Tá tú anseo: Baile > Na Seirbhísí > Oifig Ealaíon > Céard a Dhéanaimid

Eolas Gaolmhar

An Oifig Ealaíon: Céard a dhéanaimid


Forbhreathnú ar Sheirbhísí na hOifige Ealaíon


Tá na feidhmeanna seo a leanas ag an Oifig Ealaíon:

  • Seirbhís comhairle
  • Cláir a leagadh amach do na hEalaíona
  • Na hEalaíona a chur chun cinn 
  • Tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí (grúpaí agus daoine aonair)
  • Ealaíona Pobail
  • Ról forbartha in Earnáil na nEalaíon
  • Bailiúchán Chomhairle Contae Mhaigh Eo
  • Dréachtadh Polasaithe agus Pleanáil
  • Comhpháirtíochtaí i dtionscnaimh a bhaineann leis na hEalaíona
  • Idirghníomhiú i dtionscnaimh a bhaineann leis na hEalaíona
  • Líonrú

Eolas agus Cumarsáid

Scaipeann an tSeirbhís Ealaíon eolas ar na hEalaíona sa Chontae trí mheáin chumarsáide éagsúla: trí nuachtáin áitiúla, trí irisleabhair réigiúnacha, trí thaispeántais taistil, trí fheachtais ag féilte éagsúla, trí leabhráin speisialta foilsithe ag an Oifig Ealaíon, trí litreacha a sheoladh sa phost agus trí fhógraí a dhéanamh. Cuirimid nuachlitir míosúil le chéile atá ar fáil trí ríomhphost. Más mian leat an nuachtlitir seo a fáil, seol ríomhphost chuig mayoarts@mayococo.ie nó cuir glaoch orainn ar 094 90 24444 x 7471, 7558 nó 7560 le do shonraí teagmhála.

Tá sé mar aidhm ag an tSeirbhís Ealaíon go mbeadh idirghníomhaíocht idir ealaíontóirí, eagraíochtaí ealaíon, lucht éisteachta agus lucht féachana, an pobal, grúpaí pobail agus eagraíochtaí poiblí.

An tSeirbhís Chomhairleach Ealaíon

Tugann an tSeirbhís Chomhairleach Ealaíon cúnamh go rialta do bhreis is 280 grúpa amaitéarach, eagraíochtaí ealaíon agus grúpaí pobail a lorgaíonn comhairle faoi imeachtaí agus faoi fhoinsí airgid dá dtionscnaimh agus dá gcláir. Tugann an Oifig eolas faoi dheontais do phobal nó do ghrúpa ar bith ar mhaith leo tionscnamh ealaíon dá gcuid féin a eagrú. Riarann Oifig Rúnaí na Comhairle Contae na deontais seo.

Ról Forbartha  

Nuair a bhíonn an Oifig Ealaíon ag déanamh taighde ar riachtanais an phobail sna hEalaíona baineann siad leas as bealaí éagsúla chun teacht ar smaointe na ngnáthdhaoine. Nuair a eagraíodh seimineár ceoil i gCaisleán an Bharraigh in 2001 mar shampla, cuireadh an-chuid eolais ar fáil do dhaoine a raibh suim acu slí bheatha a bhaint amach san earnáil cheoil mar cheoltóirí, mar scríbhnóirí ceoil, mar thionscnóirí ceoil, mar chraoltóirí agus a leithéid. Reachtáil siad ceolchoirm inar ghlac daoine áitiúla páirt agus ba bhreá mar a d'eirigh leis.

Ealaíona Pobail

Déanann na hEalaíona Pobail freastal ar dhaoine nach raibh aon bhaint acu leis na healaíona cheana, daoine nach bhfuil mórán muiníne acu as a gcumas cruthaíochta féin, nó daoine nach raibh in ann freastal ar imeachtaí ealaíona. Tig leis na hEalaíona Pobail féiniúlacht an phobail a fhorbairt chomh maith le spiorad an ghrúpa a ardú. Is breá an rud í do ghrúpaí imeallaithe a mhothaíonn scartha amach ó ghnáthimeachtaí sa phobal.

Arts Squad Mhaigh Eo

Bunaíodh Arts Squad Mhaigh Eo le cúnamh ó FAS sa bhliain 1997 agus leanann sé leis ag tabhairt sár-thréanáil i scileanna ealaíona sa phobal do chúigear déag in aghaidh na bliana. Is iomaí cineál cúlra óna dtagann na daoine a ghlacann páirt ann agus oibríonn siad le dreamanna i ngach saghas pobail ag reachtáil ceardlanna dóibh, á dtréanáil agus ag eagrú drámaíochta ar na sráideanna. Is iomaí féile ar fud an chontae a gcuidíonn Arts Squad leo.

Ranganna máistreachta

Eagraíonn an Oifig Ealaíon, agus íocann siad as, ranganna máistreachta do ghrúpaí a dteastaíonn cúnamh uathu ó ealaíontóir gairmiúil. Cuirtear an tseirbhís seo ar fáil do bhannaí práis mar shampla, do bhannaí píob agus d’oiliúint damhsóirí.

Maoiniú do Chomhpháirtithe i Saol na nEalaíon 

Tugann an Oifig Ealaíon maoiniú in aghaidh na bliana d’eagraíochtaí comhpháirteacha: 

 

  • Ionad Ealaíon an Linenhall, Caisleán an Bharraigh 
  • Teach Heinrich Boll, Acaill
  • Custom House Studios, Cathair na Mart
  • Imeachtaí Ealaíon Bhéal an Átha, Béal an Átha
  • Yew Tree Theatre Company, Béal an Átha
  • Féile Iorrais - Féile Ealaíon Tíre, Iorras
  • Ballinglen Arts Foundation, Baile an Chaisil
  • Áras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead

Forbairtí Caipitil

Le huasghrádú na n-áiseanna atá ann cheana féin, táthar ag súil go leathnóidh an tSeirbhís Ealaíon a cuid seirbhísí fud fad Mhaigh Eo. Cuirfidh na háiseanna nua i mBéal an Átha go mór leis na hionaid atá ann cheana féin - i gCaisleán an Bharraigh, i gCathair na Mart, i gCoillte Mach, i mBaile an Ghleanna,  i mBéal an Mhuirthead, i mBaile Chathail, i mBéal Easa agus i mBalla - agus iad ar fad ag soláthar áiseanna tábhachta d'ealaíontóirí taistil agus ealaíontóirí áitiúla.

Dréachtadh Polasaithe agus Pleanáil do na hEalaíona

Déanann an tSeirbhís Ealaíon athbhreithniú rialta ar riachtanais fhorbartha na nEalaíon i gContae Mhaigh Eo. Leagann Plean Ealaíon an Chontae amach na scéimeanna a gheobhaidh tús áite agus céard is gá chur sa tsiúl chun go mbeidh forbairt leanúnach i réimse na nEalaíon i gContae Mhaigh Eo sna blianta 2003 - 2006. Réitíonn an Plean Ealaíon leis an Straitéis 10 mbliana atá leagtha amach i Straitéis Forbartha an Chontae ag Bord Forbartha an Chontae ina leagtar amach forbairt chomhtháite shóisialach, chultúrtha agus eacnamaíochta Chontae Mhaigh Eo. 

 

 


Oifig Ealaíon


Comhairle Contae Mhaigh Eo
Áras an Chontae
Caisleán an Bharraigh

Teileafón : (094) 90 24444; folínte 7558, 7560
R-phost : mayoarts@mayococo.ie
Uaireanta oscailte: 9:30 a.m. go 1:00p.m.
agus 2:00 p.m. go 5:00 p.m.