Tá tú anseo: Baile > Na Seirbhísí > Oifig Ealaíon > Deontais

Eolas Gaolmhar

Deontais Ealaíona


Forbhreathnú


Riarann an Oifig Ealaíon deontais ar ealaíontóirí garimiúla agus neamhghairmiúla de gach cineál ealaíne. Déanfar iarratais a mheas ag painéal saineolaithe seachtracha.

Deontais faoin Acht Ealaíon

Buneolas:

Cuirtear na deontais seo ar fáíl do ghrúpaí nó d'eagraíochtaí lonnaithe i Maigh Eo, a bhíonn ag lorg cúnaimh i dtreo imeachtaí nó ócáidí a reachtáil a spreagann spéis sna healaíona i measc an phobail, a chuireann eolas ar agus tuiscint do na healaíona chun cinn, nó a ardaíonnn caighdeán na nEalaíon sa chontae.  Bronntar Deontais Ealaíon ar ghrúpaí agus ar dhaoine aonair a réitíonn le beartais na Comhairle i leith fhorbairt na nEalaíon sa Chontae.

Spriocdháta:

Deireadh mhí na Bealtaine / tús mhí Mheithimh 2010 - Dé hAoine, 18 Meitheamh

Uasmhéid ar fáil:

Is é €5,000 an t-uasmhéid a bronnadh go dtí seo, is é €150 an t-íosmhéid

Modh Iarratais:

Tá foirmeacha iarratais, maille le treoracha agus critéir iomlána iarratais le fáil ón Oifig Ealaíon.

Foirm Iarratais - Deontais faoin Acht Ealaíon (Word - 53KB) (Dátheangach)

Treoracha - Deontais faoin Acht Ealaíon (Word - 40.5KB) (Dátheangach)


Scéim Réigiúnach Sparánachta Tyrone Guthrie

Buneolas:

Tá an sparánacht seo ar fáíl d'ealaíontóirí a rugadh nó a bhfuil ina gcónaí i gContae Mhaigh Eo.  Tabharfaidh sé deis do bheirt ealaíontóirí coicís a chaitheamh ag an Ionad TG in Eanach Mhic Dheirg, Co. Mhuineacháin.  Cuirfear spás oibre ar fáíl agus íocfar na costais lóistín agus bia ar fad.  Ní mór d'iarratasóirí sárchumas ina réimse ealaíne féin a léíriú.

Spriocdháta:

Athraíonn an dáta ó bhliain go bliain, ach is i mí Aibreáin a thiteann sé de ghnáth.

2010 - Dé hAoine, 30 Aibreán

Modh Iarratais

Tá foirmeacha iarratais maille le treoirlínte agus crítéir iomlána ar fáil ón Oifig Ealaíon.

Tyrone Guthrie - Guidelines & Application Form


Gradam Chomhairle Contae Mhaigh Eo & Liam Walsh

Buneolas:

Tá an gradam oscailte d'ealaíontóirí gníomhacha a rugadh i Maigh Eo nó a oibríonn i Maigh Eo faoi láthair. Tig le gach cineál ealaíontóra cur isteach air, agus is é cuspóir an ghradaim ná tacaíocht a thabhairt dóibh lena saothair phroifisiúnta.

Spriocdháta:

Athraíonn an dáta ó bhliain go bliain, fogrófar spriocdháta 2010 i mí Eanáír 2010

2010 - fós le sonrú

Uasmhéid ar fáil:

Gradam - €15,000

Modh Iarratais:

Tá foirmeacha iarratais, maille treoracha agus critéir iomlána ar fáil ón Oifig Ealaíon.

MCC & Liam Walsh Application Form

Bileog Eolais Ghradam Ealaíontóirí CMME agus Liam Walsh

Foirm Iarratais Ghradam Ealaíontóirí CCME agus Liam Walsh


Scéim Ceadal Ceoil

Buneolas:

Tá an scéim ar oscailt do ghrúpaí ceoil agus córúla i gContae Mhaigh Eo ionas go mbeidh sé ar a gcumas ceadail saor in aisce a eagrú don phobail.  (Ní áirítear ócáidí tiomsaithe airgid do charthanachtaí faoin scéim).

Spriocdháta:

Maoineofar dhá cheadal an ghrúpa, ar a mhéad, in aghaidh na bliana.  Is féidir iarratas a chur isteach am ar bith i rith na bliana, ach ní mór dó a bheith istigh roimh an ócáid féín.  Ní íocfar as ócáidí i ndiaidh dóibh a bheith ar siúl.

Uasmhéid ar fáil:

€300

Modh iarratais:

Seol iarratais ina bhfuil cur síos iomlán ar an ocáid chuig an Oifig Ealaíon.


Gradam Cúnaimh le haghaidh Taifeadadh Ceoil

Buneolas:

Tá an gradam oscailte do cheoltóirí i gContae Mhaigh Eo, gach saghas ceoil san áíreamh.  Tá dhá ghradam ar fáil ionas go mbeidh ceoltóirí in ann a gcuid saothar reatha neamhchríochnaithe a thaifeadadh go proifisiúnta.  Ní mhaoineofar dlúthdhioscaí iomlána le clúdaigh faoin scéim.

Spriocdháta:

Athraíonn an dáta ó bhliain go bliain, ach is i mí Dheireadh Fómhair a thiteann sé de ghnáth.

2010 - fós le sonrú

Uasmhéid ar fáil:

€800

Modh iarratais:

Ní mór iarratas scríofa a sheoladh chuig an Oifig Ealaíon.  Mar chuid den iarratas, teastaíonn cur síos ar an gcaoi a gcaithfear an t-airgead, maille le CV de thaithí ceoil an iarratasóra, clostéip den taifead a bhfuil sé i gceist a dhéanamh (ní mór an caighdeán a bheith sách ard go bhféadfaí é a chloisteáil go héasca), agus bileog liricí má bhaineann sé le hábhar.

Déanfaidh painéal de dhaoine neamhspléacha, neamhchlaona, gairmiúla a oibríonn san earnáil cheoil na hiarratais a mheas.

Music Recording Assistance Award - Information Sheet

Gradam Cúnaimh le haghaidh Taifeadadh Ceoil - Bileog Eolais


Scéim Ráthaíochta in aghaidh Caillteanais

Buneolas:

Tá an scéim oscailte d'ealaíontóirí/tionscnóirí de théatar taistil agus imeachtaí ceoil.  Tig le Comhairle Contae Mhaigh Eo ráthaíocht a thabhairt i leith aon chaillteanas a tharlaíonn de bharr tháillí léirithe an ealaíontóra nó an ghrúpa.

Spriocdháta:

Is féidir dhá iarratas a chur isteach ar an scéim, am ar bith i rith na bliana, ach ní mór dóibh a bheith istigh roimh an ócáid féin.  Ní thabharfar aon ráthaíocht i ndiaidh don ócáid a bheith ar siúl.

Uasmhéid ar fáil:

€635

Modh iarratais:

Ní mór don tionscnóir iarratas a sheoladh chuig an Oifig Ealaíon agus an t-eolas ar fad a bhaineann le hábhar - díolachán na dticéad, acmhainn an ionaid srl. - a chur leis.

Guarantee Against Loss Guidelines (Word - 24.5KB)

Scéim Ráthaíochta in aghaidh Caillteanais


Gradaim Drámaíochta Amaitéirí

Buneolas:

Tá na gradaim oscailte do chomhlachtaí amaitéaracha drámaíochta ar fud an Chontae.  Déantar na hiarratais a mheas de réir na gcritéar a leanas: nuálaíocht, forbairt i dtreo sárchaighdeáin, agus cruthaíocht, a fheabhsaíonn réimse na Drámaíochta Amaitéiri sa réigiún.

Spriocdháta:

Athraíonn an dáta ó bhliain go bliain, ach is i mí na Samhna a thiteann sé de ghnáth.

2010 - fós le sonrú

Uasmhéid ar fáil:

€1,000

Modh iarratais:

Tá an fhoirm iarratais ar fáil ón Oifig Ealaíon, agus ní mór aon ábhar tacaíochta a chur leis: íomhanna, físeáin, ábhar i gcló srl.

Déanann bord de shaineolaithe neamhspleácha na hiarratais a mheas.

Amateur Drama Award Application Form


Gradaim na nAmharcealaíona

Gradaim Chuidithe le haghaidh Ábhar

Buneolas:

Tá na gradaim oscailte d'ealaíontóirí gairmiúla gníomhacha a bhfuil cónaí orthu i Maigh Eo, chun cabhrú leo ábhair ealaíne a cheannach.

Spriocdháta:

Is féidir iarratas a chur isteach am ar bith i rith na bliana, ach déantar iad a mheas ag deireadh gach ráithe, .i. deireadh mhí an Mhárta, mhí Mheithimh, mhí Mheán Fómhair agus mhí na Nollag.

Uasmhéid ar fáil:

€500

Modh iarratais:

Ní mór don ealaíontóir CV atá cothrom le dáta a chur isteach, chomh maith le ráiteas ealaíontóra, sé híomhá ar a laghad, liosta na n-ábhar atá le ceannach agus a gcostas.


Gradaim Chúnaimh le haghaidh Taispeántais

Buneolas:

Tá na gradaim seo oscailte d'ealaíontóirí gairmiúla, a bhfuil cónaí orthu i Maigh Eo, agus a bhfuil taispeántas socraithe acu i ndánlann maoinithe ó chiste poiblí. 

Spriocdháta:

Is féidir iarratas a chur isteach am ar bith i rith na bliana, ach déantar iad a mheas ag deireadh gach ráithe, .i. deireadh mhí an Mhárta, mhí Mheithimh, mhí Mheán Fómhair agus mhí na Nollag.

Uasmhéid ar fáil:

€500

Modh iarratais:

Mar atá sé thuas, maille le cóip den litir thairisceana ón ionad taispeántais.  Caithfear na hiarratais a bheith istigh sé seachtaine ar a laghad roimh an taispeántas ionas go dtabharfar aitheantas don ghradam sa phreas agus ar na cuirí.



Oifig Ealaíon


Comhairle Contae Mhaigh Eo
Áras an Chontae
Caisleán an Bharraigh

Teileafón : (094) 90 24444; folínte 7558, 7560
R-phost : mayoarts@mayococo.ie
Uaireanta oscailte: 9:30 a.m. go 1:00p.m.
agus 2:00 p.m. go 5:00 p.m.