Mí dochaillte ceoil - Sraith Ceoil an tSamhraidh Chomhairle Contae Mhaigh Eo 2009
Beidh ocht gcinn de léirithe páirteach i Sraith Ceoil Shamhraidh Chomhairle Contae Mhaigh Eo in ionaid mórthimpeall an chontae. Beidh Acaill, Caisleán an Bharraigh, Béal Átha hAmhnais, Béal an Mhuirthead, Cathair na Mart, Béal an Átha, Baile Chathail, agus Cluain Cearbán uilig ina stopanna ag an tSraith Cheoil Shamhraidh i 2009. Déantar freastal ar chuid mhaith blasanna i gclár spreagúil, eicléictiúil ina bhfuil cuid den tallann cheoil is fearr ó cheoltóirí áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tá cur in áirithe riachtanach agus indéanta tré Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo. Tá cead isteach saor in aisce chuig na himeachtaí uilig.
Ag cur tús leis an tsraith in Eaglais na Tríonóide Naofa i gCathair na Mart , Cathair na Mart, Dé hAoine ag 8 i.n., geallann an Irish Baroque Orchestra deis annamh agus luachmhar do chéad lucht éisteachta na sraithe ceol a chloisteáil a athchruthaíonn dathanna beoga agus uigeachtaí an domhain fuaime barócaí.
Tá an David Munnelly Band tar éis a bheith ag cur siamsaíocht ar fáil do lucht éisteachta Meiriceánacha agus Eorpacha ar bhonn rialta ón bhliain 2005. Geallann an meascán d'fhiántas meanma, ag a bhfuil Iarthar Mhaigh Eo cáiliúil, leis an snagcheol agus an luasc-cheol lena n-éisteadh daoine don chéad uair i Nua Eabhrach na 1920adaí, go mbeidh cuimhne ar an Déardaoin, 9 Iúil ag 8 i.n. i Séipéal Naomh Micheál, Béal an Átha.
Ar an Satharn, 17 Iúil ag 8 i.n., bogann an tsraith ansin go Halla Paróiste Chluain Cearbán le ceol sa tráthnóna ó Emer Mayock, Donal Siggins agus Jean Michel Veillon. Tháinig an triúr seo le chéile tré Thuras Mayo Network i 2007 agus leanadar ó shin le 'repertoire' Éireannach, Briotánach agus nua-chumtha.
Déanfaidh Ionad Ealaíon Halla Bhaile Chathail The Sick and Indigent Song Club a óstáil Dé Sathairn, 18 Iúil, sin iad bailiúchán de ceoltóirí ildánacha a sheinneann ceol sean-nósach ag ísliú isteach i réimse éagsúil stíleanna ag áireamh gormacha, ceol tíre, rabhcáin mhuirí, gaspal tíre, Ameiriceána agus ceol 'bluegrass'.
Déanfaidh Elizabeth Cooney agus Raymond O'Toole a gclár dísrigh nua a léiriú ag líon ceolchoirmeacha samhraidh i mbliana, ag áireamh léiriú ag Eaglais Naomh Tomás, Dumha Goirt, Acaill, Dé hAoine 24 Iúil ag 8.00 in. Arna meas i measc scothcheoltóirí a nglúine, roghnaíodh an bheirt mar "Rising Star" an Cheolárais Náisiúnta, Elizabeth i 2006 agus Redmond i 2009, agus tugann siad réimse leathan 'repertoire' agus taithí léirithe do na léirithe dísrigh.
Ag tabhairt fuaim na Cairibe go Caisleán an Bharraigh ar an Satharn, 25 Iúil ag 2 i.n. tabharfaidh Ebony Steelband ó Londain coirmcheoil amuigh faoin spéir i gCearnóg an Mhargaidh. Geallann an grúpa seo, ag a bhfuil an 'Panorama Steelband Competition' a reáchtáiltear i Londain go bliantúil, buaite acu níos mó uaireanta ná aon bhanna eile, lucht éisteachta ag bogadh lena mbuillí meisciúla.
Déanfaidh Áras Inis Gluaire i mBéal an Mhuirthead óstáil ar Mick Flannery, buaiteoir gradaim Meteor, ar an Déardaoin 30 Iúil ag 8 i.n. San bhliain atá imithe thart, tá Mick imithe ó bheith ina shaor cloiche go dtí a bheith ar cheann de na ceoltóirí is mó tóir in Éirinn. Ó eiseadh a albam molta go criticiúil 'White Lies', tá sé tar éis seinm ag cnap seónna díolta amach mór-thimpeall na hÉireann.
Beidh an ócáid deiridh den tSraith i mbliana ar siúl san Mhainistir, Béal Átha hAmhnais ar an Aoine, 31 Iúil ag 8 i.n. Déanfaidh Matt Molloy, John Carty agus Arty McGlynn féasta ceoil traidisiúnta a chur ós comhair an lucht éisteachta. Iad triúr ina máistrí ar an ealaín, d'fhéadfaí a argóint, geallann a dteacht le chéile sár-ócáid.
Bígí faoi chomhairle, le bhur dtoil, go bhfuil leanúint an-mhór ag an tsraith agus, cé go bhfuil cead isteach saor in aisce chuig na coirneacha ceoil uilig, tá réamh-áirithint riachtanach (uasmhéid de sheisear do gach áirithint).
Déan teagmháil leis an Oifig Ealaíon ar (094) 9024444, folíne 7560, chun clár iomlán imeachtaí a fháil nó chun áirithint a dhéanamh, nó r-phost ag: mayoarts@mayococo.ie.
Sraith Ceoil an tSamhraidh 09
CATHAIR NA MART - Eaglais na Tríonóide Naofa, Dé hAoine, 3 Iúil ag 8 i.n.
Irish Baroque Orchestra
BÉAL AN ÁTHA - Eaglais Naomh Micheál, Déardaoin, 9 Iúil ag 8 i.n.
Dave Munnelly Band
CLUAIN CEARBÁN - Halla an Pharóiste, Dé hAoine, 17 Iúil ag 8 i.n.
Emer Mayock, Donal Siggins, Jean Michel Veillon
BAILE CHATHAIL - Ionad Ealaíon Halla an Bhaile, Dé Sathairn, 18 Iúil ag 8 i.n.
The Sick & Indigent Song Club
ACAILL - Eaglais Naomh Tomás, Dumha Goirt, Acaill, 24 Iúil ag 8 i.n.
Redmond O'Toole & Elizabeth Cooney
CAISLEÁN AN BHARRAIGH - Cearnóg an Mhargaidh, Dé Sathairn, 25 Iúil ag 8 i.n.
Ebony Steel Band
BÉAL AN MHUIRTHEAD - Áras Inis Gluaire, 30 Iúil, Déardaoin, 30 Iúil ag 8 i.n.
Mike Flannery
BÉAL ÁTHA hAMHNAIS - An Mhainistir, 31 Iúil ag 8 i.n.
Mat Molloy, John Carty & Arty McGlynn