Tá tú anseo: Baile > Na Seirbhísí > Mótarcháin > CCanna

Eolas Gaolmhar

Córas cánach bunaithe ar CO2 á chur i bhfeidhm ar charranna.


Gliogáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil ar an gcóras nua seo.

Athruithe don Chóras Ceadaithe Tiomána, fógartha 25 Deireadh Fómhair 2007

Tá tuilleadh eolais ar an gceist seo ar fáil ar shuíomh idirlín an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre www.rsa.ie

Cuirfear eolas ar fáil duit sa cháipéis seo ar na hathruithe a chuirfear i bhfeidhm ar an gcóras ceadaithe tiomána.
Baineann na hathruithe seo le tiománaithe faoi oiliúint, agus tugtar aitheantas don dream seo mar ghrúpa soghonta tiománaithe. Is é aidhm na n-athruithe béim a leagan ar thábhacht na tréimhse oiliúna sin do thiománaithe, agus is chuige sin atá ceadúnais foghlaimeora á n-eisiúint anois in áit na gceadúnas sealadach. Cuirtear béim chomh maith ar an ról tábhacht atá ag an tiománaí a bhíonn in éineacht leis an tiománaí faoi oiliúint.

Tá sé i gceist againn líon agus réimse na gcoinníollacha ar thiománáithe faoi oiliúint a fhairsingiú de réir a chéile agus córas céimnithe ceadaithe a fhorbairt.  Sa chóras nua seo, cuirfear sriantaí agus coinníollacha éagsúla i bhfeidhm ar thiománaithe ar gach céim. Beidh na srianta seo i bhfeidhm le linn na tréimhse a bhíonn siad faoi oiliúint agus sna blianta tosaigh i ndiaidh dóibh láncheadúnas a bhaint amach.

Tugtar sonraí beachta thíos ar gach ceann de na hathruithe is déanaí, chomh maith le ceisteanna agus freagraí chun impleachtaí na n-athruithe céanna a léiriú.

Tá ceadúnais foghlaimeora á n-eisiúint anois in áit ceadúnas sealadach ionas go léireofar go sonrach é go bhfuil na tiománaithe seo fós ar phromhadh agus ag foghlaim scil na tiomána. Beidh na ceadúnais shealadacha a eisíodh roimhe so bailí i gcónaí go dtí dáta a n-éaga. Má dhéantar é a athnuachan, eiseofar ceadúnas foghlaimeora don sealbhóir.

C: Cén uair a thosófar ag eisiúint ceadúnais foghlaimeora?
F: Beidh ceadúnais foghlaimeora á n-eisiúint ón 30 Deireadh Fómhair 2007 ar aghaidh.
C: An mbaineann córas an cheadúnais foghlaimeora le gach catagóir de cheadúnas tiomána?
F: Baineann córas an cheadúnais foghlaimeora le gach catagóir de cheadúnas tiomána.
C: An bhfuil aon athrú ar thréimhse bhailíochta nó ar chostas an cheadúnais foghlaimeora le hais ceadúnais shealadaigh?
F: Níl.  Is ionann an tréimhse bhailíochta agus an costas atá ar an dá chineál ceadúnais.
C: An gcuirfear aon athruithe i bhfeidhm faoi chóras nua na gceadúnas foghlaimeora?
F: Beidh roinnt athruithe i gceist do thiománaithe atá faoi cheadúnas foghlaimeora.  Tugtar sonraí na n-athruithe sin thíos. Cuirfear na hathruithe céanna i bhfeidhm ar thiománaithe atá faoi cheadúnas sealadach.

Ní mór do shealbhóir ceadúnas foghlaimeora (ceadúnas sealadach) i gcatagóir B (Carr) a bheith in éineacht le agus faoi mhaoirseacht duine cáilithe i gcónaí.  Athraíonn sé seo an díolúine a bhí ag daoine i seilbh an dara ceadúnas sealadach agus a thug cead tiomána dóibh gan éinne a bheith in éineacht leo. Is cion coiriúil é a bheith ag tiomáint i d'aonar, agus cuirfear an dlí ar an té nach gcloíonn leis an riail seo.

C: Cén uair a thiocfaidh an riail nua seo i bhfeidhm?
F: Tiocfaidh sí i bhfeidhm ar an 30 Deireadh Fómhair 2007.
C: Bímse ag tiomáint cairr faoi láthair agus an dara ceadúnas foghlaimeora (ceadúnas sealadach) agam.  Níor ghá le héinne a bheith in éineacht liom go dtí seo a fhad is a bhí an ceadúnas áirithe seo agam. An gcaithfidh duine a bheith in éineacht liom as seo amach?
F: Caithfidh.  Ní mór do dhuine cáilithe a bheith sa charr in éineacht le gach duine a bhíonn ag tiomáint faoi cheadúnas foghlaimeora (ceadúnas sealadach).
C: D’éirigh liom sa tástáil tiomána i bhfeithicil le tras-seoladh uathoibríoch, agus tá ceadúnas foghlaimeora (ceadúnas sealadach) agam anois do charr le tras-seoladh láimhe.  An bhfuil cead agam an carr seo a thiomáint i m’aonar?
F: Níl cead.  Ní mór duine cáilithe a bheith in éineacht leat go dtí go n-éiríonn leat sa tástáil tiomána i gcarr le tras-seoladh láimhe.
C: Céard iad na catagóirí de cheadúnas tiomána ina bhfuil sé riachtanach don sealbhóir ceadúnas foghlaimeora a bheith faoi mhaoirseacht duine cáilithe?
F: Ní mór do shealbhóirí ceadúnas foghlaimeora (ceadúnas sealadach) d’fheithiclí i gcatagóir B, C1, C, D1, D, EB, EC1, EC, ED1, nó ED (.i. cairr, trucailí, busanna, agus feithiclí altacha) a bheith in éineacht le agus faoi mhaoirseacht duine cáilithe i gcónaí.

Le bheith cáilithe chun maoirseacht a dhéanamh ar thiománaí faoi oiliúint, ní mór don té sin láncheadúnas tiomána a bheith acu sa chatagóir sin d'fheithicil le dhá bhliain ar a laghad. Cion coiriúil don tiomanaí is ea é gan duine cuí-cháilithe a bheith in éineacht leo.

C: Cén uair a thiocfaidh an t-athrú seo i bhfeidhm?
F: Tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an 30 Deireadh Fómhair 2007.
C: Má bhímse ag foghlaim conas carr a thiomáint, agus má bhíonn láncheadúnas tiomána gluaisrothair nó tarracóra nó feithicle oibre ag an té a bhíonn in éineacht liom, an bhfuil an duine seo cáilithe le bheith in éineacht liom?
F: Ní bhíonn.  Ní mór don duine cáilithe a bhíonn in éineacht leat láncheadúnas tiomána a bheith acu sa chatagóir sin d’fheithicil a bhíonn tú féin ag tiomáint le dhá bhliain ar a laghad.
C: Má d’éirigh le duine éigin sa tástáil tiomána i gcatagóir éigin, an bhfuil cead acu feidhmiú mar mhaoirseoir ar thiománaí atá fós faoi oiliúint?
F: Níl cead.
C: Má bhíonn láncheadúnas tiomána le haghaidh feithicle le tras-seoladh uathoibríoch ag duine le dhá bhliain, an bhfuil cead acu feidhmiú mar mhaoirseoir ar thiománaí atá fós faoi oiliúint?
F: Tá cead, a fhad is go bhfuil an tiománaí faoi oiliúint ag tiomáint feithicle sa chatagóir chéanna le tras-seoladh uathoibríoch. Má bhíonn an té faoi oiliúint ag tiomáint cairr le tras-seoladh láimhe, caithfidh láncheadúnas tiomána feithicle le tras-seoladh láimhe a bheith ag an duine cáilithe in éineacht leo le dhá bhliain ar a laghad.
C:Má bhíonn ceadúnas foghlaimeora (ceadúnas sealadach) agam sa chatagóir C1 (trucail bheag), an bhfuil cead ag duine a bhfuil láncheadúnas tiomána i gcatagóir B le dhá bhliain, agus láncheadúnas i gcatagóir C1 le bliain amháin, teacht in éineacht liom?
F: Níl cead. Ní mór don duine cáilithe a théann in éineacht leat láncheadúnas tiomána a bheith acu le dhá bhliain ar a laghad sa chatagóir sin d’fheithicil a bhíonn tú féin ag tiomáint, is é sin catagóir C1 sa chás seo.
C: Má bhí láncheadúnas tiomána ag an duine cáilithe le sé bliana anuas, ach má bhí sé dícháilithe ón tiomáint le dhá bhliain de na trí bliana a chuaigh thart, an bhfuil cead aige a bheith ina mhaoirseoir ar thiománaí faoi oiliúint?
F: Níl cead. Ní mór don duine cáilithe, faoin tráth a bhíonn tusa ag tiomáint, láncheadúnas tiomána a bheith acu le dhá bhliain ar a laghad sa chatagóir sin d’fheithicil a bhíonn tú féin ag tiomáint. Ní fhéadfadh sé a bheith dícháilithe ar feadh tréimhse ar bith le linn an dá bhliain atá thart.

Is cion coiriúil é do thiománaí gluaisrothair le ceadúnas foghlaimeora (ceadúnas sealadach) paisinéir a iompar.

C: Cén uair a thiocfaidh an t-athrú seo i bhfeidhm?
F: Tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an 30 Deireadh Fómhair 2007.
C: An bhfuil cead agam paisinéir a iompar ar ghluaisrothar i gcatagóir ar bith a bhfuil ceadúnas foghlaimeora (ceadúnas sealadach) agam ina leith?
F: Níl cead.  Ní mór láncheadúnas tiomána a bheith agat don ghluaisrothar sula mbíonn cead agat paisinéir a iompar.
C: An bhfuil cead agam paisinéir a iompar ar ghluaisrothar i gcatagóir A atá á thiomáint agam faoi cheadúnas foghlaimeora (ceadúnas sealadach) má bhíonn láncheadúnas tiomána agam do ghluaisrothar i gcatagóir A1?
F: Níl cead.
C: Má éiríonn liom sa tástáil tiomána gluaisrothair, an bhfuil cead agam paisinéir a iompar?
F: Níl cead.  Caithfidh tú an teastas inniúlachta (teastas a dhearbhaíonn gur éirigh leat sa tástáil tiomána) a mhalartú agus láncheadúnas tiomána a fháil ar dtús sula mbíonn cead agat paisinéir a iompar.

Is cion coiriúil é do dhuine le ceadúnas foghlaimeora (ceadúnas sealadach) i gcatagóir W (tarracóir nó feithicil oibre) paisinéir a iompar mura bhfuil an fheithicil déanta nó curtha in oiriúint do phaisinéir a iompar, agus ní mór don phaisinéir féin a bheith cáilithe .i. láncheadúnas tiomána a bheith acu sa chatagóir sin d'fheithicil le dhá bhliain ar a laghad.

C: Cén uair a thiocfaidh an t-athrú seo i bhfeidhm?
F: Tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an 30 Deireadh Fómhair 2007.
C: Cén uair is ceadmach dom paisinéir a iompar?
F: Is ceadmhach duit paisinéir a iompar nuair a bhíonn láncheadúnas tiomána ag an bpaisinéir féin sa chatagóir sin d’fheithicil le dhá bhliain ar a laghad, agus nuair a bhíonn an fheithicil féin déanta nó curtha in oiriúint do phaisinéir a iompar.
C: An bhfuil cead agam paisinéir cuí-cháilithe a iompar nuair nach mbíonn suíochán paisinéara san fheithicil?
F: Níl cead.  Caithfidh an fheithicil a bheith déanta nó curtha in oiriúint do phaisinéir a iompar.

Is cion coiriúil é d’éinne a bhíonn ag tiomáint faoi cheadúnas foghlaimeora (ceadúnas sealadach) i gcatagóir ar bith, paisinéir a iompar ar íocaíocht.

C: Cén uair a thiocfaidh an t-athrú seo i bhfeidhm?
F: Tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an 30 Deireadh Fómhair 2007.
C: An bhfuil cead agam paisinéir a iompar ar íocaíocht mar chuid de mo phost?
F: Níl cead agat a fhad is a bhíonn tú ag tiomáint faoi cheadúnas foghlaimeora (ceadúnas sealadach).
C: An bhfuil cead agam paisinéir a iompar ar íocaíocht má bhíonn ceadúnas foghlaimeora (ceadúnas sealadach) agam i gcatagóir D1 chun mionbhus a thiomáint.
F: Níl cead agat a fhad is a bhíonn tú ag tiomáint faoi cheadúnas foghlaimeora (ceadúnas sealadach).

Is cion coiriúil é do dhuine a bhfuil ceadúnas foghlaimeora (ceadúnas sealadach) acu sna catagóirí B, C1, C, D1, D, EB, EC1, EC, ED1 nó ED, feithicil sa chatagóir sin a thiomáint gan plátaí nó comharthaí cuí a bheith á dtaispeáint go hingearach agus go soiléir ar thosach ar chúl na feithicle.  Caithfid h na plátaí nó comharthaí seo a bheith dronuilleogach, 15cm ard ar a laghad, agus an litir 'L' a bheith léirithe orthu i ndath dearg ar chúlra bán.

C: Cén uair a thiocfaidh an t-athrú seo i bhfeidhm?
F: Tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an 30 Deireadh Fómhair 2007.
C: An gcaithfidh mé plátaí ‘L’ a thaispeáint nuair a bhíonn láncheadúnas tiomána agam i gcatagóir B ach nuair nach mbíonn ach ceadúnas foghlaimeora agam i gcatagóir C (trucail) nó catagóir D1 (mionbhus)?
F: Caithfidh tú plátaí ‘L’ a thaispeáint ar an trucail nó ar an mionbhus atá á thiomáint agat mura bhfuil agat ach ceadúnas foghlaimeora.

Is cion coiriúil é do dhuine le ceadúnas foghlaimeora (ceadúnas sealadach) sna catagóirí B, C1, C, D1, nó D, feithicil sa chatagóir sin a thiomáint agus leantóir ceangailte de.

C: An bhfuil cead agam leantóir a tharraingt má bhíonn láncheadúnas tiomána agam i gcatagóir B ach nuair nach mbíonn ach ceadúnas foghlaimeora agam i gcatagóir C1 (trucail bheag).
F: Níl cead agat trucail agus leantóir ceangailte de a thiomáint a fhad is nach bhfuil ach ceadúnas foghlaimeora (ceadúnas sealadach) agat don trucail. Ní mór dó a bheith sonraithe ar do cheadúnas foghlaimeora (ceadúnas sealadach) go bhfuil tú i dteideal leantóir a tharraingt le feithicil sa chatagóir sin.

Ní mór do thiománaithe gluaisrothair faoi oiliúint plátaí ‘L’ a thaispeáint ar veist shofheicthe.

C: Ó cén lá a bheidh iallach ar thiománaithe gluaisrothair faoi oiliúint plátaí ‘L’ a thaispeáint ar veist shofheicthe?  
F: Tiocfaidh an riail seo i bhfeidhm ar 1 Nollaig 2007.
C: Cé hiad na tiománaithe gluaisrothair faoi oiliúint a chaithfidh plátaí ‘L’ a thaispeáint ar veist shofheicthe?
F:  Ní mór do gach duine le ceadúnas foghlaimeora (ceadúnas sealadach) sa chatagóirí A, A1, nó M, veist bhuí shofheicthe chuí a chaitheamh thar éadaigh an bhrollaigh aon uair a bhíonn siad ag tiomáint feithicle sa chatagóir sin.  Ní mór don litir ‘L’ a bheith léirithe go hingearach ar an veist chuí seo i ndath dearg ar chúlra bán, agus é a bheith 15cm ard ar a laghad. Caithfidh na plátaí a bheith le feiceáil ar bhrollach agus ar dhroim an duine. Cion coirúil a bheidh ann mura dtaispeánfar na plátaí ‘L’.
Níl cead ag duine arb é an chéad uair dóibh ceadúnas foghlaimeora (ceadúnas sealadach) a fháil, an tástáil tiomána a dhéanamh laistigh de shé mhí ó dháta tosaigh an cheadúnais.
Cén uair a thiocfaidh an t-athrú seo i bhfeidhm?
F.  Bainfidh an t-athrú seo le daoine a bhfuil coinne acu an tástáil tiomána a dhéanamh ar 1 Nollaig 2007 nó ina dhiaidh, agus a bhfuil ceadúnas foghlaimeora (ceadúnas sealadach) acu ar feadh tréimhse níos lú ná sé mhí. Beifear ag socrú tástálacha tiomána suas go dtí an dáta seo, agus ní chuirfear na hathruithe i bhfeidhm ar dhaoine a bhfuil coinne déanta acu cheana féin don tástáil.
C: An mbaineann an t-athrú seo le gach catagóir de cheadúnas?
F: Baineann sé cinnte le gach catagóir de cheadúnas.
C: Cén chiall atá leis an tréimhse riachtanach sé mhí seo?
F:  Is é fheidhm an cheadúnais foghlaimeora (an cheadúnais shealadaigh) deis a thabhairt don tiománaí faoi oiliúint taithí a fháil ar an tiomáint. De réir taighde, dá fhad is a bhíonn foghlaimeoir faoi mhaoirseacht is amhlaidh is lú seans dó a bheith páirteach i dtimpiste. Is mar gheall air seo atá an tréimhse sé mhí á cur i bhfeidhm.
C: Tá mo chéad cheadúnas foghlaimeora (ceadúnas sealadach) agam le tréimhse níos lú na sé mhí. Tá coinne déanta agam cheana féin don tástáil tiomána. An bhfuil cead agam an tástáil a dhéanamh?
F: Tá cead.  Tá an riail seo á cur i bhfeidm ar 1 Nollaig 2007 agus níor chóir go gcuirfidh sé isteach ar choinní a rinneadh cheana féin do thástálacha tiomána.