Oideachas agus Pobal: Gradaim do Phobail níos Glaine
Gradaim do Phobail níos Glaine
I dtreo is go gcomhlíonfar na spriocanna ata ag Comhairle Contae Mhaigh Eo an comhshaol a chosaint agus a chur chun cinn, reáchtálann siad Feachtas um Phobail níos Glaine chuile bhliain. Glacann grúpaí pobail, scoileanna, coistí bailte slachtmhara srl. páirt san fheachtas seo, a bhfuil sé i gceist aige mórtas a chothú i measc an phobail as a gcuid timpeallachta féin.
Bronnadh gradaim i gcúig chatagóir in 2009:
1 Gradam Sáriarrachta ar son an Chomhshaoil
2 An tEastát Tithíochta is Slachtmhaire
3 An Scoil is Slachtmhaire
4 An Reilig is Slachtmhaire
5 Gradam Tuillte go Speisialta
Seo a leanas buaiteoirí na gcatagóirí sin 2009:
Gradam Sáriarrachta ar son an Chomhshaoil
1ú Achadh Ghobhair
2ú Baile Chathail
3ú Béal Átha hAmhnais
An tEastát Tithíochta is Slachtmhaire
1ú Cúirt an Chaisleáin, Béal an Átha
2ú Céide Aislinge, Béal Átha hAmhnais
3ú Barr na hÁille / Luí na Gréine, Clár Chlainne Mhuiris
An Scoil is Slachtmhaire
1ú Scoil Náisiúnta Ghort Mhic Shiurdáin
2ú Scoil Náisiúnta Newtown White
3ú Scoil Náisiúnta Ghleann Chaisil
An Reilig is Slachtmhaire
1ú Reilig Eadargúil
2ú Reilig Bhaile an Daighin
3ú Reilig Lios na Maothaile
Gradam Tuillte go Speisialta
Bronnadh an gradam seo den chéad uair in 2009 chun aitheantas a thabhairt do shárobair a chuireann go mór le timpeallacht an phobail. Is iad buaiteoirí na duaise seo in 2009 ná:
Club Vario, Estát na gCnoc Glas, Béal an Átha
