Tá tú anseo: Baile > Na Seirbhísí > Oifig Ealaíon > Lá Náisiúnta Filíochta

Eolas Gaolmhar

Lá Náisiúnta Filíochta


Lá Náisiúnta Filíochta 2010 Mhaigh Eo - 7 Deireadh Fómhair.

Lúcháir mhór atá ar Oifig Ealaíon Mhaigh Eo & Comhairle Contae Mhaigh Eo fáilte a chur roimh Anne Le Marquand Hartigan & John F.Deane a dhéanfaidh léamha ag Leabharlann an Chontae, Caisleán an Bharraigh Déardaoin an 7 Deireadh Fómhair @ 6.30i.n. mar chuid den Lá Náisiúnta Filíochta.

Le tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le hOifig Ealaíon Mhaigh Eo ag 094 9024444 fo-líne 7471/ 7558 r-phost mayoarts@mayococo.ie. Cead isteach saor in aisce. Fáilte roimh chuile dhuine.

John F. Deane, File agus Scríbhneoir Ficsin as Éirinn. 

Rugadh ar Oileán Acla i 1943 é; bhunaigh sé Éigse Éireann – An Cumann Filíochta Náisiúnta – agus The Poetry Ireland Review, 1979; cnuasaigh dá chuid filíochta agus ficsin foilsithe; bhuaigh sé Gradam Filíochta Uí Sheachnasaigh, Gradam Marten Toonder don Litríocht mar aon le duaiseanna ón Iodáil agus ón Rómáin. Toghadh ina Ard-Rúnaí de chuid Acadamh Eorpach na Filíochta i 1996 é. Bhí sé ar ghearrliosta don duais T.S. Eliot agus don The Irish Times Poetry Now Award; bhí sé ina scríbhneoir cónaitheach sa Bhaváir, i Monacó agus i bPáras. Na duanairí is déanaí óna pheann ná “The Instruments of Art”, Carcanet 2005; “In Dogged Loyalty”, aistí ar fhilíocht creidimh, Columba 2006; an saothar ficsin is déanaí uaidh ná “The Heather Fields and Other Stories,” Blackstaff Press 2007. D’fhoilsigh Carcanet a chnuasach filíochta is déanaí i 2008 “A Little Book of Hours”. Tá sé ina bhall d’Aosdána, eagraíocht a bunaíodh in ómós d’ealaíontóirí “whose work had made an outstanding contribution to the arts in Ireland”. I 2007 bhronn Rialtas na Fraince gradam air nuair a rinne siad “Chevalier de l’ordre des arts et des lettres” as. Bhí John ina scoláire ar cuairt ag Leabharlann Burns i gColáiste Boston i 2008.

 John F. Deane

Anne Le Marquand Hartigan

Bronnadh duaiseanna go leor ar Anne Le Marquand Hartigan atá ina scríbhneoir filíochta, drámadóir, péintéir, scríbhneoir ghearrfhicsin agus próis. Ar na gradaim a bronnadh uirthi tá The Mobil Prize for Playwriting as ucht a dráma The Secret Game, 1995, agus The Open Poetry Award i Lios Tuathail, 1978 agus go leor eile. Cúig chnuasach filíochta dá cuid a cuireadh i gcló: Nourishment i 2005, Immortal Sins i 1993, Now is a Moveable Feast, dán fada le líníochtaí dá cuid féin i 1991, a foilsíodh ag Salmon. Beaver Row Press i mBaile Átha Cliath a d’fhoilsigh Return Single, 1986, Long Tongue, 1982. Táthar ag súil lena séú cnuasach, To Keep the Light Burning, ó Salmon an samhradh seo. Chuir Salmon a saothar próis, machnamh ar scríbhneoireacht, Clearing the Space, i gcló sa bhliain 1996; aistríodh chun na Spáinnise agus foilsíodh i Meitheamh 2008 é. Fuair péire dá sé cinn de dhrámaí, Beds (1982) agus La Corbiere (1989), a gcéad taibhiú ag Féile Amharclainne Bhaile Átha Cliath.  Rinneadh an chéad taibhiú ar Jersey Lilies ag Amharclann Samuel Becket i mBaile Átha Cliath i 1996. Coimisiúnadh a dráma In Other Worlds ag Ollscoil Ohio Northern. Cuireadh La Corbiere sa leabhar Seen and Heard, plays by six Irish women, curtha in eagar ag Cathy Leeney agus foilsithe ag Carysfort Press, Baile Átha Cliath i 2001. Rinne sí camchuairt léi féin agus le duine eile ag taispeáint a saothair ealaíne in Éirinn agus i Sasana; taispeánadh a cuid ealaíne mar chuid de mhórthaispeántais sa tír seo agus sa Bhreatain. Bronnadh gradaim ar a cuid baitící

Anne Le Marquand Hartigan

Tá cuid den eolas seo nach bhfuil ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair. Chun breathnú ar an teolas seo go hiomlán í mBéarla, le do thoil, cniog ar an lipéad ‘’English’’ ar bhárr an leathanaigh.