Tá tú anseo: Baile > Na Seirbhísí > Comhshaol > Laghdaigh, Athúsáid, Athchúrsáil > Laghdú Dramhaíola

Eolas Gaolmhar

Race Against Waste Logo

Photo of Compost bin

Araid Múirín


Feasacht Chomhshaoil: Laghdú Dramhaíola


Laghdú Dramhaíola


 Is iad cosc agus laghdú dramhaíola na bearta is tábhachtaí i dtreo dramhaíl a bhainistiú. Is iomaí bealach ar féidir líon ár gcuid dramhaíola a laghdú, agus ní theastaíonn ach cúpla athrú simplí dár gcuid nósanna chun beart mór chun leasa an chomhshaoil a dhéanamh.

Leideanna fóinteacha chun dramhaíl a laghdú… sa bhaile

  • Déan múiríniú sa ghairdín ar dhramhaíl orgánach, agus tiocfaidh laghdú 1/3 ar líon na dramhaíola a chuireann tú ar aghaidh chuig láithreáin líonta talún.  Is féidir múiríniú a dhéanamh ar scamhacháin glasraí, fuílleach bia, málaí tae, scamhacháin torthaí, dramhaíl ón ngairdín agus rudaí eile nach iad.
  • Ceannaigh glasraí agus torthaí nach bhfuil barraíocht pacáistíochta leo; ní gá bananaí a chur i mála mar shampla, agus in áit na muisriúin réamhphacáilte i bplaisteach roghnaigh do chuid muisiriúin féin agus cuir i mála páipéir iad.
  • Roghnaigh earraí le pacáistíocht in-athchúrsáilte ar nós gloine nó cairtchlár in áit scragaill agus plaistigh más féidir; ceannaigh bosca púdar níocháin in áit na míreanna glantach atá clúdaithe ina n-aonar mar shampla.
  • Coinnigh ceapairí nó sailéid i mbosca lóin in áit iad a chlúdach le plaisteach.
  • Bain úsáid as éadaí cistine atá in-nite in áit tuáillí cistine agus ciarsúir aon uaire.
  • Beir leat do chuid málaí féin i gcónaí agus tú ag siopadóireacht, is cuma más éadaí, leabhair, bréagáin nó earraí grósaera atá á gceannach agat.
  • Bain úsáid as málaí páipéir agus plaisteacha ar an athuair a liacht uair agus is féidir.  
  • Ceannaigh luchtaire cadhnra agus bain úsáid as cadhnraí in-athchúrsáilte.
  • Ceannaigh coimeádáin mhóra nuair is féidir; roghnaigh buidéal dhá litre cóla in áit roinnt buidéal beag ná cannaí mar shampla.
  • Ná dumpáil seanéadaí ná seantroscán – tabhair do shiopa carthanachta iad chun deis a thabhairt do dhuine éigin eile leas a bhaint astu.
  • Más ag tabhairt bronntanais atá tú, bain úsáid as mála in-athúsáide do bhronntanais in áit páipéar beartán.
  • Bain úsáid as clúidíní éadaigh… má úsáideann tú ó am go chéile iad fiú, sábhálann tú airgead agus déanann sé leas don chomhshaoil.

Leideanna fóinteacha chun dramhaíl a laghdú… san ionad oibre

  • Fotachóipeáil agus priontáil ar an dá thaobh de leathanaigh.
  • Ní gá ríomhphoist a phriontáil amach i gcomhair a léamh, ná doiciméid a phriontáil i gcomhair a phrofú – déan ar scáileáin an ríomhaire é.
  • Bain úsáid as cupáin agus gloiní in áit coimeádáin phlaisteacha/pháipéir/pholaistiréine i gcomhair deochanna teo agus fuara.
  • Ná dumpáil cartúis chaite printéara, facs ná fótachóipire – glacann formhór na soláthraithe agus go leor carthanachtaí leo.
  • Déan páipéar oifige, cairtchlár, nuachtáin, buidéil phlaisteacha agus dramhaíl orgánach a scagadh agus a athchúrsáil – sábhálfaidh tú airgead agus an comhshaol araon.
  • Bain úsáid as sceanra cruach in áit sceanra plaisteach.
  • Bain úsáid as sáiltéar agus piobarán in áit na saicíní réamhphacáilte.
  • Bain úsáid as clúdaigh litreach ar an athuair.
  • Déan múiríniú ar dhramhaíl orgánach ar nós málaí tae agus scamhacháin torthaí.
  • Spreag do chomhghleacaithe gan naipcíní agus tarsainn thar an méid a theastaíonn uathu a thógáil agus sibh sa cheaintín.