An Ghaeilge i Maigh Eo
Cuireann Oifig na Gaeilge deiseanna ar fáil inar féidir le daoine a bhfuil Gaeilge acu bualadh le chéile chun Gaeilge a labhairt, ar mhaithe le líonra Gaeilgeoirí a chruthú ar fud an Chontae.
Eagraítear sraith de 'Lón Gaeilge' i gCaisleán an Bharraigh, i mBéal an Átha agus i mBaile an Róba, bíonn ar rath ar na lóin seo inar tugadh deis d'fhoireann na Comhairle, lucht labhartha na Gaeilge, foghlaimeoirí Gaeilge agus iad siúd nach labhraíonn an Ghaeilge ach go hannamh, a gcuid 'cúpla focal' a úsáid i mbealach réchúiseach taitneamhach.

Cuireann Oifig na Gaeilge bonn taca faoi líonra na Ciorcail Chomhrá ar fud an Chontae a thagann le chéile uair sa mhí nó uair sa tseachtain, agus eagraítear imeachtaí inar féidir leis na grúpaí agus foghlaimeoirí Gaeilge teacht le chéile, de leithéid turas siúlóide i gCeathrú Thaidhg agus Cóisir Nollag i dTuar Mhic Éadaigh.
Seirbhís e-Nuachtlitreach
Scaipeann Oifig na Gaeilge e-nuachtlitir míosúil ina gcuirtear daoine ar an eolas faoi imeachtaí cultúrtha agus teanga ar fud an chontae; idir chiorcail chomhrá agus seisiún cheoil, idir shiúlóidí faoi threoir agus léiriú scannán, idir champaí samhraidh do pháistí agus chúrsaí Gaeltachta do dhaoine fásta i dteannta le scéalta suimiúla agus deiseanna fostaíochta agus cistithe.
Acmhainn úsáideach atá sa tseirbhís nuachtlitreach seo freisin d'eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta ar mhian leo poiblíocht a dhéanamh ar a gcuid imeachtaí agus a gcuid clár.
Tá an cartlann nuachtlitreach le fáil anseo.
Oifig na Gaeilge
Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh
Co. Mhaigh Eo
Teileafón : (094) 904 7541
R-phost : gaeilge@mayococo.ie
& Facebook 
