Ceisteanna Coitianta
Ceisteanna coitianta faoin gcóras nua mótarchánach bunaithe ar CO2.
Cén chaoi a bhfuiltear ag athrú an modh ríomha mótarchánach?
I gcás carranna nua a chláraítear ó 1 Iúil 2008 ar aghaidh, déanfar an muirear mótarchánach a ríomh de réir an ráta astaíochta CO2 atá acu, bunaithe ar seacht mbanda CO2. Gearrfar muirear a réimseoidh ó €100 sa bhliain do na carranna is glaise ó thaobh an chomhshaoil de go dtí €2,000 do charranna leis an rátáil astaíochta is airde.
Rátaí: Déanfar rátaí mótarchánach a ghrádú de réir mar a théitear suas sna bandaí CO2, mar a leanas:
|
Banda |
Astaíochtaí CO2 – graim/km |
Ráta Bliantúil Mótarchánach |
|
Banda A |
nach mó ná 120 gram sa chiliméadar |
€100 |
|
Banda B |
breis is 120 gram sa chiliméadar ach nach mó ná 140 gram sa chiliméadar |
€150 |
|
Banda C |
breis is 140 gram sa chiliméadar ach nach mó ná 155 gram sa chiliméadar |
€ 290 |
|
Banda D |
breis is 155 gram sa chiliméadar ach nach mó ná 170 gram sa chiliméadar |
€ 430 |
|
Banda E |
breis is 170 gram sa chiliméadar ach nach mó ná 190 gram sa chiliméadar |
€ 600 |
|
Banda F |
breis is 190 gram sa chiliméadar ach nach mó ná 225 gram sa chiliméadar |
€1,000 |
|
Banda G |
breis is 225 gram sa chiliméadar |
€2,000 |
Céard iad na feithiclí a mbaineann an córas nua leo?
Cairr nua, arna gclárú ag na Coimisinéirí Ioincaim do cháin chláirithe feithicle ar 1 Iúil 2008 nó ina dhiaidh sin, mar fheithicil i gcatagóir A, .i. carr paisinéirí.
Gearrfar mótarcháin ar charranna nua arna gclárú idir 1 Eanáir 2008 agus 30 Meitheamh 2008 de réir mhéid an innill i dtús báire. Má théann sé chun leasa na gcarranna sin aistriú go dtí an córas mótarchánach CO2-bunaithe, déantar an t-aistriú sin agus an mhótarcháin á hathnuachan den chéad uair tar éis 1 Iúil 2008. I gcás carranna arna gclárú sa chéad dá ráithe den bhliain 2008 agus ar mhó an muirear mótarchánach a bheadh le híoc orthu faoin gcóras nua CO2-bunaithe, leanfaidh siad orthu ag íoc mótarchánach de réir mhéid an innill.
Céard é an bunús dlí atá leis an athrú seo?
An tAcht um Mótarfheithiclí (Dleachtanna agus Ceadúnais) 2008 a achtaíodh ar an 26 Márta 2008.
Céard faoi charranna a cláraíodh roimh Eanáir 2008?
Leanfar le cáin a ghearradh ar charranna a cláraíodh roimh 2008, ar a n-áirítear allmhairithe, sna blianta atá romhainn, faoin gcóras mótarchánach atá ann cheana agus a bhaineann le méid an innill (c.c.).
Cén chaoi a mbeifear ar an eolas maidir le leibhéal CO2?
Sula gcuirtear carr nua ar díol san Eoraip, ní mór dó dul faoi shraith tástálacha lena chinntiú go mbíonn na caighdeáin cheadaithe maidir le sábháilteacht, tionchar ar an gcomhshaol, srl., bainte amach aige. Cineálcheadú a thugtar ar an bpróiseas seo agus eisítear Deimhniú Comhlíonta do gach carr a bhaineann amach na caighdeáin cheadaithe.
I measc na sonraí a áirítear ar an Deimhniú Comhlíonta tá leibhéal astaíochta CO2 an chairr. Is é an t-eolas seo a bheidh in úsáid chun chríche cánachais do cháin chláraithe feithicle (VRT) agus do mhótarcháin araon.
Is iad na Coimisinéirí Ioncaim a fhaigheann eolas ar an rátáil CO2 ar dtús agus iad ag gearradh cáin cláraithe feithicle (VRT) air, agus cuirtear an t-eolas sin ar aghaidh chuig an mbunachar sonraí náisiúnta feithicle lena úsaid i ndáil le riaradh an chórais mótarchánach. Sa chás nach mbíonn fáil ar Dheimhniú Comhlíonta agus sa chás nach mbíonn na Coimisinéirí Ioncaim sásta maidir le rátáil 2 cairr agus tagairt á dhéanamh acu do dhoiciméid tacaíochta éigin eile, éileofar ar úinéir an chairr an ráta mótarchánach is airde a íoc. Beidh an cur chuige céanna i bhfeidhm maidir le cáin cláraithe feithicle (VRT).
Céard a tharlóidh maidir le carranna arna gclárú idir Eanáir 2008 agus Meitheamh 2008?
Maidir le carranna nua a cláraíodh idir 1 Eanáir 2008 agus 30 Meitheamh 2008
gearrfar mótarcháin orthu ar dtús de réir an chórais atá bunaithe ar mhéid an
innill (c.c.) atá ann cheana. Aistreofar mótarcháin maidir le carr a astaíonn
níos lú CO2 agus arna chlárú idir 1 Eanáir 2008 agus 30
Meitheamh 2008, áfach, go dtí an ráta mótarchánach CO2-bunaithe atá níos ísle
agus an mhótarcháin á hathnuachan den chéad uair tar éis 1 Iúil 2008, (nuair a
chuirfear tús leis an gcóras nua CO2–bhunaithe). I gcás carranna arna gclárú sa
chéad dá ráithe den bhliain 2008 agus ar mhó an muirear mótarchánach a bheadh
le híoc orthu faoin gcóras nua CO2-bhunaithe, leanfaidh siad orthu ag íoc
mótarchánach de réir mhéid an innill.
Céard a tharlóidh maidir le carranna ó 2008 arna gclárú thar lear i dtús báire agus arna gclárú in Éirinn ansin ar an 1 Iúil 2008 nó ina dhiaidh sin?
Beidh mótarcháin madir le carranna arna gclárú taobh amuigh den Stát ar 1 Eanáir 2008 nó ina dhiaidh sin, agus arna gclárú sa Stát ansin ar 1 Iúil 2008 nó ina dhiaidh sin bunaithe ar an gcóras nua CO2.
An mbeidh dhá chóras ar leithligh ann le cáin a ghearradh ar charr?
Beidh. Ón Iúil 2008 beidh dhá chóras cánach ar leithligh ann do charranna. Leanfar le cáin a ghearradh ar charranna atá faoin gcóras mótarchánach reatha bunaithe ar mhéid an innill (c.c.). Gearrfar cáin ar charranna nua arna gclárú ón 1 Iúil 2008 de réir a leibhéil astaíochta CO2. Aistreofar carranna nua arna gclárú sa chéad dá ráithe de 2008 chuig an gcóras CO2 agus an mhótarcháin á hathnuachan den chéad uair tar éis 1 Iúil 2008, má bhíonn an ráta cánach CO2-bhunaithe níos ísle.
Cén chúis atá le córas nua a thabhairt isteach?
Is é cuspóir shoiléir an chórais mótarchánach nua tionchar a bheith aige ar thomaltóirí agus iad ag déanamh cinnidh maidir le carr a cheannach, trí bhuntáiste a thabhairt do dhaoine a cheannaíonn carranna le hastaíocht níos ísle. Tá buntáiste le fáil as feithiclí le hastaíocht níos ísle a cheannach agus gearrfar préimhíocaíocht ar fheithiclí le hastaíocht ard CO2.
Cén chaoi a mbeidh a fhois agam gur carr glan a bheidh sa charr atá ar intinn agam a cheannach?
Tá an Roinn Comhshaoil ag cur córas lipéadaithe i bhfeidhm do charranna. Beidh an lipéad seo cosúil leis an lipéad atá ar earraí bána – fearais tí mar shampla – agus taispeánfaidh sé leibhéal astaíochta CO2 an chairr. Chomh maith leis sin tabharfaidh sé eolas ar nós an ráta VRT don charr. Ní mór do gach garáiste agus díoltóir mótair an lipéad a chur ar taispeáint do gach carr a thairgtear le díol.
Chun eolas a fháil maidir le hathruithe sa Cháin Cláraithe Feithicle, déan teagmháil le d’oifig Ioncaim áitiúil le do thoil, nó breathnaigh ar www.revenue.ie.
