith ar an láthair athchúrsála le haghaidh cannaí alúmanaim dí a athchúrsáil. Glactar le cannaí deochanna boga agus cannaí beorach araon anseo.  Déan do chuid cannaí a bhrú sula gcuireann tú sa bhanc athchúrsála 'fág anseo' iad, más é do thoil é.

Ní ghlactar le...
Ní ghlactar le málaí plaisteacha, bruscar, ná dumpáil. Beir leat abhaile do chuid málaí plaisteacha agus boscaí.

Ní ghlactar le gloine gaothscátha, gloine scatháin, ná gloine fuinneoige san ionad athchúrsála.

Ní glactar le criostal, créghréithe, Pyrex, tiúba teilifíse, gloiní óil, ná bolgáin solais san ionad athchúrsála.

Ná fág cannaí cruach - ar nós cannaí bia - san ionad athchúrsála.

Má cheapann tú go gcaithfear d'ionad áitiúil athchúrsála a fholmhú, déan teagmháil le Rehab Partnership

trí ghlaoch a chur ar 1850 585 300 (íosghlao) nó ar 021 4317195


Conas leas a bhaint as do bhanc áitiúil athchúrsála 'fág anseo' i Maigh Eo:

How to use your local Recycling Bring Bank ((PDF, 156 KB), External Link)