Bainistiú Dramhaíola: Beart in aghaidh Bruscair
Sraithchomórtas 'Beart in aghaidh Bruscair'
Sraithchomórtas 'Beart in aghaidh Bruscair'
Cuireadh an sraithchomórtas 'Beart in aghaigh Bruscair' ar siúl arís in 2009, comórtas a reáchtáladh den chéad uair i mí na Samhna 2002. Tá an comórtas seo oscailte do choistí bailte slachtmhara agus grúpaí pobail i ngach baile agus sráidbhaile i gContae Mhaigh Eo, ach amháin na bailte móra a leanas: Béal an Átha, Caisleán an Bharraigh agus Cathair na Mart. Sraithchomórtas atá ann .i. téann na bailte agus na sráidbhailte i ngach grúpa in iomaíocht lena chéile gach mí.
Tá sé i gceist ag an tionscnamh seo Comhairlí Áitiúla Pobail agus Coistí Bailte Slachtmhara a ghríosú chun ról níos lárnaí a ghlacadh san fheachtas chun bruscar a dhíbirt ó bhailte agus ó shráidbhailte Chontae Mhaigh Eo. Cuidíonn an comórtas seo le haird a dhíriú ar bhruscar: ar an méid atá ann agus ar an tionchar a imríonn sé ar phobail áitiúla. Bronntar duaiseanna chomh maith ar na pobail sa chéad agus sa dara háit i ngach grúpa. Cuireadh go leor spéise sa chomórtas seo, agus ghlac 30 grúpa páirt ann in 2009. Meastar to dtiocfaidh méadú ar líon na n-iontrálaithe an bhliain seo chugainn, agus go gcabhróidh sé seo go mór le haird a dhíriú ar fhadhb an bhruscair sna bailte agus sráidbhailte seo againne. Roinneadh na hiontrálaithe sna catagóirí a leanas:
Grúpa A Bailte móra (daonra os cionn 1,000)
Grúpa B Bailte níos lú (daonra 500-1000)
Grúpa C Sráidbhailte móra (daonra <500)
Grúpa D Sráidbhailte/Pobail níos lú
Grúpa A Buaiteoir Crois Mhaoilíona
Dara háit Béal Átha hAmhnais
Grúpa B Buaiteoir Muine Conalláin
Dara háit An Mhala Raithní
Grúpa C1 Buaiteoir Partraí
Dara háit An Clochar
Grúpa C2 Buaiteoir Baile na Cora
Dara háit Oileán Éadaí
Grúpa D Buaiteoir Poll Raithní
Dara háit Cill Chiaráin
Rannóg Comhshaoil
An Dara hUrlár, Comhairle Contae Mhaigh Eo
Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh
Teileafón : Teileafón: (094)902 44 44
R-phost : R-phost:Environment@mayococo.ie
Uaireanta Oscailte: 9:30 r.n. go 1:00 i.n.
agus 2:00 i.n. go 4:30 i.n.
