Tá tú anseo: Baile > Na Seirbhísí > Oifig Ealaíon > Cláir

Clár na nEalaíontóirí Cónaithe


Faoi scéim na nEalaíontóirí Cónaithe bíonn ar chumas ealaíontóirí, scríbhneoirí, ceoltóirí, damhsóirí agus lucht drámaíochta teagmháil le daoine sna scoileanna, sna hospidéil agus in ionaid cúram sláinte eile, chomh maith leis an bpobal áitiúil. Tugann sé seo seans idirghníomhaíocht a chruthú le daoine taobh amuigh de shaol na n-ealaíon. Cothaíonn sé seo comhtháthú agus foghlaim. 

Na hAmharcealaíona

Chomh maith le tacaíocht a thabhairt do thaispeántais, eagraíonn an Oifig Ealaíon a cuid taispeántas féin ó bhliain go bliain. Tugann siad seo deis d’ealaíontóirí a fuair cuidiú ó scéimeanna ar leith a saothair a chur os comhair an phobail.

Amharclann Ógra Mhaigh Eo

Tá fás mór tagtha ar Amharclann Ógra Mhaigh Eo (MYT) ó bunaíodh í sa bhliain 1999. Tá sí lonnaithe anois i mBéal an Átha. Trí chothú agus cur chun cinn drámaíocht ógra d'ardchaighdeán - rud a chuireann béim ar fhorbairt phearsanta agus sóisialta - tugtar deis do dhaoine idir 14-22 bliain d'aois páírt a ghlacadh i ndrámaíocht. Tá beagnach 50 ball páirteach ann faoi láthair. Tá daoine á n-oiliúint anois ag MYT ionas go mbeidh foireann ar fáil sa chontae amach anseo a mbeidh na scileanna riachtanacha acu. Méadaítear na deiseanna foghlama trí nascadh le grúpaí amharclannaíochta eile do dhaoine óga, trí thaisteal agus trí dhrámaí a léiriú ar bhonn bliantúil.

Clár do na hEalaíona san Oideachas 

Rinne an Oifig Ealaíon dian-taighde sa bhliain 2001 chun fáil amach cérbh iad na riachtanais a bhí ag múinteóirí agus scoileanna i leith na nEalaíon. Sa bhliain sin, 2001, cuireadh ceardlanna ar siúl do 47 scoil. Dá bharr sin thug an Oifig Ealaíon maoiniú do 10 scoil chun cúrsaí sé seachtaine de cheardlanna ealaíne a reachtáil sa bhliain 2002. D'eagraigh an Oifig, i gcomhar le hIonad Oideachais Mhaigh Eo, ceardlanna ealaíne do mhúinteoirí bunscoile inar ghlac breis is 40 múinteoir páirt. Cuireann an Oifig Ealaíon maoiniú ar fáil le haghaidh fiche tionscadal, sé seachtaine ar fad, i scoileanna i Maigh Eo chuile bhliain.

Uirlisí Ceoil do Bhunscoileanna

Cuireadh scéim nuálaíoch ar bun sa bhliain 2002 ag Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo agus Ionad Oideachais Chontae Mhaigh Eo. Cheannaigh Coiste Forbartha Ceoil Mhaigh Eo seacht dtacar de chnaguirlisí le linn Mary Curran a bheith ina hEalaíontóir Cónaithe. Ba í An Chomhairle Ealaíon a mhaoinigh na huirlisí seo atá oiriúnach do pháistí faoi bhun 13 bliana d'aois. Is é Ionad Oideachais Mhaigh Eo príomhchoimeádaí na n-uirlisí, agus tá cúig thacar díobh le fáíl ar iasacht do bhunscoileanna amháin ar fud an chontae ar feadh téarma scoile. Tá an dá thacar eile ar fáil ó Oifig Ealaíon an Chontae agus Ionad Ealaíon Linenhall le húsáid i gceardlanna pobail agus for-rochtana.

Cnaguirlisí le haghaidh Iar-bhunscoileanna

Sheol Ionad Oideachais Mhaigh Eo, Caisleán an Bharraigh, i gcomhpháirtíocht le hOifig Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo an scéim Uirlisí le haghaidh Iar-bhunscoileanna ar an Déardaoin, 14 Deireadh Fómhair, 2004 in Ionad Oideachais Mhaigh Eo. Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo a cheannaigh iad chun cur leis na háiseanna ceoil atá ar fáil d’ógánaigh an chontae cheana féin.

32 uirlis atá i ngach tacar ceoil, a bhfuil drumaí, croiteoirí, tambóiríní, sreangdhrumaí agus cloigíní ina measc. Ceannaíodh trí thacar díobh san iomlán.

Tá na huirlisí seo le fáil ar iasacht ón Ionad Oideachais. Cuirfear dhá thacar díobh ar fáil d'iar-bhunscoileanna amháin, agus is iasacht ceithre mhí atá i gceist leo siúd.

Tá an tacar eile ar fáil ó Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo le húsáid i gceardlanna pobail agus for-rochtana.

Cnuasach Chomhairle Contae Mhaigh Eo

Cuireann Comhairle Contae Mhaigh Eo lena bailiúchán chuile bhliain agus déantar catalógú air go bliantúil. 

Clár Bliantúil

Tá roinnt ócáidí agus féilte bliantúla á reachtáil ag an Oifig Ealaíon.

Fórsa 12 - Deireadh Seachtaine do Scríbhneoirí

Is i mBéal an Mhuirthead a bhíonn sé seo ar siúl. Tagann 80 scríbhneoir ó ghrúpaí ar fud na tíre. Bíonn ceardlanna ar bun ann; léann scríbhneoirí a gcuid saothair féin, pé acu a bhfuil siúd i gcló nó nach bhfuil. Téann siad ar thurais agus glacann siad páirt i seisiúin ceoil.

Tá clár scríbhneoir cónaithe forbartha mar chuid de Fhórsa 12, ina n-oibríonn scríbhneoir dátheangach sa cheantar ar feadh cúig seachtaine roimh an bhFéile ag tabhairt ceardlanna agus léamhanna i scoileanna, i leabharlanna agus in ionaid chúraim. I measc na n-iarstiúrthóirí tá Jessie Lendennie, Chris Agee, John F. Deane, Kate Newman agus Vincent Woods.

Bealtaine

Déantar ceiliúradh ar chruthaíocht daoine bhreacaosta sa scéim bliantiúil náisiúnta seo. Tá clár cuimsitheach idirghníomhach á stiúradh ag Comhairle Contae Mhaigh Eo ar fud an chontae ina nglacann suas le 800 seandaoine páirt i gceardlanna agus in imeachtaí sna leabharlanna, in ionaid phobail, in ionaid ealaíon agus in ionaid chúraim. Oibríonn an Oifig Ealaíon, Cumainn Ghníomhaíochta Lucht Scoir agus eagraíochtaí eile as láimh a chéile ar mhaithe le daoine breacaosta. Clúdaítear gach cineál ealaíne: damhsa, drámaíocht, scéalaíocht, scríbhneoireacht chruthaitheach agus ceol. Chun tuilleadh eolais a fháil ar Bhealtaine féach ar ár  Rannóg Nuachta

Clár Meantóireachta agus Líonraithe Ealaíontóirí 

D'oibrigh Comhairle Contae Mhaigh Eo agus Aois & Deis le chéile chun an clár seo a bhunú. Tugann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte san Iarthar (thugtaí Bord Sláinte an Iarthair air tráth) agus An Chomhairle Ealaíon tacaíocht dó. Tugann an scéim mheantóireachta seo deiseanna tacaithe d’ealaíontóirí obair le daoine sna hionaid chúraim. Tugann sé líonra freisin do na healaíontóirí a gcuid smaointe agus a dtaithí oibre agus foghlama a roinnt ar a gcomhghleacaithe.

Ó mhí Feabhra 2004 bhí macasamhail na n-ealaíontóirí Margaret Morrison, Irma Van Baalen, Bernie Garvey O'Mara, Tom Meskell agus Tania Nally ag obair in Acaill, i gCathair na Mart, i mBéal an Átha, i mBéal Átha na Muice agus i gClár Chlainne Mhuiris in áiteanna mar ionaid cúram sláinte fadtéarmacha agus in ionaid cúraim lae.

Is í Deirdre Breathnach, comhordnóir na n-ealaíontóirí, a bhí i mbun meantóireachta sa scéim seo agus bhí sí in ann an-chuidiú agus tacaíocht a thabhairt mar gheall ar an taithí atá aici.

Sraith Cheoil an tSamhraidh

Eagraítear sraith imeachtaí ceoil ar fud an chontae i mí Iúil ina bhfuil gach saghas ceoil: ceol tíre, rac-cheol, ceol traidisiúnta agus ceol clasaiceach. Freastalaíonn na céadta de mhuintir na háite ar na himeachtaí seo a bhí ar siúl go dtí seo i gCathair na Mart, i gCaisleán an Bharraigh, i gCoillte Mach, i mBéal Easa, i gCluain Cearbán, i mBéal an Átha, i mBéal an Mhuirthead, i dTuar Mhic Éadaigh, i gCill Ala, i mBéal Átha hAmhnais agus i mBaile Chathail.

EXCEL Clár Ealaíona Chomhairle Contae Mhaigh Eo don Óige

Clár forbartha na n-ealaíon do dhéagóirí agus d'aosaigh óga ar fud an chontae is ea EXCEL, a chuireann béim ar thacaíocht a thabhairt d’fhorbairt scileanna i ndaoine óga a bhfuil suim acu i ngné ar leith de na healaíona. Oibríonn an Oifig Ealaíon go díreach le grúpaí éagsúla m.sh. Foireann Ceoil Ógra Mhaigh Eo, Cantóirí Umhaill, Amharclann Ógra Mhaigh Eo agus Bannaí Píob Acla le linn na féile bliantúla ag cur ceardlanna speisialta agus máistir-ranganna ar fáil dóibh chun cuidiú leis an obair a bhí ar siúl acu cheana féin. Soláthraíonn clár EXCEL deiseanna dúshlánacha chomh maith le sult agus spraoi.  I dteannta na gceardlanna agus na máistir-ranganna a bhíonn dírithe ar ghrúpaí seanbhunaithe, eagraítear roinnt imeachtaí 'oscailte' chomh maith.

Féilte

Tugann an tSeirbhís Ealaíona cúnamh d’fhéilte éagsúla ar fud an chontae, m.sh. Féile Iorrais, Féile Sráide Bhéal an Átha, Sonas - Féile na bPáistí,  Féile Ealaíon Chathair na Mart, Scoil Acla agus Féile Chois Cuain. 


Oifig Ealaíon


Comhairle Contae Mhaigh Eo
Áras an Chontae
Caisleán an Bharraigh

Teileafón : (094) 90 24444; folínte 7558, 7560
R-phost : mayoarts@mayococo.ie
Uaireanta oscailte: 9:30 a.m. go 1:00p.m.
agus 2:00 p.m. go 5:00 p.m.