Clár forbartha imeachtaí ealaíne do dhéagóirí agus do dhaoine óga ar fud an chontae é EXCEL 10 Chomhairle Contae Mhaigh Eo. Díríonn an clár ar thacaíocht a thabhairt d’fhorbairt scileanna dhaoine óga a bhfuil spéis ar leith sna healaíona acu mar aon le deiseanna a chur ar fáil do dhaoine óga i Maigh Eo bheith páirteach in imeachtaí ealaíon d’ardchaighdeán i gcaitheamh mhí na Samhna.
Ceardlanna Óige & Ranganna Máistreachta
I ndiaidh dhul chun cinn chláracha na seacht mbliana atá imithe tharainn cuirfidh EXCEL 10 tacaíocht ar fáil go díreach do ghrúpaí éagsúla i bhfoirm ranganna speisialta máistreachta do mhacasamhail Cheolfhoireann Óige Mhaigh Eo, Amharclann Ógra Mhaigh Eo, Bannaí Píob Acla agus Comhchoiste Ealaíona Pobail Chroimghlinne. Ar chlár na bliana seo beidh ceardlanna drámaíochta, ceardlann scríbhneoireachta agus ceardlanna Artsquad le daoine óga in Ionad Eolais Óige Chaisleán an Bharraigh, Tionscnamh Óige Comharsana Chaisleán an Bharraigh, ógánaigh i gCluain Cearbán agus Baill Chlub Foróige Bhaile Chathail/Béal Lathaigh.
Cónaitheacht chórúil – Ceardlanna Córúla agus ceolchoirm
Lúchair mhór atá i mbliana orainn bheith ag obair le Resurgam ar chónaitheacht chórúil. Tá cáil mhór ar cheol gutha Resurgam ar fud na tíre. Bunaíodh an cór i 2003 agus tá an grúpa bunaithe ar thionscnaimh ina mbíonn suas le ceithre ghlór is fiche de chuid na n-amhránaithe córúla is fearr sa tír. Chan Resurgam in ionaid go leor ar fud na hÉireann agus na Breataine mar aon le mórfhéilte go leor in Éirinn. Tá obair déanta ag an chór le stiúrthóirí a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu - Laurence Cummings, Christian Curnyn, Gary Cooper agus a mbunaitheoir-stiúrthóir Mark Duley ina measc. Beidh an grúpa ag obair le daltaí Mhainistir Ghort an Iúir Chrois Mhaoilíona, Meánscoil Mhuire Bhéal an Mhuirthead, Meánscoil Chnoc Naomh Mícheál Chlár Chlainne Mhuiris, Meánscoil an Chroí Rónaofa Chathair na Mart agus Pobalscoil Bhéal Átha hAmhnais. Cuirfidh siad ceardlann oscailte do chantóirí córúla ar fud an chontae ar fáil ar an 9 Samhain @ 7.30 – 10i.n. i Halla Mhuire, Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Mhaigh Eo (GMIT). Le críoch a chur lena gcónaitheacht canfaidh an cór i Mainistir Bhaile an Tobair ar an 15 Samhain ag 8i.n. Cuirfidh Resurgam fáilte roimh éinne a bhí páirteach sa cheardlann do dhaoine fásta canadh leo ar an oíche. Tig leat áit a chur in áirithe don cheardlann agus don cheolchoirm ach glaoch ar an Oifig Ealaíon ag 094-9047558 or 094-9047471 nó le ríomhphost chuig mayoarts@mayococo.ie
Comhlacht Amharclannaíochta TEAM
Is é an Comhlacht Amharclannaíochta Oideachais TEAM an comhlacht amharclannaíochta in oideachas is sine in Éirinn agus tá clú agus cáil bainte amach go náisiúnta acu agus iad i mbun oibre le bunscoileanna agus meánscoileanna ar fud na tíre. Is dráma é "Doughnut" le hEoin Byrne a dhéanann plé ar dhrochnósanna tiomána agus mórcheisteanna maidir le sábháilteacht ar na bóithre. Léirítear an dráma i scoileanna i gcomhar leis an Údarás Um Shábhailteacht Ar Bhóithre. Rachaidh TEAM ar cuairt chuig Coláiste Naomh Muireadach le ‘Doughnuts’.
Imeachtaí Oscailte
De bhreis ar na ranganna máistreachta agus ceardlanna le grúpaí éagsúla beidh roinnt imeachtaí ‘oscailte’ ar siúl. Tá na himeachtaí seo ar fáil do chuile dhuine idir 13 agus 19 bliana agus bíonn tóir mhór go hondúil orthu. Beidh meascán cothrom idir dhúshláin agus imeachtaí spraoiúla ar chlár na bliana seo. Tá teorainn leis an líon daoine a nglacfar leo sna ceardlanna éagsúla agus beidh ort teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Ealaíon go luath chun áit a chur in áirithe ar 094 90 24444 fo-líne 7560 & 7558, nó seol ríomhphost chuig: mayoarts@mayococo.ie.
Lá Gairmeacha Cruthaitheacha
Más spéis leat bheith ar stáitse nó obair a dhéanamh sa chúlra bí linn sa TF Royal Theatre & Event Centre i gCaisleán an Bharraigh an 18 Samhain @ 2-6i.n. le blaiseadh a fháil ar bheith ag obair nó ag déanamh staidéar sa rannóg chruthaitheach! Bronnfaidh SPOTLIGHT - Lá Gairmeacha Cruthaitheacha - deiseanna ort casadh ar agus comhrá a dhéanamh le daoine atá fostaithe sa rannóg áirithe seo – ealaíontóirí, ceoltóirí, teicneoirí fuaime, stiúrthóirí scannáin, ceirneoirí, scríbhneoirí, beochantóirí agus tuilleadh. Beidh sonraí uile fúthu sin a bheas ann ar an lá ar an suíomh gréasáin www.mayococo.ie ceoltóirí agus ar bhileoigíní. Eagraíodh an imeacht seo i gcomhar leis an TF Royal Theatre, Caisleán an Bharraigh.
Ullmhú Chumhdach Ealaíontóra
Tabharfaidh painéal saineolaithe léargas ar ullmhú chumhdach ealaíontóra do dhaoine óga a bhfuil dúil acu freastal ar choláiste ealaíon. Léacht idirghníomhach a bheas ann agus beifear in ann ceisteanna a chur ar an phainéal. Taithí fhada, fhairsing atá ag Aideen Barry, Frank Bissette agus John Mayock sa chineál seo oibre agus, mar sin, cuideoidh an oíche eolais seo le hógánaigh a bhfuil spéis acu freastal ar choláiste ealaíon. Dhá seisiún a thosóidh ag 9.30a.m. agus ag 11.30a.m. a bheas ann. Moltar go láidir duit áit a chur in áirithe don imeacht seo tríd an Oifig Ealaíon ag 094-9047558 or 094-9047471 nó le ríomhphost chuig mayoarts@mayococo.ie
Mí an-ghníomhach go deo do dhaoine óga Mhaigh Eo, mar sin, a bheas i mí na Samhna. Má theastaíonn tuilleadh eolais faoin chlár uait nó faoi cén chaoi a thig leat bheith páirteach déan teagmháil, más é do thoil é, le hOifig Ealaíon Mhaigh Eo ag 094-9047558 or 094-9047471 or le ríomhphost chuig mayoarts@mayococo.ie.