Oifig Ealaíon
Arts Squad Mhaigh Eo ag an bhFéile Roola Boola
Tá Seirbhís Ealaíon an Chontae bunaithe ar na prionsabail seo a leanas - caighdeán, bealach teacht ar, cuimsiú soisialta agus fiúntas fadtéarmach. Níl sé i gceist gur le haghaidh an dreama amháin a bhfuil eolas agus taithí acu ar an ealaín agus ar a mbaineann léi, ach go mbeadh ar chumas gach duine a bheith páirteach san eispéireas taitneamhach seo. Dá bhrí sin is gá go mbeadh teacht ag chuile dhuine ar na healaíona, cuma an dteastaíonn uaidh páirt ghníomhach a ghlacadh san eispéireas céanna nó nach dteastaíonn. Nuair a thugaimid tacaíocht phoiblí do na healaíona taispeánaimíd ár meas ar an ról a ghlacann siad i saol an tsochaí agus ar an maitheas a dhéantar sa phobal dá bharr; féinléiriú, forbairt phearsanta agus neartaíonn sé spiorad ár mothú sainiúlachta ar bhonn pearsanta agus ar bhonn pobail.
Seirbhís Ealaíon an Chontae
Is sa bhliain 1989 a fostaíodh an chéad Oifigeach Ealaíon don chontae. Ó shin i leith lean an Chomhairle Contae ag cur lena tacaíocht do na healaíona, ionas go mbeadh borradh nach beag faoi fhorbairt na n-ealaíon sa chontae.
Is cuid de struchtúr na Comhairle Contae an tSeirbhís Ealaíon. Is tríd an tseirbhís seo a chuidítear le healaíontóirí, le ceoltóirí, le drámadóirí, le damhsóirí chomh maith le gach duine a oibríonn do na ealaíona nó d’eagraíochtaí ealaíonta ar fud an chontae. Freastalaíonn an tseirbhís seo ar riachtanais na ndaoine a chruthaíonn agus a léiríonn ealaín maille leo siúd a bhfuil baint acu léi i bhfoirm ar bith eile.
Oifig Ealaíon
Comhairle Contae Mhaigh Eo
Áras an Chontae
Caisleán an Bharraigh
Teileafón : (094) 90 24444; folínte 7558, 7560
R-phost : mayoarts@mayococo.ie
Uaireanta oscailte: 9:30 a.m. go 1:00p.m.
agus 2:00 p.m. go 5:00 p.m.
