Tá tú anseo: Baile > Na Seirbhísí > Cosaint Shibhialta

Eolas Gaolmhar

Seirbhísí: Cosaint Shibhialta

Civil defence collage
Colláis de chuid na Cosanta Sibhialta

Cosaint Shibhialta Mhaigh Eo


Is eagraíocht í an Chosaint Shibhialta atá lonnaithe sa phobal agus is cúl taca í do na seirbhísí éigeandála. Tá meascán maith sna Baill Chosanta Sibhialta ó thaobh na fostaíochta, aoise, oideachais, culra sóisialta agus cumas coirp de. Ba cheart do Chosaint Shibhialta Mhaigh Eo bheith in ann tacaíocht a thabhairt do na seirbhísí tosaigh éigeandála i ngéarchás éigeandála. Tá an Chosaint Shibhialta in ann uisce a chur ar fáil, seirbhísí cuardaigh agus tarrthála a sholáthar, chomh maith le seirbhísí eile a mbeadh gá leo cois abhann nó cois locha sa chontae. Tig le Cosaint Shibhialta Chontae Mhaigh Eo seirbhísí garchabhrach agus otharcharr a chur ar fáil agus maoirseacht a dhéanamh ag imeachtaí áitiúla. Cuidíonn Cosaint Shibhialta Chontae Mhaigh Eo le tacaíocht sábhála a eagrú ag imeachtaí uisce. Eagraítear bunchúrsaí tarrthála agus bunchúrsaí saothair ag an Chosaint Shibhialta do scoileanna agus d’eagraíochtaí pobail. Sa bhliain 2000 ceiliúradh comóradh an leathchéid de bhunú na Cosanta Sibhialta.


Cosaint Shibhialta


An Meal
Caisleán an Bharraigh
Co. Mhaigh Eo



Teileafón : (094) 902 44 44
R-phost : rdoherty@mayococo.ie