Tá tú anseo: Baile > Na Seirbhísí > Tithíocht > An t-Údarás Áitiúil

Eolas Gaolmhar

An t-Údarás Áitiúil


Tithíocht ón Údarás Áitiúil

Go traidisiúnta, ba í tithíocht ón Údarás Áitiúil an chéad rogha ag daoine nach raibh in ann tithíocht réasúnta a sholáthar óna n-acmhainn féin. Cé go bhfuil roghanna tithíochta eile tagtha ar an bhfód le blianta beaga anuas, is iad na hÚdaráis Áitiúla a chuireann an chuid is mó den tithíocht shóisialta ar fáil, ag soláthar ranna tithíochta ar cíos a fheileann do gach saghas riachtanais cóiríochta.

An Bhfuil Mé Incháilithe ina Leith?

Má tá riachtanas tithíochta agat agus nach bhfuil acmhainní agat í a chur ar fáil duit féin, thiocfadh leat chur isteach ar thithíocht ón údarás áitiúil. Agus iad ag déanamh measúnaithe ar d'iarratas, tógfaidh an t-údarás áitiúil san áireamh líon an teaghlaigh, ioncaim an teaghlaigh, an chóiríocht atá agat faoi láthair (má tá cóiríocht agat), cuma na cóiríochta sin, agus aon chúinse speisialta, m.sh. aois, míchumas, cúinsí sláinte, &rl. Má cheapann tú go gcáilíonn tú le haghaidh tithíochta ón údarás áitiúil labhair leis an údarás áitiúil.

Cén Áit is Féidir Liom Iarratas a Dhéanamh?

Tá oifigí ag na cinn is mó de na húdaráis áitiúla a bhíonn ag plé leis na hiarratais ar thithíocht amháin. Go hiondúil bíonn oifigeach ag na húdaráis eile a dhéanann cúram do chúrsaí tithíochta ina gceantar. Tá liosta seoltaí agus uimhreacha na n-údarás áitiúil i Mír na Seirbhísí Stáit, chun tosaigh san eolaire teileafóin.

An Féidir Liom mo Theach a Cheannach ón Údarás Áitiúil?

Is féidir. Más tionónta i dteach de chuid an údaráis áitiúil thú le bliain ar a laghad, thiocfadh leat iarratas a dhéanamh don údarás áitiúil do theach a cheannach ar phraghas lascainithe. Is féidir do theach a cheannach thar barr amach nó ar úinéiréacht roinnte. Is rogha í seo a thugann deis do thionónta nach bhfuil ar a chumas aige a theach a cheannach thar barr amach roinnt den chostas ceannaithe a íoc anois agus an fuílleach a íoc níos faide ar aghaudh, laistigh de 25 bliain. Má tá tú ag ceannach thar barr amach, tá rogha agat iarratas ar mhorgáiste a dhéanamh ó d'údarás áitiúil féin, nó ó chumann foirgníochta, nó banc. Má tá tú ag ceannach faoi úinéireacht roinnte, is féidir morgáiste a fháil ó d'údarás áitiúil chun costas do choda a íoc. Tá bileog ar leith a insíonn faoin scéim cheannaithe do thionóntaí le fáil ó d'údarás áitiúil.

Agus Mura gCáilíonn Mé?

Mura gcáilíonn tú, cuirfidh an t-údarás ar d'eolas tú faoi agus tabharfaidh siad míniú duit ar na fáthanna. Tá an t-údarás ábalta eolas a chur ar fáil agus moltaí a dhéanamh ar na roghanna tithíochta eile atá ar fáil ­- m.sh. Úinéireacht Roinnte, Tithíocht Inacmhainne, Iasachtaí Tithíochta ón Údarás Áitiúil, Léigh leat le do thoil chun eolas breise a fháil ar na seirbhísí a chuireann muid ar fáil, nó déan teagmháil linn sa Chomhairle Contae ar (094) 24444


Rannóg Tithíochta


.
Teileafón : 094 9024444 (Caisleán an Bharraigh) no 098 50400 (Cathair na Mart)
R-phost : housing@mayococo.ie
9:30 a.m. - 1:00 p.m. agus 2:00 p.m. - 4:30 p.m.

Tá cuid den eolas seo nach bhfuil ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair. Chun breathnú ar an teolas seo go hiomlán í mBéarla, le do thoil, cniog ar an lipéad ‘’English’’ ar bhárr an leathanaigh.