Tá tú anseo: Baile > Na Seirbhísí > Deontais Ardoideachais (DAO)

Eolas Gaolmhar

Deontais Ardoideachais


Scéim na nDeontas Ardoideachais, 2010-2011: Déan iarratas air anois!


Tá Comhairle Contae Mhaigh Eo ag glacadh le hiarratais faoi láthair ar Scéim na nDeontas Ardoideachais don bhliain 2010-2011.  Is féidir foirm iarratais, na sceidil agus na treoracha a ghabhann leis a íoslódáil ón nasc thíos.  Moltar duit na Ceisteanna Coitianta thíos a léamh chomh maith sula líonann tú isteach an fhoirm iarratais.
Dréachtscéim na nDeontas Ardoideachais, 2010 - faoi réir ceadú ó bhaill tofa Chomhairle Contae Mhaigh Eo

(Document)
Dréachtscéim na nDeontas Ardoideachais, 2010 - faoi réir ceadú ó bhaill tofa Chomhairle Contae Mhaigh Eo (Leagan PDF)
Formats Available:


2010-2011: Foirm Iarratais ar Scéim na nDeontas Ardoideachais (nasc seachtrach)

(Document)
Foirm iarratais maille le nótaí míniúcháin do Scéim na nDeontas Ardoideachais 2010-2011. Tá Comhairle Contae Mhaigh Eo ag glacadh le hiarratais ar an scéim seo faoi láthair.
Formats Available:


Ceisteanna Coitianta


Céard é Scéim na nDeontas Ardoideachais?

Tá Comhairle Contae Mhaigh Eo ina riarthóir ar Scéim na nDeontas Ardoideachais de réir na Scéime reatha um Dheontais Ardoideachas atá ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.

Tá Dreachtscéim na nDeontas Ardoideachais don bhliain 2010 ar fáil anois. A luaithe is a cheadaíonn an chomhairle an scéim seo, cuirfear fógraí sna meáin áitiúla ag lorg iarratas.

Tá tacaíocht airgeadais ar fáil faoin scéim a chlúdaíonn na costais a leanas:

  • Bíonn Liúntais Chothabhála ar fáil do dhaoine atá i mbun cúrsaí formheasta in ollscoileanna agus i roinnt institiúidí oideachais eile i bPoblacht na hÉireann, i dTuaiseart Éireann agus i dtíortha eile de chuid an AE.
  • Más mac léinn fochéime thú agus tú i mbun cúrsa formheasta i bPoblacht na hÉireann amháin, agus má éiríonn leat deontas de shaghas ar bith a fháil, íocfar táille sheirbhísí na mac léinn thar do cheann chomh maith.
  • Ní íocfar táillí teagaisc i leith cúrsaí fochéime lasmuigh de Phoblacht na hÉireann.
  • Tá deontais ar fáil do mhic léinn atá i mbun cúrsaí iarchéime ar oileán na hÉireann a chlúdaíonn tháillí iomlána teagaisc, nó cuid de tháillí teagaisc, na gcúrsaí sin.

An bhfuilim i dteideal iarratas a dhéanamh ar dheontas?

Caithfidh go raibh tú i do chónaí go dleathach in Éirinn ar feadh trí cinn de na cúig bliana seo a chuaigh thart. Ba cheart d’iarratas a sheoladh chuig Comhairle Contae Mhaigh Eo amháin, más i gContae Mhaigh Eo atá do sheoladh baile.

Tugtar deontais do dhaoine a chomhlíonann na coinníollacha cónaitheachta, aoise, gnóthachtála acadúla, maoine agus náisiúntachta a leagtar síos.

Ní thugtar deontais sna cásanna a leanas de ghnáth:

  • Má tá tú ag tabhairt faoi bhliain ar an athuair, fiú mura bhfuair tú deontas an chéad uair a rinne tú an bhliain sin.
  • Má tá tú ag tabhairt faoin dara cúrsa fochéime nó iarchéime ar an leibhéal céanna, fiú mura bhfuair tú deontas don chéad cheann.

 Tabhair faoi deara ámh, go ndéantar eisceachtaí uathu seo i gcásanna áirithe – ar chúiseanna liachta mar shampla, nó má glacadh sos cúig bliana ón staidéar (oideachas athdheise).

Ní bhronntar deontais sna cásanna a leanas:

  • Má tá tú i mbun cúrsa páirtaimseartha, cúrsa ar líne, nó cúrsa cianoideachais.
  • Má fhreastlaíonn tú ar choláiste príobháideach.
  • Más mac léinn iarchéime thú a fhaigheann dámhachtain ar nós scoláireachta, duaise, sparánachta, nó táillí ó do choláiste féin, nó deontas iarchéime taighde, a bhfuil luach níos mó ná €16,000 leis. Ba cheart duit Foirm Iarchéime a chur faoi bhráid Chomhairle Contae Mhaigh Eo a luaithe agus is féidir. Ní mór do do choláiste féin an fhoirm seo a chomhshíniú agus ar a ndeimhnítear cén luach, má tá luach ar bith, leis an dámhachtain airgeadais a fhaigheann tú ón gcoláiste.
  • Má tá tú i mbun cúrsa iarchéime lasmuigh d’oileán na hÉireann.

Táim ag cuimhneamh ar dhul ag staidéar thar lear. An bhféadfainn deontas a fháil?

Braitheann sé seo ar cén áit ar mhaith leat dul agus más mac léinn bunchéime nó iarchéime thú. Seans go mbeidh tú i dteideal liúntas cothabhála más cúrsa fochéime é i gcoláiste laistigh den AE atá maonithe ag airgead poiblí. Íoctar liúntas cothabhála agus deontais táillí do mhic léinn i bPoblacht na hÉireann agus i dTuaisceart Éireann amháin.

Táim ag súil go bhfaighidh mé an Liúntas chun filleadh ar an Oideachais (BTEA). An mbeidh aon tionchar aige seo ar m'iarratas ar liúntas cothabhála?

Beidh. Ó mhí Mheán Fómhair 2010 ar aghaidh, ní bheidh mic léinn a fhaigheann an BTEA, agus atá ag tosú amach ar chúrsa nó ag dul ar aghaidh chuig cúrsa nua, i dteideal liúntas cothabhála. Is féidir le mic léinn sa chás seo ámh, iarratas a dhéanamh faoin scéim liúntas cothabhála chuí, go n-íocfar táille sheirbhísí na mac léinn agus táillí teagaisc an chúrsa thar a gceann.

Tá liúntas cothabhála ceadaithe dom. An é nach bhfuil mé i dteideal an BTEA a fháil anois dá bharr?

Ní hé, ach a luaithe is a fhaigheann tú an BTEA ní bheidh tú i dteideal an liúntas cothabhála a fháil a thuilleadh (ach íocfar táille sheirbhísí na mac léinn fós thar do cheann. Breathnaigh ar an gceist díreach roimhe seo).

An iarrthóir neamhspleách lánfhásta mé?

Is iarrthóir lánfhásta é duine atá 23 bliana d’aois ar a laghad ar 1 Eanáir den bhliain ina bhfuil siad ag tosú amach ar nó ag filleadh ar chúrsa formheasta. Is éard atá i gceist le ‘filleadh’ nó ‘athiontráil’ ar chúrsa ná a bheith ag filleadh ar an oideachas mar dhuine lánfhásta i ndiaidh briseadh trí bliana ar a laghad.

Iarrthóir spleách lánfhásta is ea duine lánfhásta a bhí ina gcónaí lena dtuismitheoirí ón 1 Deireadh Fómhair 2009.  Déanfar na hiarratais seo a mheas de réir ioncaim an iarrthóra agus a dtuismitheoirí araon.

Iarrthóir neamspleách lanfhásta is ea duine lánfhásta nach raibh ina gcónaí lena dtuismitheoirí ó 1 Dheireadh Fómhair na bliana sular thosaigh siad amach, nó sular fhill siad, ar chúrsa formheasta. Beidh ort fianaise a chruthaíonn go raibh tú i do chónaí go neamhspleách a chur le d’iarratas. Déanfar iarratais an chineáil iarrthóra seo a mheas de réir a n-ioncam féin agus ar ioncam a c(h)éile (más ann dó).

Nílim os cionn 23 bliain d’aois fós, ach nílim i mo chónaí le mo thuismitheoirí. An féidir liom iarratas a dhéanamh ar dheontas mar iarrthóir neamhspleách lánfhásta?

Ní féidir. Ní mór duit iarratas a dhéanamh mar iarrthóir nach iarrthóir neamhspleách lánfhásta é, agus sonraí d'ioncaim féin agus ioncaim do thuismitheoirí a chur leis an iarratas.

Táim díreach i ndiaidh mo chúrsa fochéime a chríochnú agus beidh mé ag tabhairt faoi chúrsa iarchéime sa bhliain 2010. Táim os cionn 23 bliain d’aois anois. An féidir liom iarratas a dhéanamh mar iarrthóir neamhspleách lánfhásta?

Ní féidir. Déantar iarratais na mac léinn a théann díreach ó leibhéal na fochéime go leibhéal na hiarchéime a mheas i gcónaí de réir chritéir na catagóire ina raibh siad sa chéad bhliain den chúrsa fochéime.

An féidir liom iarratas a dhéanamh sula bhfaighim tairiscint ar chúrsa?

Is féidir. Ba cheart duit d’iarratas a dhéanamh a luaithe agus is féidir. Má tharlaíonn sé ina dhiaidh sin go nglacann tú le cúrsa faoi bhun Leibhéal 8, cuir ar an eolas muid faoi agus cuirfimid d’iarratas díreach ar aghaidh chuig Coiste Gairmoideachais Mhaigh Eo ionas go ndéanfaidh siadsan é a mheas.

Ar mhiste leat pacáiste iarratais a chur sa phost chugam?

Níor mhiste. Seolfar pacáistí iarratais chuig iarratasóirí a luaithe agus is féidir. Déan teagmháil le Rannóg na nDeontas Ardoideachais de chuid Chomhairle Contae Mhaigh Eo chun d’ainm agus do sheoladh a chur ar an liosta seachadta.  Is féidir teagmháil a dhéanamh linn tríd an ríomhphost ar heg@mayococo.ie.

Os a choinne sin, is féidir leat foirm iarratais agus nótaí míniúcháin a íoslódáil ón suíomh idirlín seo (féach thuas).

Cén t-eolas atá ag teastáil don iarratas?

Ba cheart an fhoirm iarratais agus na nótaí míniúcháin a léamh go cúramach sula gcomhlánaíonn tú an fhoirm.

Cuirfear moill ar an bpróiseas próiseála mura bhfuil an t-iarratas comhlánaithe go hiomlán.

Caithfidh tú fianaise i leith ioncam do thuismitheoirí ó gach foinse don bhliain dár críoch 31 Nollaig 2009 a sholáthar, chomh maith le fianaise i leith d'aoise, i leith do ghnóthachtála acadúla, agus i leith do chónaitheachta. Is féidir leat seicliosta na gcáipéisí thíos a úsáid chun a chinntiú go bhfuil d’iarratas a iomláine agus is féidir leis a bheith.

 

CUID DEN FHOIRM

BUNCHÁIPÉISÍ AG TEASTÁIL. CAITHFIDH GO mBAINEANN SIAD LEIS AN mBLIAIN DÁR CRÍOCH 31 NOLLAIG 2009

 

Eolas Pearsanta “Sonraí na bpáistí spleácha”

 

Seans go n-iarrfar bunteastais bhreithe na bpáistí spleácha ar fad.

 

 

Ioncam ó fhostaíocht nó ó phinsean nach pinsean leasa shóisialaigh é.  Áirítear cnapíocaíochta a fhaightear de bharr scoir agus iomarcaíochta leis.

 

 

Ráiteas P21 ó na Coimisinéirí Ioncaim maidir le hioncam iomlán agus P60; nó P45 má bhaineann sé le hábhar; i gcás scoir, caithfear litir a fháil ón bhfostóir ina sonraítear aon chnapíocaíocht a fuarthas agus líon na mblianta a rabhthas fostaithe ann; agus i gcás iomarcaíochta teastaíonn litir ón iarfhostóir ina sonraítear cé acu gur íocadh nó nár íocadh cnapíocaíocht iomarcaíochta, an méid a íocadh, agus líon na mblianta a rabhthas fostaithe ann.  Litir nó ráiteas ó riarthóir do scéime pinsin ina dtugtar sonraí do phinsin faoi láthair.

 

 

Ioncam iomlán ó íocaíochtaí leasa shóisialaigh nó íocaíochtaí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE).

 

Ráiteas scríofa ón Roinn Coimirce Sóisialaí, ón HSE nó ón Údarás Áitiúil, ina sonraítear ainm an fhaighteora, ainm na scéime, an méid a fuarthas, dáta tosaithe na n-íocaíochtaí, agus dáta críochnaithe na n-íocaíochtaí, má bhaineann sé le hábhar. Tabhair faoi deara gur chóir an ráiteas seo a bheith le haghaidh iarratas DAO amháin, agus ní le haghaidh cúrsaí cánach. Uaireanta eisíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí ráitis le haghaidh cúrsaí cánach. Níl na ráitis seo feiliúnach d’iarratais ar DAO.

 

 

Ioncaim ó fhéinfhostaíocht, feirmeoireacht san áireamh

 

Cóip de na cuntais ar fad le haghaidh gach gnóthais; cuntas brabúis agus caillteanais ullmhaithe i gcomhair cáin ioncaim; ráiteas measúnaithe; cóip d'admháil ó sholáthróir PRSA (cuntas coigiltis scoir pearsanta) nó ó sholáthróir blianacht scoir. Sa chás nach ann do chuntais feirme, caithfear sceideal ioncam feirme a chomhlánú agus é a chur leis an iarratas maille le ráiteas measúnaithe.

 

 

Cíos agus ioncam eile ó thalamh agus réadmhaoin.

 

 

Copy of accounts for each business; Computation of profit/loss for income tax; Notice of Assessment

 

Sonraí faoi chuntais taisce agus infheistíochtaí, infheistíochtaí thar lear san áireamh

 

 

Certificates of interest/dividends/statement from the relevant financial institution for the year ended 31st December 2009

 

 

Sonraí ar liúntas cothabhála  nó aon ioncam eile a fhaightear de bharr socruithe scartha nó colscartha

 

Fianaise ar íocaíocht teaghlach aontuismitheora reatha nó foraithne ar liúntais cothabhála a éiríonn as comhaontas, ordú, nó colscaradh. Sa chás nach bhfuil comhaontas dlithiúl socruithe, ní mór mionnscríbhinn nó litir ó dhlíodóir a sholáthar ina ndeimhnítear go bhfuil tú scartha ó do chéile.

 

 

Diúscairt sócmhainní

 

Ríomhaireacht an ghnóthachain chaipitiúla don bhliain chánach a chuaigh thart, díreach mar a cuireadh faoi bhráid, nó mar a cuirfidh faoi bhráid an chigire chánach é.

 

 

Bronntanais, oidhreacht, srl.

 

Ní mór aon cháipéisíocht a bhaineann le hábhar a chur leis an iarratas; tuairiscí nó comhfhreagras leis na Coimisinéirí Ioncaim san áireamh.

 

 

Ioncaim ó fhoinsí eile nár sonraíodh aon áit eile é

 

Ní mór sonraí agus fianaise cháipéisíochta a sholáthar i leith ioncaim de shaghas ar bith eile a fuarthas le linn na bliana.

 

Tá sé ríthábhachtach go gcomhlánaítear an fhoirm go hiomlán, agus go gcuireann tú féin, agus do thuismitheoirí más gá, síniú agus dáta leis. Mura mbaineann cuid den fhoirm le do chás féin, ba chóir N/B (níl bainteach) a bhreacadh go soiléir trasna na coda sin.

An gcaithfidh mé iarratas ar leith a dhéanamh don liúntas cothabhála ar ráta speisialta?

Ní chaithfidh. Déantar iarratais a mheas i gcomhair an liúntais chothabhála ar ráta speisialta mar chuid den ghnáthphróiseas measúnaithe.

Cá háit a seolfaidh mé m’iarratas comhlánaithe?

Braitheann sé seo ar leibhéal an chúrsa a bhfuil súil agat a bheith ag tabhairt faoi. Tabharfaidh do chéad rogha ar d'fhoirm C.A.O. leid mhaith duit ina thaobh seo.

Is í Comhairle Contae Mhaigh Eo riarthóir na scéime do mhic léinn atá ag tabhairt faoi Chéim Onórach, Ard-Dioplóma, Dioplóma Iarchéime, Céim Mháistreachta, nó Céim Dhochtúireachta (Leibhéil 8-10)

Caithfidh mic léinn atá ag tabhairt faoi Chúrsa Iar-ardteistiméireachta, Teastas, Dioplóma, nó Gnáthchéim, a n-iarratais ar dheontas a chur faoi bhráid Choiste Gairmoideachais Mhaigh Eo. (nasc thíos)

Mura bhfuil tú cinnte cén leibhéal cúrsa a bhfuil tú ag tabhairt faoi, breathnaigh ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí le do thoil (nasc thíos)

Cén chaoi a ndéantar m'iarratas a mheas?

Braitheann méid an deontais a cheadaítear duit, má cheadaítear deontas ar bith duit, ar d'ioncam nó acmhainní féin, nó ar ioncaim agus acmhainní do thuismitheoirí. Is í an Roinn Oideachais agus Eolaíochta a leagann na huasteorainneacha ioncaim amach gach bliain, chomh maith le huasmhéid na ndeontas táillí agus na liúntas cothabhála.

Déantar Scéim na nDeontas Ardoideachais 2010/2011 a mheas de réir ioncam na bliana dár críoch 31 Nollaig 2009.

Má tharlaíonn sé áfach, gur tháinig claochlú ar d’imthosca ag tús na bliana 2010, agus go bhfuil an cuma air go mbeidh sé ann seasta, d'fhéadfaí d'iarratas ar dheontas a mheas agus an claochlú seasta sin curtha san áireamh. Má athraítear ar bhonn seasta an méid ioncam a fhaigheann do thuismitheoirí mar shampla, (trí laghdú ar uaireanta oibre, dífhostaíocht srl.), is féidir leat iarradh ar Chomhairle Contae Mhaigh Eo d'iarratas a mheas ar an athuair de réir an leibhéil nua ioncaim.

Tá mo dheartháir/deifiúr ag dul chuig an gcoláiste chomh maith. An mbeidh aon tionchar aige seo ar m’iarratas ar dheontas?

Beidh. Déantar na huasteorainneacha ioncaim a ardú nuair a bhíonn beirt ar a laghad as aon teaghlach amháin ag freastal ar choláistí tríú leibhéil. Tá sé ríthábhachtach go luann tú sonraí gach duine sa teaghlach ar an bhfoirm iarratais. Má cheadaítear deontas duit, d’fhéadfaí iarradh ort fianaise scríofa a sholáthar ó choláiste do dhearthár nó deirféar a dheimhníonn go bhfuil siad cláraithe ann.

Cén chaoi a gcuirfear ar an eolas mé má cheadaítear deontas dom?

Cuirfear toradh d’iarratais faoi do bhráid i bhfoirm scríofa. Seolfar an litir seo chuig an seoladh baile reatha atá agat. Tá sé tábhachtach go léann tú an litir seo go cúramach.

Is iondúil i gcás iarratas rathúil go gcaithfear coinníollacha áirithe a chomhlíonadh sula n-eisítear aon íocaíocht. Beidh Foirm Rogha Deiridh Cúrsa (FA1) faoi iamh leis an litir. Ní mór duit an fhoirm seo a chomhlánú, síniú do choláiste fháil air, agus é a sheoladh ar ais chuig an oifig seo a luaithe agus is féidir.

Má dhiúltaítear do d’iarratas ar dheontas, sonraítear na cúiseanna leis an gcinneadh sin sa litir.

Má cheadaítear deontas dom, cén chaoi a n-íocfar é?

Íoctar na liúntais cothabhála i dtrí thráthchuid: i mí Dheireadh Fómhair, mí Eanáir agus i ndiaidh na Cásca de ghnáth. Seoltar na seiceanna chuig Oifig Airgeadais do choláiste féin, agus beidh ort bileog dheimhnithe a shíniú nuair a bhailíonn tú an seic.

Déanann roinnt coláistí na seiceanna a lóisteáil go díreach isteach i gcuntais bhainc na mac léinn. Tugann coláistí eile na seiceanna féin do na mic léinn. Ba cheart duit na socruithe atá ag do choláiste féin a sheiceáil.

An íocfar mo chuid táillí?

Leagfar amach sa litir ceadaithe deontais céard iad na táillí nó táille sheirbhísí na mac léinn a íocfar thar do cheann. Beidh ort an litir seo a thabhairt d'Oifig na dTáillí i do choláiste féin, agus iarradh orthu sonrasc a sheoladh chuig Comhairle Contae Mhaigh Eo chun íocaíocht a fháil i leith na dtáillí luaite ann. Íocfaimid an coláiste go díreach nuair a fhaighimid an sonrasc. Má cheadaítear deontas le haghaidh táillí nó táille sheirbhísí na mac léinn duit i ndiaidh duit féin na táillí seo a íoc, déanfaidh an coláiste an t-airgead sin a aisíoc duit.

Ní íocann Comhairle Contae Mhaigh Eo táillí ná táille sheirbhísí na mac léinn ar ais díreach do mhic léinn.

An mbeidh orm iarratas a dhéanamh arís an bhliain seo chugainn?

Déantar roinnt iarratas rathúil a mheas ar an athuair gach bliain.

Mura n-éiríonn le m’iarratas, an féidir liom é a thabhairt faoi achomharc?

Is féidir. Ba cheart duit achainí ar achomharc a chur faoi bhráid Chomhairle Contae Mhaigh Eo. Mura bhfuil tú sásta le toradh an athbhreithnithe sin, tá sé de cheart agat é a thabhairt faoi achomhrac chuig an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.

An féidir liom m’iarratas a tharraingt siar?

Is féidir. Cuir ar an eolas muid faoi agus cuirfimid d'iarratas ar ceal.

Cé leis a ndéanfaidh mé teagmháil má bhíonn ceist agam?

Déan teagmháil le Rannóg na nDeontas Ardoideachais de chuid Chomhairle Contae Mhaigh Eo. Bíonn na hoifigí seo againne ar oscailt ó 9:00 r.n. – 1:00 i.n., agus ó 2:00 i.n. – 5:00 i.n. ó Luan go hAoine (cé is moite de laethanta saoire poiblí).

Seoladh:         Rannóg na nDeontas Ardoideachais, Comhairle Contae Mhaigh Eo, An Chéad Urlár, Áras an Chontae, An Meal, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo. Ríomhphost:             heg@mayococo.ie
Teil:     094 9024444
Facs:                 094 9047568
 

Naisc Áisiúla:

Fógra Tábhachtach

Má dhéanann tú féin, do thuismitheoir(í), do chaomhnóir dlithiúil, do chéile nó do pháirtí, de réir mar a bhaineann sé le hábhar, ráiteas bréagach go feasach, nó má choinníonn siad eolas faoi rún go feasach, caillfidh tú do dheontas agus beidh ort aon chuid den deontas a fuair tú go dtí sin a aisíoc. D’fhéadfaí an dlí a chur ort féin, ar do thuismitheoir(í), ar do chéile nó ar do pháirtí, de réir mar a bhaineann sé le hábhar, agus d'fhéadfadh fíneáil, téarma príosúnachta, nó an dá rud a bheith mar thoradh air sin.


An Rannóg um Ghnóthaí Corparáideacha


An Chéad Urlár
Comhairle Contae Mhaigh Eo
Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh
Teileafón : (094) 90 24444
R-phost : heg@mayococo.ie
9:00 r.n. - 1:00 i.n.
agus 2:00 i.n. - 5:00 i.n.

Lean muid ar Facebook Visit us on Facebook.