Oíche Chultúr Mhaigh Eo - Céard a fheicfidh tú?
Ar an Aoine an 24 Meán Fómhair 2010 coinneoidh roinnt ionaid ar fud Mhaigh Eo a gcuid doirse ar oscailt níos moille ná mar is gnách. Tuige sin? Bhuel beidh Oíche Chultúr Mhaigh Eo ar siúl sa chontae, i gcomhar le hoícheanta cultúrtha i gcontaetha eile. Tabharfar tús áite do chúrsaí rochtana agus dá bharr sin cuirfear le huaireanta oscailte ionaid éagsúla ina mbeidh imeachtaí saor in aisce ar fáil don phobal uilig go léir. Tá ar intinn ag Maigh Eo cur le dul chun cinn na bliana seo caite leis an méadú ar na heagrais chultúrtha a bheas páirteach ar an oíche. Beidh ceantair úra sa chontae ag glacadh páirte agus cuirfear fáilte roimh chách teacht amach ina sluaite ar an oíche. Má theastaíonn uait fanacht gar do bhaile nó taisteal i bhfad uaidh, nó más mian leat cuairt a thabhairt ar chúpla ionad ar an oíche, ní bheidh díomá ar bith ort!
Tá a gcuid cláracha imeachtaí leagtha amach go snasta don oíche ag na hionaid chultúrtha seo i Maigh Eo: Áras Inis Gluaire i mBéal an Mhuirthead, Ionad Ealaíon Bhéal an Átha agus Cartlann Jackie Clarke – Cuimhne na hÉireann i mBéal an Átha, Fondúireacht Ealaíon Bhaile an Ghleanna i mBaile an Chaisil, Stiúideonna Theach an Chustaim agus Blink Visual Art i gCathair na Mart, Ionad Ealaíon Halla an Línéadaigh agus Artsquad i gCaisleán an Bharraigh, Taispeántas Oscailte Chlár Chlainne Mhuiris agus Músaem Shaol na Tuaithe i dTurlach. Éagsúlacht mhaith ábhair a bheas ag chuile ionad a léireoidh saibhreas cultúrtha an chontae. Uaireanta oscailte éagsúla a bheas ag na hionaid ó 5i.n. – 12a.m. agus, i ngeall ar sin, beidh ort dul i dteagmháil leis na hionaid le fáil amach faoina gcuid uaireanta oscailte féin.
Comórtas Haiku Ar An Toirt in Ionad Ealaíon Bhéal an Átha a mheallfaidh daoine peann a chur le pár agus Haiku dá gcuid féin a chumadh taobh istigh de thrí nóiméad. Le cruthaitheacht a chinntiú beidh ar chuile iomaitheoir ceithre fhocal – tugtha ag ball foirne – a úsáid sa Haiku. Foilseofar an Haiku buacach sa Western People agus bronnfar duaiseanna ar na trí cinn is fearr. Beidh pictiúrlann buail isteach agus amach san ionad i gcaitheamh na hoíche a léireoidh roinnt gearrscannáin, cuid mhaith díobh a taifeadadh faoin scéim Filmbase Shorts. Léireofar ‘Tom & Mary’, gearrscannán curtha le chéile ag Scannán Technology i gcaitheamh cheardlann scannánaíochta ag Ionad Ealaíon Bhéal an Átha i 2009, ar an oíche chomh maith. Beidh taispeántas úr Louise Butler ar oscailt don phobal ar Oíche Chultúr Mhaigh Eo ann chomh maith agus beidh Ceardlann Freagartha do thaispeántas Louise i seomra lena hais, áit a mbeidh ceardlann imeachtaí idirghníomhacha do dhaoine pháistí agus do dhaoine fásta.
Tuige nach rachfá go hÁ ras Inis Gluaire, Ionad Ealaíon Bhéal an Mhuirthead, áit a mbeidh damhsóirí ón Mayo School of Dance le rang bailé Iorrais ina measc, ceoltóirí Chraobh Chlann Lir, Craobh Iorrais de chuid Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, le Jenny Mulvey mar aoi-amhránaí, mar aon le haisteoirí ón Chúrsa sna hEalaíona Taibhiúcháin atá ar siúl in Áras Inis Gluaire faoi láthair a thabharfaidh blaiseadh de shaibhreas cultúrtha an taobh tíre sin. Sa phictiúrlann a léireofar trí ghearrscannán ag an ionad ealaíon a rinneadh ag Tionscnamh Digiteach Thuaisceart Mhaigh Eo.
Beidh Stiúideonna Theach an Chustaim ar oscailt ó 6i.n. go 10i.n. i gcaitheamh Oíche Chultúr Mhaigh Eo. Taispeántas thírdhreacha dheisceart Mhaigh Eo agus Loch Ceara de chuid Deirdre Walsh a léireofar i ngailearaí an ionaid. Tabharfar deis don phobal cuairt a thabhairt ar stiúideonna ealaíontóirí lonnaithe ag Stiúideonna Theach an Chustaim agus turas a dhéanamh sa stiúideo déantúsaíochta priontaí fosta agus páirt a ghlacadh i gceardlann chun do phrionta féin a dhéanamh.
Beidh Fondúireacht Ealaíon Bhaile an Ghleanna ar oscailt don phobal ó 5i.n. go 9i.n. ar an oíche. Beidh Ionad Ealaíon Bhaile an Ghleanna, áit a bhfuil saothair ealaíonta ar taispeáint, ar oscailt i gcomhar leis an taispeántas ealaíne sa Courthouse Gallery. Tá an cnuasach, ina bhfuil 457 saothair ealaíne, ar cheann de chnuasaigh mhóra ealaíne nua-aimseartha na tíre. Saothair ealaíontóirí móra na hÉireann agus an domhain mhóir atá sa chnuasach seo. I ndiaidh do shiúlóid thart ar an taispeántas seo tuige nach mbuailfeá isteach ar cheardlann san ionad agus tabhairt faoi saothar ealaíne de do chuid féin a chruthú nó amharc isteach i stiuideonna ealaíontóirí le fáil amach céard a bhíonn ar bun acu?
Má spéis leat cúrsaí oidhreachta agus an stair áitiúil téigh ar cuairt chuig Músaem Shaol na Tuaithe nó Cartlann Jackie Clarke – Cuimhne na hÉireann ar Oíche Chultúr Mhaigh Eo.
Beidh Músaem Shaol na Tuaithe ar oscailt don phobal go dtí 9i.n., áit a dtabharfaidh an Bainisteoir Coimeádaí Tony Candon léacht le léaráidí ar Chros Chonga ag a 7.30i.n.
Lán go doras a bheas Cartlann Jackie Clarke – Cuimhne na hÉireann áit a mbeidh ceardlann ar chaomhnú leabhair leis na saineolaithe idirnáisiúnta Benjamin van de Wetering agus Ineke Scholte ón Ox Bindery le turais treoraithe; leanfar ar aghaidh ar ball le siamsaíocht, ceol, amhráin, filíocht agus léamha ó 9i.n. go meánoíche. Téama na bliana seo ná Éire – Imirce agus an diaspóra. Fáilte roimh chuile dhuine agus cuirfear sóláistí ar fáil.
Fanfaidh chuile ghailearaí ar oscailt ar an oíche ag Taispeántas Oscailte Chlár Chlainne Mhuiris. Lisa le Feuvre as Londain a bheas i mbun coimeádaíochta ar thaispeántas na bliana seo a léireoidh saothar ealaíontóirí as Éirinn, ón Ríocht Aontaithe agus ón Iorua. Tig leat dul ar thuras treoraithe ag an ealaíontóir cónaitheach nó freastal ar léacht ar shaol agus ar shaothar Edward Delaney, ealaíontóir de bhunadh Chlár Chlainne Mhuiris.
Blink Visual Arts, grúpa ionaid ealaíne i gCathair na Mart, a choinneoidh a gcuid doirse ar oscailt ar an oíche le daoine ag dul thar bráid a mhealladh isteach chun sracfhéachaint a thabhairt ar a gcuid taispeántais. I measc ionaid BLINK tá Absolutely Pottery, Michael Gannon Photography, The Wright Gallery, The Waterfront Gallery, Images of Mayo, Sea Sky Shore Art Gallery.
Tá an féinléiriú ar cheann de na bealaí is fearr chun cur lenár dtimpeallacht chultúrtha; tá Ionad Ealaíon Halla an Línéadaigh ag iarraidh é seo a dhéanamh i gceart ar an oíche. Ardmheas ó dhaoine ar chomhaois leat féin a bhronnfar ort agus deochanna le n-ól agat - tuige nach dtiocfá amach ag Halla an Línéadaigh agus cuir tú féin in iúl! Beidh cuairteoirí in ann taispeántas Rory Breslin a fheiceáil agus blaiseadh a fháil ar dhomhan mistiúil an teilgin umha. Nó buail isteach ar cheann de na gearrscannáin is fearr a eisíodh in Éirinn an bhliain seo caite, a chlúdaíonn ábhair ar nós an fhia a shíleann gur bó é, dán magúil faoi theanga na Polainnise, agus Bollywood (i stíl Bhaile Átha Cliath). Ar deireadh tá an t-ionad ag tabhairt cuireadh do dhaoine leabhair, DVDanna da gcuid féin a bhreith leo agus a mhalartú ar an oíche. Deis iontach í seo bualadh le daoine leis na hábhair spéise céanna agus teacht ar thaiscí luachmhara.
Aithne mhaith a bheas ag roinnt pobail ar Artsquad a bhíonn ag obair le roinnt grúpaí ar imeachtaí ealaíne ó bhliain go bliain. Deis iontach í seo, áfach, dóibh sin nár chas riamh ar Artsquad bualadh isteach ar a gceardlann i gCaisleán an Bharraigh ar Oíche Chultúr Mhaigh Eo. Malartú cultúrtha ar bhealach a bheas ann ar an oíche, malartú smaointe agus scileanna, sa cheardlann ina mbeidh ealaín, comhrá agus ceol.
Níl anseo ach fíorbheagán de na himeachtaí a bheas ar siúl ar Oíche Chultúr Mhaigh Eo. Beidh eolas agus bróisiúir ar fáil ón Oifig Ealaíon agus ó na hionaid éagsúla ó lár mhí Lúnasa ar aghaidh. Iontaobhas Cultúrtha Bharra an Teampaill a chomhordnaigh Oíche an Chultúir le tacaíocht ón Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Mhaigh Eo. Lúcháir mhór atá i mbliana orainn de thairbhe tacaíocht Mid West Radio a bheas ag déanamh fógraíochta sna meáin dúinn ar na himeachtaí. Coinnigh ort ag éisteacht leis an raidió le tuilleadh eolais a fháil faoi na himeachtaí a bheas ar bun ar an oíche. Crochfar póstaeir suas thart ar cheantair na n-ionaid éagsúla le heolas a scaipeadh faoi céard a bheidh ar siúl ina n-ionad áitiúil féin ar an oíche. Coinnigh súil amach ar na fógraí rialta sna meáin áitiúla chomh maith. Thar rud ar bith eile, abair le duine éigin – gaol, cara, comharsa nó comhghleacaí leat féin (nó abair leo ar fad!) faoi Oíche Chultúr Mhaigh Eo. ‘Sí an chloch is mó ar phaidrín Oíche Chultúr Mhaigh Eo ná daoine a mhealladh amach le freastal ar na himeachtaí éagsúla – mar sin tar amach agus faigh amach céard a bhíonn ar siúl in ionaid ealaíon Mhaigh Eo. Le tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil leis an Oifig Ealaíon ag 094-9024444 Fo-líne 7558, 7471 nó ríomhphost mayoarts@mayococo.ie .
Posted: 13/08/2010
Tá cuid den eolas seo nach bhfuil ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair. Chun breathnú ar an teolas seo go hiomlán í mBéarla, le do thoil, cniog ar an lipéad ‘’English’’ ar bhárr an leathanaigh.
