Tithíocht: Scéimeanna Deontas
Scéimeanna Deontas
Ar an 1 Samhain 2007 tháinig trí scéim deontas nua i bhfeidhm in áit an Deontais do Dhaoine faoi Mhíchumas agus an Deontais um Chóiriú Riachtanach. Tá na scéimeanna nua seo ar fad á riaradh ag Comhairle Contae Mhaigh Eo.
An Deontas um Áiseanna Soghluaisteachta i dTithe: Cuireann an deontas seo maoiniú ar fáil i gcomhair bunoibreacha ar thithe chun dul i ngleic leis na fadhbanna soghluaisteachta a bhíonn ag daoine aosta go príomha, agus daoine eile freisin. I measc na socruithe a mhaoinítear faoin scéim tá:
- Greimráille;
- Rampaí rochtana;
- Cithfholcadáin boinn leibhéalta;
- Ardaitheoirí staighre; agus
- Mionoibreacha eile a meastar gurb éigeantach iad chun freastal ar riachtanais soghluaisteachta duine den teaghlach.
An Deontas um Oiriúnú Tithe do Dhaoine faoi Mhíchumas: Tá an deontas seo ar fáil chun oibreacha a mhaoiniú a bhfuil gá réasúnta leo chun teach a chur in oiriúint do dhuine atá faoi mhíchumas, .i. duine a bhfuil máchail fhisiceach, lagú céadfach, nó lagú intleachta orthu, nó a bhíonn i ndrochshláinte intinne ar bhonn seasta. I measc na n-oibreacha a cheadaítear faoin scéim tá rampaí rochtana, leithris ar urlár na talún, ardaitheoirí staighre, cithfholcadáin inrochtana, socruithe chun an áit a chur in oiriúint do chathaoir rothaí, síntí, agus aon oibreacha eile a bhfuil gá réasúnta leo chun teach a chur in oiriúint do dhuine atá faoi mhíchumas.
An Scéim Oibreacha Tí do Dhaoine Scothaosta: Tá an scéim seo ar fáil do dhaoine scothaosta a bhfuil drochchaoi ar an teach acu chun an teach sin a dheisiú nó a chóiriú mar is cuí. Áirítear i measc na n-oibreacha a mhaoinítear faoin scéim seo: deisiúcháin nó feabhsuithe déanmhasacha; ath-shreangú; deisiúcháin d'fhuinneoga nó doirse nó cinn nua ina n-ionad; feistiú córas teasa; soláthar uisce agus seirbhísí sláintíochta; glantachán; péinteáil agus tirimlíneáil.
Tá foirmeacha iarratais agus sonraí i leith na scéimeanna thuas ar fáil ó www.mayococo.ie. Ba cheart foirmeacha comhlánaithe iarratais a chur faoi bhráid na hOifige Ceantair is gaire duit ón liosta a leanas:
|
Plás Arran,
Béal an Átha |
(096) 76100 |
|
|
Bóthar Chill Mheáin,
Baile an Róba |
(094) 95 41111 |
|
|
Bóthar na hEaglaise,
Béal an Mhuirthead |
(097) 81004 |
|
|
Áras an Chontae, An Meal, Caisleán an Bharraigh |
(094) 90 24444 |
|
|
Bóthar Bhéal Átha hAmhnais,
Clár Chlainne Mhuiris |
(094) 93 62954 |
|
|
Bóthar an Stáisiúin |
(094) 92 51495 |
|
| Sráid Altamont, Cathair na Mart |
(098) 50400 |
Rannóg Tithíochta
An Rannóg Tithíochta
Teileafón : 094 9024444 (Caisleán an Bharraigh) nó 098 50400 (Cathair na Mart)
R-phost : housing@mayococo.ie
9:30 r.n. - 1:00 i.n. agus
2:00 i.n. - 4:30 i.n.
