Lá Náisiúnta Filíochta 2008 | National Poetry Day
D’eagraíodh Lá Náisiúnta Filíochta i mbliana mar chuid de cheiliúradh 30 bliain Éigse Éireann, chun aird a tharraingt ar saibhreas agus éagsúlacht na filíochta comhaimsearaí sa tír seo, agus chun deis a thabairt don phobal uilig a bheith páirteach ann agus “cluas” a thabhairt don fhilíocht.
Louis de Paor ag léamh a chuid filíochta i Leabharlann an Chontae - Lá Náisiúnta Filíochta
An Dán is fearr le Muintir Mhaigh Eo | Mayo's Favourite Poem
D'fhógraíodh an dán is fearr le muintir Mhaigh Eo ag léamh filíochta le Louis De Paor i Leabharlann an Chontae, ar ndóigh bhí an bua ag 'Cill Aodáin"...
Le linn mhí Mheán Fómhair seo caite bhí comórtas á reáchtáil chun fáil amach céard é an dán is fearr le muintir Mhaigh Eo. Tháinig na ríomhphoist agus litreacha isteach go tiubh, agus iad ag déanamh an cás is fearr dár rogha dáin. Bhí réimse iontacha leathan d’iontrálacha ann ó véarsaíocht ó shean laethanta scoile go liricí amhráin, filíochta cogaidh, dánta faoi shaol agus bhás agus cén chaoi a féidir déileáil leo. Ainmíodh roinnt dánta ar chúiseanna pearsanta, toisc gur chuir siad am agus áit ina raibh a saol sona i gcuimhne dóibh nó toisc gurbh é an dán ab fhearr le tuismitheoir atá ar shlí na fírinne ó shin é. Bhí cuid acu go hálainn ina gcruth agus ina struchtúr, bhí cuid eile iontach maothintinneach ag cur brí don saol atá thart in iúl.
I gcás go leor, leor daoine, ba é an dán a roghnaigh siad ná an chéad dán a bhfuil cuimhne acu ar ón gcuraclam scoile. Bhí an tóir ar ‘The Old Woman of the Roads’ le Pádraic Colum le na línte áille tosaigh “Oh to have a little house/to own the hearth and stool an dall.” Bhí an tóir ar “The Lake Isle of Innisfree” le Yeats, “Tiger, tiger, burning bright...” le Blake agus ‘Kubla Khan’ le Coleridge. Roghnaigh go leor daoine monalóga agus soinéid de chuid Shakespeare.
Ar ndóigh b’iad na filí Éireannacha a bhí go mór chun tosaigh. Bhí filíocht Seamus Heaney luaite ag go leor daoine óga. Bhí an tóir ar fhilí Éireannacha atá fós beo agus bhí Paul Durcan amach chun tosaigh lena chuid scéalta faoi ‘tea boys’ agus ‘haymakers’. Bhí an-tóir ar Bhrendan Kennelly go háirithe a dhán spreagúil ‘Begin’ a bhí á léamh ar RTÉ ag tús na mílaoise seo.
Nochtar an chuid dánta áille, dánta le filí áitiúla ina measc. Filí nua-aimseartha ar nós Raymond Carver, ‘Beloved’; Stevie Smith ‘Not Waving but Drowning’. Chuir Jarlath Cunnane ó chlú mór Northabout isteach dán álainn dár teideal ‘Christmas at Sea’ le Robert Louis Stevenson a chuireann spiorad agus misneach fir mara le glúnta anuas in iúl.
Fuarthas an-chuid iontrálacha Gaeilge, bhí an-tóir ar ár Raiftearaí féin ach go háirithe le ‘Cill Chais’ agus ‘Dónal Óg’ lena línte deireannacha:
Bhain tú 'n ghealach is bhain tú an ghrian díom
Bhain tú an croí geal a bhí ' mo chliabh dhíom
'S is ró-mhór m'fhaitíos gur bhain tú Dia dom
Dán álainn eile a luaitear ná ‘Subh Milis’ le Séamus Ó Néill, dán faoi fhearg máthair agus í tar éis subh milis a fheiceáil ar mhurlán dorais, ach imíonn an fearg uaithi go scioptha nuair a smaoiníonn sí go dtiocfaidh an lá ina mbheidh an murlán glan “agus an láimh beag ar iarraidh” luath go leor.
Bhí an tóir ar liricí amhráin, ag léiriú gurb í an cheol an t-aon uirlis filíochta atá ag an tromlach dúinn tar éis na geataí scoile a fhágáil. Bhí go leor iontrálacha do Bob Dylan agus bhí an-tóir ar Leonard Cohen, is dócha gur toradh é seo ar rath a gcuid ceolchoirmeacha in Éirinn níos túisce i mbliana.
Fuaireamar amach go bhfuil brí ar leith ag an bhfilíocht do dhaoine ar leith agus fiú nuair a fhiafraítear orthu siúd a dheireann nach mbíonn filíocht á léamh acu riamh, tá siad in ann cuimhne ar dhán agus a rá cén brí atá ag an dán seo ar a saol féin.
Go minic ceaptar go cineál ‘pléisiúr esoteric’ atá sa bhfilíocht, rud nach mbaineann ach fíor bheagán daoine sult agus sólás as, ach tá sé cruthaithe ag an gcomórtas seo go bhfuil an fhilíocht fite fuaite i saol laethúil muintir Mhaigh Eo.
Céard iad na dán is fearr le muintir Mhaigh Eo? Sa triú háit bhí ‘He wishes for the Cloths of Heavan’ le WB Yeats. Luaigh go leor mná an dán seo ina bhfuil an líne iontach rómánsúil “Thread softly because you thread on my dreams.” Sa dara háit bhí ‘If’ le Rudyard Kipling. Dán spreagúil é seo, a thugann misneach do dhaoine leanúint ar aghaidh, tá an dán seo go mór i mbéal an phobail faoi láthair toisc go bhfuil sé á léamh ag Seán Boylan ar an bhfógra teilifíse don CLG.
Agus ar ndóigh, is é ‘Cill Aodáin’ le Antoine Raifteirí an dán is fearr le Muintir Mhaigh Eo.
