Altered Images
ALTERED IMAGES - amharc eile
Cuireann sé gliondar ar Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo seoladh Altered Images a fhógairt. Taispeántas amharcealaíon úrnua, ilchéadfach, agus inrochtana, is ea é, a bhfuil sé mar chuspóir aige bealaí nua chun ealaíon a fheiceáil agus a bhrath a chur ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas agus nach bhfuil faoi mhíchumas araon.
Tionscadal is ea Altered Images a d'eagraigh Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo, Seirbhís Ealaíon Thiobraid Árann Theas, agus Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, i gcomhpháirtíocht lena chéile agus é tacaithe ag an gComhairle Ealaíon. I ndiaidh tréimhse rathúil ar taispeáint i Músaem an Chontae, Cluain Meala, osclófar Altered Images in Ionad Ealaíon Bhéal an Átha Déardaoin 13 Lúnasa ar 7.30pm.
Saothar ó bhailiúcháin na dtrí chomhpháirtí - le Abigail O'Brien, Caroline McCarthy, Alice Maher, David Creedon, agus Thomas Brezing - chomh maith le saothar Amanda Coogan agus Daphne Wright a coimisiúnaíodh go speisialta don ócáid, atá sa taispeántas.
Is é seo an chéad taispeántas dá leithéid in Éirinn, agus bhí sé i gceist ag an gcomhpháirtíocht líon lucht féachana na n-amharcealaíon a mhéadú trína chur ar fáil don oiread daoine agus is féidir. Dá bhrí sin, tá rilífí trí-thoiseacha (déanta go speisialta ag Loz Simpson) ag gabháil leis an taispeántas, chomh maith le taifead fuaime ina gcuirtear síos ar na píosaí ealaíne (le Anne Hornsby), agus taifeadtaí de na healaíontóirí ag labhairt faoina saothar. Is le cló mór a priontáladh an catalóg agus na lipéidí, agus tá siad araon ar fáil i mBraille agus ar dhlúthdhiosca. Léirmhíniú ar an taispeántas trí theanga chomharthaíochta na hÉireann is ea saothar Amanda Coogan. Tá suíomh inrochtana idirlín ar fáil ag www.alteredimages.ie, ar a bhfuil turas fíorúil den taispeántas.
Beidh clár oideachais agus for-rochtana ar siúl le linn an taispeántais - 13 Lúnasa go 30 Meán Fómhair i mBéal an Átha - ina mbeidh turais agus ceardlanna. Tá turais trí theanga chomharthaíochta ar fáil chomh maith, agus is féidir iad a chur in áirithe roimh ré.
Tá fáilte roimh chách.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:
Sean Walsh, Stiúrthóir, Ionad Ealaíon Bhéal an Átha, Plás Arran, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo
Fón +353 (0)96 73593
Ríomhphost: ballinaartscentre@eircom.net
Suíomh gréasáin: www.ballinaartscentre.com
nó
Anne McCarthy, (Oifigeach Ealaíon) & Damien O’Connor (Comhordaitheoir Ealaíon do dhaoine faoi mhíchumas), Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo
Fón: +353(0) 94 90 47551/ 47558
Ríomhphost: mayoarts@mayococo.ie
