Tá tú anseo: Baile > Na Seirbhísí > Mótarcháin > Gnásanna Mótarchánach > Feithiclí Díolmhaithe

Eolas Gaolmhar

Mótarcháin: Feithiclí Díolmhaithe


Sonraí


Tá na feithiclí seo a leanas díolmhaithe ó dhliteanas mótarcháin a íoc: -

  • Feithiclí atá faoi úinéireacht an Stáit
  • Feithiclí taidhleoireachta

  • Feithiclí atá díolmhaithe faoi Rialúcháin  na dTiománaithe agus na bPaisinéirí faoi Mhíchumas (Iamhaltais Chánach) 1994 (S.I.No. 353 de 1994)

  • Feithiclí (aon rothar a bhfuil ceangaltán gluaiste leis a oibríonn trí chumhacht mheicniúil san áireamh) nach sáraíonn 400 KG ó thaobh meáchain agus a úsáidtear le haghaidh othair
  • Feithiclí a úsáidtear chun fearas slándála a iompar (carraeireacht nó tarraingt) a chuideoidh le caomhnú saoil agus maoine i gcásanna longbhriseachta nó anacair ar farraige

  • Feithiclí a úsáidtear d’iompar (carraeireacht nó tarraingt) innealra tógála bóthair nach bhfuil aon fheidhm eile acu ach tógáil nó deisiú bóthair
  • Cairteanna Bruscair, meaisíní scuabadh nó meaisíní spréite usice a úsáidtear chun sráideanna agus bóithre poiblí a ghlanadh
  • Otharcharanna, rollóirí bóthar agus innill dóiteáin
  • Feithiclí a choinníonn údaráis áitiúla agus a úsáidtear do ghnó na seirbhísí dóiteáin

Eolas Breise

Breathnaítear ar fheithicil altach (.i. feithicil agus leathleantóir) mar fheithicil amháin agus tá mótarcháin dlite bunaithe ar mheáchán neamhualaithe aonad an tarracóra agus ar mheáchan neamhualaithe an leathleantóra is troime.



Rannóg Mótarchánach

Google Map to Rannóg Mótarchánach (external link; opens new window)
Páirc an Ghleanna,
An Meal,
Caisleán an Bharraigh,
Co. Mhaigh Eo


Teileafón : (094) 902 44 44
R-phost : Motortax@mayococo.ie
Uaireanta Oscailte: 9:30 r.n. -3:00 i.n.

Tabhair faoi deara: Bíonn Oifigí Mótarchánach Bhéal an Átha agus Bhéal an Mhuirthead ar oscailt ó
9:30 r.n. - 12:45 i.n. agus 2:00 i.n. - 3:00 i.n. ón Luan go dtí an Aoine