Múiríniú agus Athchúrsáil: Ionaid Fóntas Pobail
Ionad Fóntas Pobail
Céard is Ionas Fóntas Pobail ann?
Is áis é Ionad Fóntas Pobail a ghlacann le réimse leathan seanearraí a mbeireann daoine chucu iad. Cuireann siad na hearraí seo ar aghaidh i gcomhair athchúrsála nó déanann siad iad a dhiúscairt ar bhealach sábháilte.
Tá dhá mhór-áis athchúrsála i Maigh Eo atá oscailte do phobal an chontae: Tá Bainc Athchúrsála 'Fág Anseo' lonnaithe sa chuid is mó de bhailte agus sráidbhailte an chontae. Is ionann iad seo agus na "Bainc Buidéal" a bhfuil aithne orthu go forleathan, agus is féidir le daoine buidéil, prócaí, agus cannaí dí a athchúrsáil anseo. Tá dhá Ionad Fóntas Pobail anseo i Maigh Eo: i Ráth Ruaín, Bóthar Chill Ala, Béal an Átha, agus i nDoire an Iomaire ar an mbóthar idir Caisleán an Bharraigh agus Baile Uí Fhiacháin. Glacann na hionaid seo le réimse leathan ábhar agus déanann siad athchúrsáil orthu - cadhnraí cairr, buidéil phlaisteacha, agus go leor rudaí nach iad.
Bileog Eolais faoin Ionad Fóntas Pobail:
Derrinumera & Rathroeen Recycling Centres & Landfill Sites
An bhfuil táillí i gceist leis an Ionad Fóntas Pobail a úsáid?
Gliogáil anseo chun na táillí athchúrsála a fheiceáil. Glactar le hearraí leictreacha/WEEE, cadhnraí agus teicstílí saor in aisce.
Déan teagmháil le Láithreán Líonta Talún Dhoire an Iomaire ar 098 41632
Déan teagmháil le hIonad Líonta Talún Ráth Ruaín ar 096 75959
Céard is féidir liom a thabhairt chuig an ionad?
Breathnaigh ar an liosta thíos.
An gá dom mo chuid earraí a ullmhú ar bhealach ar bith i gcomhair na hathchúrsála?
Tá sé ar chúram mhuintir an phobail gach eolas agus sonraí a ghlanadh ó ríomhairí, tiomántáin chrua, gléasanna cuimhne, gutháin, seinnteoirí meáin srl. sula dtabharfar chuig an Ionad Fóntas Pobail iad. Moltar é seo a dhéanamh chun a chinntiú nach mbainfear míúsáid as aon eolas pearsanta, sonraí ná íomhanna.
Bíodh coimeádáin ar fad nite sula gcuirtear sna boscaí athchúrsála san Ionad Fóntas Pobail iad.
Cuimhnigh, chomh maith, claibíní, coirc, agus fáinní a bhaint de na coimeádáin ar fad.
Tabhair do d'aire: Ní mór ábhar athchúrsála ar fad a chur sa bhosca ceart san Ionad Fóntas Pobail.
Dé Luain-Dé hAoine |
9.00 rn - 4.30in (Dúnta le haghaidh lóin 1.00 - 1.30in) |
Dé Sathairn |
9.00 - 1.00in |
Dé Luain-Dé hAoine |
8.00 in - 4.30 in |
|---|---|
Dé Sathairn |
8.00 in - 1.00 in |
Dé Luain-Dé hAoine Dé Sathairn |
9.00 rn - 4.30 in 9.00 rn - 1.00 in |
|---|---|
|
Liosta na n-earraí a nglactar leo sna hIonaid Fóntas Pobail.
Gloine thrédhearcach/dhonn/ghlas - claibíní agus coirc bainte díobh. Ní ghlactar le hearraí potaireachta, créghréithe, Pyrex, gloiní óil, scatháin ná gloine fuinneoige. |
Glactar leis an gcruaphlaisteach a leanas: troscán plaisteach, potaí bláthanna, seanaraidí rothaí agus múirín, boscaí stórála cruaphlaisteacha, drumaí plaisteacha (glan agus folamh), bréagáin phlaisteacha. |
Cannaí alúanaim dí, ar nós cannaí deochanna boga. |
Boinn rotha (táillí ag gabháil leo). Cosc ar fhonsaí rotha. |
Cannaí cruach bia, ar nós cannaí bia madraí. |
Plaisteach burlaí sadhlais. |
Teicstílí. |
Dramholaí mótair. |
Buidéil phlaisteacha a bhfuil siombal an PET/PETE ar bhun an bhuidéil, ar nós buidéil deochanna boga. |
Creimnigh tí, ar nós leachtanna glantacháin tí. |
Buidéil phlaisteacha a bhfuil an siombal HDPE/PE ar bhun an bhuidéil, ar nós budéil seampú agus feabhsaitheora. |
Fuílleach lotnaidicídí, ar nós fiailnimheanna. |
Páipéar atá glan agus tirim, nuachtáin agus irisí san áireamh. |
Fuílleach míochaine tréidliachta. |
Cairtchlár atá glan agus tirim. |
Cadhnraí cairr, tí, agus fáil leictrigh. |
Gloine fuinneoige, scatháin, agus gloiní óil. |
Earraí bána (cuisneoirí srl.), agus earraí leictreacha eile, teilifíseáin mar shampla. |
Miotal. |
Fuílleach péinteanna. |
Fíoradhmaid (Cosc ar chlár SMD). |
Feadáin fhluaraiseacha. |
Dramhaíl ghlas tí i gcomhair múiríniú:- Féar bainte scaoilte, gearrthóga sceacha agus ábhár eile ó phlandaí ó gháirdíní tí (Ná beir leat i málaí iad). |

