Tá tú anseo: Baile > Na Seirbhísí > Oidhreacht > Foilseacháin

Foilseacháin


Wild Mayo


Wild Mayo: Leabhar nua faoi thírdhreach agus fhiadhúlra Mhaigh Eo.

Tá tírdhreach Mhaigh Eo ar cheann de na cinn is ilchineálaí agus is áille san tír. Áirítear ann taipéis shaibhir de bhogaidh, aibhneacha, lochanna, cnoic, thailte féaraigh, phábháil aolchloiche, choillearnach, thalamh feirme agus líne chósta de réimse ó ailltreacha cósta go tránna gainnimh.

Is ceiliúradh ar oidhreacht nádúrtha Mhaigh Eo é Wild Mayo. Is cuntas faisnéiseach maisithe go hálainn é dár ngáthóga agus speicis nádúrtha éagsúla agus cá bhfuil fáil orthu. Tógann an leabhar an léitheoir ar aistear iontach aimsithe ar fud an chontae. Déanann sé cur síos ar an gcaoi gur tharla tírdhreach Mhaigh Eo agus ar chéard a dhéanann é speisialta, ar an gcaoi ar cruthaíodh na gnáthóga éagsúla, agus thugann sé cuntas agus léiriúchán ar na speicis ag a bhfuil na háiteanna seo ina n-áiteanna cónaithe agus an idirghníomhaíocht eatarthu.  

Wild Mayo

Tugtar le chéile téacs fileata Michael Viney agus na híomhánna iontacha atá curtha ar fáil ag daoine éagsúla i ndearadh álainn Connie Scanlon agus James Fraher as Bogfire.

Wild Mayo le fáil ón Oifigeach Oidhreachta, Comhairle Contae Mhaigh Eo.

100pp Cruachóip,  €15 + p&p


Oidhreacht


Deirdre Cunningham
Oifigeach Oidhreachta
Comhairle Contae Mhaigh Eo
Áras an Chontae
Caisleán an Bharraigh
Teileafón : Fón: 094 9024444
R-phost : Ríomhphost:heritageofficer@mayococo.ie