Tá tú anseo: Baile > Na Seirbhísí > Oidhreacht > Plean Oidhreachta > Athbhreithniú ar an bPlean Oidhreachta

Athbhreithniú ar an bPlean Oidhreachta


Tá Comhairle Contae Mhaigh Eo ag déanamh athbhreithniú ar an bPlean Oidhreachta faoi láthair.

Ba mhaith le Fóram Oidhreachta Chontae Mhaigh Eo do thuairimí agus do smaointe i leith oidhreacht Mhaigh Eo a fháil, ionas go gcuirfear san áireamh iad sa Phlean nua Oidhreachta do Chontae Mhaigh Eo. Plean cúig bliana a bhaineann le gach cearn den chontae is ea an Plean Oidhreachta.  Tá sé mar chuspóir aige oidhreacht Mhaigh Eo a chosaint, a chaomhnú, agus feasacht uirthi a chur chun cinn. Tá sé ar chúram Chomhairle Contae Mhaigh Eo an Plean Oidhreachta a ullmhú agus a chur i bhfeidhm faoi stiúir Fhóram Oidhreachta Mhaigh Eo - comhpháirtíocht idir forais náisiúnta, grúpaí pobail agus grúpaí oidhreachta.

I dtreo is go gcuirfear le héachtaí Phlean Oidhreachta Mhaigh Eo 2006-2010, agus chun a chinntiú go mbeidh an chéad Phlean eile oiriúnaithe do riachtanais oidhreachta an chontae, tá an tOifigeach Oidhreachta ag tabhairt cuiridh duit páirt a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin agus an deis a thapú chun ceisteanna agus riachtanais áitiúla oidhreachta a aithint, agus moltaí a thabhairt ina leith. Ní mór d'aighneachtaí scríofa agus/nó ceistneoirí líonta a bheith curtha faoi bhráid an Fhóraim Oidhreachta, f/c an tOifigeach Oidhreachta, faoin Aoine 15 Deireadh Fómhair 2010.

Is féidir an cheistneoir a íoslódáil anseo.  Ceistneoir le haghaidh athbhreithniú ar an bPlean Oidhreachta