Oifig na Gaeilge
Déanann Oifig na Gaeilge úsáid na Gaeilge a chur chun cinn agus a chothú i gContae Mhaigh Eo agus cabhraíonn sí le forbairt agus cur i bhfeidhm bheartas dátheangach Údaráis Áitiúla Mhaigh Eo.
Contae Gaeltachta atá i Maigh Eo a bhfuil pobal Gaeilge beoga ann. Tá Gaeltachtaí Iorrais, Acla, Inis Bigil agus Thuar Mhic Éadaigh saibhir ó thaobh bhéaloidis, na litríochta, an cheoil, láithreáin stairiúla, na seandálaíochta agus mar áiteanna ina bhfuil an teanga Ghaeilge a labhairt iontu. Tá an Chomhairle díograiseach ó thaobh oidhreacht teanga ar leith an Chontae a chosaint agus an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga pobail sna Gaeltachtaí.

Léarscáil le cead ó Gaelsaoire
Tá pobal Gaeilge láidir ann lasmuigh den Ghaeltacht freisin, agus breis agus 44% de dhaonra an Chontae ag maíomh go bhfuil Gaeilge acu sa daonáireamh is deéanaí.
Ceangail linn ar Twitter
& Facebook 
