Seacht dtaispeántas ceoil, á gcur i láthair in ionaid ar fud an Chontae, a bheidh i Sraith Cheoil Chomhairle Contae Mhaigh Eo. Beidh imeachtaí ar siúl i mBéal Átha hAmhnais, Béal an Mhuirthead, Cathair na Mart, Béal an Átha, Baile Chathail agus Cluain Cearbán le linn na Sraithe 2010. Cuirfear rogha leathan ceoil ar fáil chun mianta éagsúla a shásamh, agus beidh scoth an cheoil le cloisteáil ó cheoltóirí áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta mar chuid den chlár loinneach seo. Ní mór suíochán a chur in áirithe roimh ré trí theagmháil a dhéanamh le hOifig Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo. Tá na himeachtaí ar fad saor in aisce.
Cuirfidh an Artis Quartet ó Vienna tús leis an tsraith i Séipéal na Tríonóide Naofa i gCathair na Mart ar an Déardaoin, 1 Iúil ar 8pm. Rinne ollghairdeas don Artis Quartet nuair a sheinn siad sna hionaid cheolchoirme is cáiliúla sa domhan ó 1980 i leith, agus tá siad ar an bhfíorbheagán téadcheathairéad a sheineann ina seasamh. Is cinnte go cruthóidh an t-ionad ídealach chomh maith le ceoil iontach ceolchoirm nach ndéanfaidh chéad lucht éisteachta na sraithe dearmad air go deo.
Seinfidh Lunfardia i Séipéal Thomáis, Dumha Goirt, Acaill, ar an Aoine 9 Iúil, 8.00pm. Ag leanacht orthu i ndiaidh seoladh a n-albam nua, tugann Lunfardia cuireadh don lucht éisteachta dul ar iomramh chuig an Domhan Úr. Mar chuid dá repertoire saibhir agus albam nua bíonn tangóanna agus milonganna gríosaitheacha ó Buenos Aires, chacareranna spleodracha ó phampas na hAirgintíne, huaynos réchúiseacha na Bolaive, agus joropos teaspacha Veiniséala. Cumasc údarach de na traidisiúin éagsúla cheoil ó Mheiriceá Theas le gnéithe den cheol clasaiceach agus snagcheol a bheidh le cloisteáil ar an oíche; taispeántas a léireofar go gléineach sárchumas na gceoltóirí seo.
Is in Áras Inis Gluaire - an tIonad Ealaíon i mBéal an Mhuirthead - a sheinnfidh Gráda ar an Satharn 10 Iúil ar 8pm. Ceann de na bannaí taistil Éireannacha is mó rath orthu is ea Gráda, le breis is 150 ceolchoirm á seinnt acu in aghaidh na bliana ag féilte móra agus in ionaid cháilúla ar fud na cruinne. Tá a gcuid ceoil fréamhaithe go daingean sa traidisiún Éireannach, ach toin an tsnagcheoil agus rithimí láidre snaidhmthe tríd. Samhlaigh é seo: ceol neamhchoitianta na hÉireann cumaiscthe le bunghnéithe cheol Americana, ceol na Nua-Shéalainne agus snagcheoil, chomh maith le tionchair éagsúla eile; níl aon amhras go mbeidh oíche bhreá cheoil ann.
Beirt Éireannach is ea na Lost Brothers, a bheidh ag casadh i Séipéal Mhichíl, Béal an Átha, ar an Aoine 16 Iúil ar 8pm. Ní deartháireacha iad Mark McCausland agus Oisín Leech - a chanann agus a chasann an giotár - ar chor ar bith, ach chreidfeá gur dheartháireacha iad nuair a labhraíonn siad faoina gcuid ceoil agus na haislingí atá acu beirt. Tugadh ardmholadh dá gcéad albam - The Trials of the Lonely (Parts I and III) - sna léirmheasanna i Sasana agus in Éirinn, agus deirtear go bhfuil a gcuid ceoil ar nós leagan níos scrábaí de Simon and Garfunkel.
Is i Halla Paróiste Chluain Cearbán a bheidh an chéad imeacht eile den tsraith - is é sin ceolchoirm ag an ngrúpa Tarab. Cuireann Francesco Turrisi an leagan is déanaí dá ensemble Tarab i láthair, a bhfuil cáil orthu de bharr an chaoi a cheanglaíonn siad modal jazz le ceol traidisiúnta ó gach cearn den Eoraip. Tá ceol úr á gcumadh ag an ensemble thar cheithre thimthriall, le haoicheoltóir speisialta ag gach ceann acu. Theodossii Spassov - Bulgárach a bhfuil sárchumas aige ar an kaval - a bheidh ar cuairt i mí Iuil.
Beidh ceolchoirm de chuid an Chóir Aireagail Náisiúnta - National Chamber Choir - ar siúl sa Friary i mBéal Átha hAmhnais i mbliana, ar an Aoine 23 Iúil ar 8pm. Meastar go coitianta gur ceann de na cóir is céimiúla in Éirinn iad, agus tá clú agus cáil bainte amach acu i gcéin is i gcóngar de bharr na fuaime úire nuálaí atá acu.
Is in Ionad Ealaíon Halla an Bhaile i mBaile Chathail a tharlaíonn an t-imeacht deireadh de shraith na bliana seo, ar an Satharn 24 Iúil. Níor chóir an deis a chailliúint CADENZA a fheiceáil agus iad ag seinnt beo, dream a léiríonn úrmhaireacht, maolfhuinneamh, agus sárchumas ar réimse leathan uirlisí - an chláirseach, an dordveidhil, an fhidil agus an giotár ina measc.
Tabhair do d'aire, más é do thoil é, go mbíonn an-éileamh ar imeachtaí na sraithe, agus cé go bhfuil na ceolchoirmeacha ar fad saor in aisce agus oscailte don phobal, ní mór suíocháin a chuir in áirithe roimh ré (seisear ar a mhéad le gach áirithint).
Chun clár iomlán na n-imeachtaí a fháil, nó chun áit a chur in áirithe, déan teagmháil leis an Oifig Ealaíon ar 094 9024444, folíne 7560, nó trí ríomhphost a sheoladh chuig mayoarts@mayococo.ie.
Sraith Cheoil an tSamhraidh, 2010
CATHAIR NA MART
Séipéal na Tríonóide Naofa, Déardaoin 1 Iúil, 8pm
Artis - Quartet
ACAILL
Séipéal Thomáis, Dumha Goirt, Acaill, an Aoine 9 Iúil, 8pm.
Lunfardia
BÉAL AN MHUIRTHEAD
Áras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead, an Satharn 10 Iúil, 8pm.
Gráda
BÉAL AN ÁTHA
Séipéal Mhichíl, an Aoine 16 Iúil, 8pm
Lost Brothers
CLUAIN CEARBÁN
Halla an Pharóiste Chluain Cearbán, Déardaoin 22 Iúil, 8pm.
Tarab
BÉAL ÁTHA hAMHNAIS
The Friary, an Aoine 23 Iúil, 8pm
Cór Aireagail Náisiúnta
BAILE CHATHAIL
Ionad Ealaíon Bhaile Chathail, an Satharn 24 Iúil, 8pm
Caenza