Tá tú anseo: Baile > Na Seirbhísí > Mótarcháin > Scrúduithe > An Tástáil Náisiúnta Gluaisteán (TNG)

Eolas Gaolmhar

Mótarcháin: Tástáil Náisiúnta Gluaisteán (TNG)


Sonraí


Tá tástáil ar ghluaisteáin phríobháideacha (allmhairí dara láimhe san áireamh) riachtanach de réir Treoir 96/96/EC an Aontais Eorpaigh agus cuireadh tús leis in Éirinn ar an 4 Eanáir 2000. Tugtar An Tástáil Náisiúnta Gluaisteán air.

Cad iad na gluaisteáin a bhfuil tástáil le déanamh orthu?

Ní mór an tástáil a dhéanamh ar gach carr príobháideach atá breis is ceithre bliana d'aois.
Beidh an TNG dlite cothrom an lae a cláraíodh an gluaisteán den chéad uair agus beidh tástáil dlite ina dhiaidh sin gach dara bliain.

An bhfuil aon ghluaisteán díolmhaithe ón TNG?

Tá – gluaisteáin a áirítear mar ghluaisteáin seanré ar mhaithe le cúiseanna mótarchánach agus gluaisteáin atá lonnaithe go buan ar oileáin nach bhfuil ceangailte leis an mórthír le bóthar nó le bád farantóireachta róró.

An bhfuil aon fheithicil eile san áireamh sa scéim seo?

Tá – déanfar tástáil ar thacsaithe agus ar hacnaithe faoi scéim an TNG.

Cé a dhéanfaidh an TNG?

Tá conradh 10 mbliana tugtha ag an Rialtas don tSeirbhís Náisiúnta Tástála Gluaisteán (SNTG) chun an córás tástála a chur i bhfeidhm. Beidh SNTG freagrach as gréasán náisiúnta d’Ionaid TNG a fheidhmiú agus ní dhéanfaidh siad cúram d’aon ghnó eile ach don TNG.

Cá bhfuil Ionaid TNG Mhaigh Eo lonnaithe?

Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo; Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo

Cén costas a bheidh ar an TNG?

Beidh costas €48 ar an TNG agus beidh costas €27 ar ath-thástáil (má chuirtear in áirithe é laistigh de 3 seachtaine ón gcéad thástáil). Tá C.B.L. san áireamh.
Beidh ath-thástáil nach n-éilíonn úsáid lána tástála saor in aisce.

Clúdóidh ath-thástálacha mionrudaí cosúil le bolgáin soilse coscáin nó cuimilteoir gaothscátha a bheadh briste a athrú.

Cad a tharlóidh mura ndéantar tástáil ar do ghluaisteán?

Is coir é úsáid a bhaint as gluaisteán atá faoi dhliteanas tástála in áit phoiblí, gan teastas TNG. Tá pionós de €444.40 ag dul lena leithéid de choir. Ní mór d’úinéirí gluaisteán ar éirigh leo sa TNG diosca TNG a thaispeáint ar scáth gaoithe na ngluaisteán. Is ar an nGarda Síochána a bheidh an dualgas seo a chur i bhfeidhm. Chomh maith leis sin, ní chuirfidh Oifigí Mótarchánach cáin ar ghluaisteán atá faoi dhliteanas (allmhairí dara láimhe san áireamh) murar éirigh leis sa TNG.

Cá bhfaighidh mé breis eolais maidir leis an TNG?

Ba chóir ceisteanna maidir le haon ghné den TNG a chur chuig:

Seirbhísí Custaiméirí
Seirbhísí Náisiúnta Tástála Gluaisteán (SNTG)
Lakedrive 3026, Campas Gnó Citywest, Bóthar Nás na Rí, Baile Átha Cliath 24.
Íosghlao: 1890 200 670
Faics: 01 4135996
Ríomhphost: info@ncts.ie
Suíomh Lín: www.ncts.ie

Le haghaidh deimhniú áirithinte nó chun socrú eile a dhéanamh, Íosghlao 1890 412 413


Rannóg Mótarchánach

Google Map to Rannóg Mótarchánach (external link; opens new window)
Páirc an Ghleanna,
An Meal,
Caisleán an Bharraigh,
Co. Mhaigh Eo


Teileafón : (094) 902 44 44
R-phost : Motortax@mayococo.ie
Uaireanta Oscailte: 9:30 r.n. -3:00 i.n.

Tabhair faoi deara: Bíonn Oifigí Mótarchánach Bhéal an Átha agus Bhéal an Mhuirthead ar oscailt ó
9:30 r.n. - 12:45 i.n. agus 2:00 i.n. - 3:00 i.n. ón Luan go dtí an Aoine