Foiseacháin
Plean Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo 2010 - 2016
Plean Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo 2010 - 2016
Plean Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo 2010 - 2016
Tá plean straitéiseach cúig bliana nua, a fhoilseofar níos moille i mbliana, á fhorbairt ag Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo i láthair na huaire. Tá tuairimí á lorg ó dhaoine a bhfuil baint leis na healaíona sa chontae acu. Tógtar ionaid ealaíon, féilte, grúpaí pobail agus daoine a úsáideann nó a bhaineann leas ar ár seirbhís san áireamh. Más spéis leat d'ionchur a nochtadh tig leat litir nó riomhphost a sheoladh chun na hoifige ealaíon nó glaoch gutháin a chur orainn. Is féidir an ceistneoir thíos a úsáid chomh maith. Tá ár blean reatha ealaíon, spléachadh ar na seirbhísí a chuirtear ar fáil againn mar aon le cur síos cuimsitheach ar chur ar fáil seirbhísí i 2009 le fáil anseo. Má theastaíonn cóip chrua uait cuir ar an eolas muid le do thoil. Am doiling do na healaíona é seo agus chuirfí an-fháilte roimh do chuid suime agus cabhrach. Seol isteach d'ionchur roimh an Aoine an 8 Deireadh Fómhair, 2010.
Plean Ealaíon - Bileog Threorach
Plean Ealaíon - Ceistneoir
Seirbhís Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo '09
Próifíl na nEalaíon
(Document)
Próifíl Chomhairle Contae Mhaigh Eo ar na hEalaíona
Formats Available:
Plean i leith na nEalaíon 2003-2006
(Document)
Plean Chomhairle Contae Mhaigh Eo i leith na nEalaíon 2003-2006
Formats Available:
Foilseacháin na hOifige Ealaíon
'New Writings from the West', curtha in eagar ag Val Mulkearns, Comhairle Contae Mhaigh Eo, 1988.
'The Mayo Anthology', curtha in eagar ag Richard Murphy, Comhairle Contae Mhaigh Eo, 1990.
'Force 10 in Mayo', curtha in eagar ag Dermot Healy, Comhairle Contae Mhaigh Eo, 1991.
'The Mayo Anthology 4', curtha in eagar ag Michael Gorman, Comhairle Contae Mhaigh Eo, 1994.
'The West and Beyond - Mayo 5', curtha in eagar ag Neil Donnell, Comhairle Contae Mhaigh Eo, 1998.
Díolaim scríbhneoireachta cruthaitheacha ba ea na cúig fhoilseachán thuas. Scríbhneoirí ó Mhaigh Eo a scríobh iad, agus pé Scríbhneoir Cónaithe a bhí ann ag an am a chuir in eagar iad.
Chris Doris, '40 Days & 40 Nights', Tionscadal Ealaíontóra Chónaithe Chomhairle Contae Mhaigh Eo, 2001 (Cur síos ar chónaitheacht Chris Doris ar Chruach Phádraig).
'Creative Reverie - Meeting the Person as an artist' Comhairle Contae Mhaigh Eo, 2002. (Cur síos ar obair an ealaíontóra chónaithe, Deirdre Walsh in Ospidéal an Chroí Rónaofa, Caisleán an Bharraigh).
'Between Colours' - Clár Meantóireachta agus Líonraithe Ealaíontóirí Chomhairle Contae Mhaigh Eo, 2006. (Cur síos agus Measúnú ar Chlár Meantóireachta agus Líonraithe Ealaíontóirí eagraithe ag Comhairle Contae Mhaigh Eo).
'Present Tense - Words & Pictures' Comhairle Contae Mhaigh Eo, 2006. (Bailiúchán filíochta agus grianghraf le filí agus grianghrafadóirí Mhaigh Eo, curtha in eagar ag Macdara Woods & Jim Vaughan.)
'Bread and Puppet Theatre Residency' - Bealtaine 2007 le Arts Squad Mhaigh Eo Comhairle Contae Mhaigh Eo, DVD, 2007. (Cur síos ar obair na nEalaíontóirí Cónaithe - Bread and Puppet - le linn na Féile Bealtaine 2007)
'This time, this place' Comhairle Contae Mhaigh Eo, 2007. (Tionscadal ealaíne poiblí, le grianghraif ó Jim Vaughan agus muintir Oileán Chléire agus dán le Macdara Woods.)
'New Ground Lost seeds' Comhairle Contae Mhaigh Eo i gcomhar le Dead Good Guides, 2009. (Cur síos ar obair na nEalaíontóirí Cónaithe - John Fox agus Sue Gill - le linn na Féile Bealtaine 2008).
'Following the Whitethorn' Comhairle Contae Mhaigh Eo, 2009. (Tionscnamh Ealaíon Poiblí, taifeadta agus léirithe ag Michael Fortune. Bhailigh sé piseoga ó mhuintir Bhaile an Róba agus an cheantair máguaird agus rinne sé físeán de.)
'Altered Images' IMMA, 2009. (Catalóg a ghabh leis an taispeántas taistil 'Altered Images' a bhí ina thionscnamh ag Comhairle Contae Mhaigh Eo, Comhairle Contae Thiobraid Árann Theas, agus IMMA )
Tá na foilseacháin ar fad ar fáil ón Oifig Ealaíon
Oifig Ealaíon
Comhairle Contae Mhaigh Eo
Áras an Chontae
Caisleán an Bharraigh
Teileafón : (094) 90 24444; folínte 7558, 7560
R-phost : mayoarts@mayococo.ie
Uaireanta oscailte: 9:30 a.m. go 1:00p.m.
agus 2:00 p.m. go 5:00 p.m.
Force 12
(Document)
Féile Scríbhneoirí Force 12 Béal an Mhuirthead
Formats Available:
Bealtaine 2009
(Document)
Bealtaine 2009 - Ceiliúradh na Cruthaitheachta sa Seanaois
Formats Available:
