Tá tú anseo: Baile > Na Seirbhísí > Mótarcháin > Gnásanna Mótarchánach > Aisíocaíocht Mótarchánach

Eolas Gaolmhar

Mótarcháin: Aisíocaíochtaí


Gnásanna


Gliogáil anseo, le do thoil, chun do chuid mótarchánach a íoc ar líne

Ní mór a mheabhrú gur gá d’iarratasóirí an diosca cánach ábhartha a thabhairt suas láithreach mar go n-áirítear aisíocaíochtaí ón gcéad lá den mhí tar éis an diosca a thabhairt suas. Ní mór trí mhí féilire, ar a laghad, a bheith fágtha ar an diosca nuair a thugtar suas é. 

Is féidir iarratas ar aisíocaíocht a dhéanamh san oifig áitiúil mótarchánach, ar an fhoirm RF120, sna cásanna seo a leanas:

  • Tá an fheithicil briste/millte nó curtha amach as an stát go buan
  • Tá an fheithicil goidte agus níor tháinig an t-úinéir air
  • Níor baineadh úsáid as feithicil ar a raibh diosca cánach in aon áit phoiblí ag am ar bith ón uair a heisíodh an diosca
  • Tá úinéir na feithicle tar éis stopadh á úsáid de bharr tinnis, gortaithe nó míchumas fisiciúil eile
  • Tá úinéir na fheithicle tar éis stopadh á úsáid mar thoradh ar sheirbhís thar sáile le hÓglaigh na hÉireann.

Rannóg Mótarchánach

Google Map to Rannóg Mótarchánach (external link; opens new window)
Páirc an Ghleanna,
An Meal,
Caisleán an Bharraigh,
Co. Mhaigh Eo


Teileafón : (094) 902 44 44
R-phost : Motortax@mayococo.ie
Uaireanta Oscailte: 9:30 r.n. -3:00 i.n.

Tabhair faoi deara: Bíonn Oifigí Mótarchánach Bhéal an Átha agus Bhéal an Mhuirthead ar oscailt ó
9:30 r.n. - 12:45 i.n. agus 2:00 i.n. - 3:00 i.n. ón Luan go dtí an Aoine