Múiríniú agus Athchúrsáil: Múiríniú le cabhair péisteanna
Modh Déanta Múirín
Comhairle Contae Mhaigh Eo – Múiríniú le cabhair péisteanna
Péistmhúiríniú
Má dhéantar múiríniú ar fhuílleach torthaí agus glasraí, déanfaidh sé laghdú mor ar líon na dramhaíola a chuirtear sa bhosca bruscair in aghaidh na seachtaine. Coinnítear an t-ábhar seo amach ó ionaid líonta talún, áit a bhfuil brú spáis ann faoi láthair, agus is le leas do ghairdín é an múirín chomh maith. Bealach eile chun líon na dramhaíola a laghdú is ea péisteanna talún a choinneáil i gcoimeádáin agus iad a bheathú le fuílleach torthaí agus glasraí. Buntáiste mhór eile is ea an lorg péiste – leasachán atá iontach don ghairdín a ghintear mar thoradh ar an bpróiseas seo.
Déanann péisteanna múiríniú go tapa. Is féidir leo leath a meáchain choirp féin de dhramhaíl a ithe in aghaidh an lae!
Ní féidir gnáthphéisteanna talún a úsáid i bpiastlann toisc go bhfuil na dálaí róbhorb dóibh; ní mór péisteanna speisialta múirínithe a fháil. Díolann roinnt comhlachtaí in Éirinn na péisteanna seo. Is féidir leat do phéisteanna a ordú ar an teileafón, agus seachadfar chuig do theach féin iad!
Tá piastlanna speisialta ar fáil chun péisteanna a choinneáil iontu, nó d'fhéadfá do cheann féin a dhéanamh.
D’fhéadfá ceann an-simplí a dhéanamh as seanbhosca bruscair, nó as seanbhosca fiú.
Déan teagmháil le ceann ar bith de na comhlachtaí a leanas chun a thuilleadh eolais a fháil air, nó déan teagmháil le:
Sharon Cameron, Oifigeach Feasachta Comhshaoil, Comhairle Contae Mhaigh Eo, Áras an Chontae, Caisleán an Bharraigh, Fón: 094 90 24444, ríomhphost: scameron@mayococo.ie
Eco Shop Ltd, Teil: 01 2872914. |
Wrigglers Worm Farm |
Loughview Worms An Cuach An Chorr Chríochadh |
Kingfisher Baits |
Eco |
Grown Green Products, |
Greenpatch Telephone: 021 4880453 087 2767674 |
|
Piastlann a dhéanamh
(Buíochas le Comhairle Caomhnaithe Phortaigh na hÉireann as ucht an eolais seo, www.ipcc.ie)
Tá piastlanna lán-fheiliúnach i gcomhair múiríniú ar dhramhaíl orgánach ón gcistin nó ón ngarraí, agus ní theastaíonn mórán spáis in aon chor. A bhfuil ag teastáil uait: Araid mhór amháin le claibín, druilire, beagán gairbhéil, píosa ciorclach de phlaisteach tromshaothar bréifneach agus é gearrtha sa chaoi gur féidir é a chur isteach ag bun na haraide, beagán múirín duillí nó leasacháin ar mhórán tuí, dramhaíl orgánach ón gcistin, agus an ní is tábhachtaí ar fad: na péisteanna.
Druileáil poill gar do bhun na haraide móire, ionas go mbeidh aon uisce breise in ann éalú uaidh.
1. Cuir beagán garbhéil isteach ag an mbun.
2. Clúdaigh an gairbhéal leis an bplaisteach bréifneach.
3. Cuir sraith múirín duillí nó leasacháin ar mhórán tuí isteach ar a bharr mar easair do na péisteanna, agus cuir na péisteanna isteach ansin.
Tá an piastlann réidh anois i gcomhair do dhramhaíl chistine.
Leideanna Fóinteacha
- Cuir beagán dramhaíola mionghearrtha isteach ann gach lá, ach seachain feoil, craiceann oráiste (nó torthaí citris eile), fréamhacha fialilí buana, síolta fialilí, agus féar bearrtha. Tabhair beagán bia dóibh, agus tabhair go minic é.
- Nuair a bheathaíonn tú na péisteanna den chéad uair, cuir an bia i gcúinne na piastlainne. Beidh siad in ann bogadh isteach sa spás atá fágtha más rud é nach dtaitníonn an bia leo.
- Bí cúramach faoin méid bia a thugann tú dóibh: má chuirtear an iomarca ann ardófar teocht na piastlainne agus imeoidh na péisteanna uaidh. Tosóidh an bia fágtha ag lobhadh agus beidh boladh as. Ní bhíonn boladh as piastlann má tá gach rud ag feidhmiú mar is ceart.
- Clúdaigh an dramhaíl le nuachtán fliuch chun cosc a chur ar bholadh as agus chun é a choinneáil tais.
Cuir claibín ar an bpiastlann chun cuileanna a choinneáil amach. - Cuir beagán uisce ar dhromchla an chairn má éiríonn an t-ábhar tirim.
Is breá leis na peisteanna a bheith te; ba cheart mar sin an phiastlann a chosaint ó ghaotha fuara agus ón sioc. Cuir an phiastlann áit fhoscúil atá grianmhar ar feadh chuid an lae, ach má bhíonn an iomarca gréine aige seans go n-éireoidh an phiastlann róthe.
Nuair atá an phiastlann lán, fág é go dtí go bhfuil an dramhaíl ar fad ite acu agus go bhfuil múirín péiste atá donn agus briosc déanta as. Tógann sé seo idir trí agus ceithre mhí de ghnáth. Is féidir an múirín a bhaint den phiastlann ansin, agus é a fhágáil i mála chun go dtiocfaidh sé in aibíocht níos mó, nó d'fhéadfá é a úsáid láithreach sa ghairdín. Bailigh na péisteanna fad is atá tú ag folmhú na piastlainne, agus cur ar ais sa phiastlann iad chun tús a chur leis an bpróiseas arís. Tá an múirín seo feiliúnach le húsáid mar mhúirín potaithe nó le cur díreach isteach san ithir mar leasachán.
Bain sult as!

