Tá tú anseo: Baile > Na Seirbhísí > Tithíocht > Láithreáin Thithíochta ar Chostas Íseal

Eolas Gaolmhar

Láithreáin Thithíochta ar Chostas Íseal


Láithreáin Thithíochta ar Chostas Íseal

Tig le údaráis áitiúla suíomhanna tithíochta a chur ar fáil ar chostas íseal chun cuidiú le daoine a bhfuil riachtanais tithíochta orthu a gcuid tithíochta féin a sholáthar. Tig le tithíocht dá leithéid bheith curtha ar fáil:

  • ina aonair, le cúnamh, más gá, ó bhearta tithíochta soisialta eile, ina measc úinéireacht roinnte, iasachtaí le ceannach ón údarás áitiúil, liúntais ar mhorgáiste,

  • le chéile, trí scéimeanna tithíochta deonacha, tionscadail úinéireachta spesialta i ngrúpaí, nó ó chomharchumainn tithíochta.

Más duine thú a:

  • bhfuil d'iarratas ar thithíocht ón údarás áitiúil ceadaithe ag an údarás áitiúil,

  •  más tionónta nó tionónta-cheannaitheoir de chuid an údaráis aitiúil thú, ar mhaith leat teach príobháideach a cheannach agus an teach atá agat a thabhairt ar ais don údarás áitiúil,

  •  más tionónta thú le bliain nó níos mó i dteach atá curtha ar fáil ag comhlacht deonach faoin Scéim um Chóiríocht ar Cíos a theastaíonn uait teach príobháideach a cheannach agus an ceann ina bhfuil cónaí ort faoi láthair a thabhairt ar ais don chomhlacht deonach,

  •  más ball de chomharchumainn tithíochta nó de ghrúpa tithíochta neamhbhrabúis thú a bhfuil ar a laghad 75% de na baill ina dtionóntaí, ina dtionóntaí-cheannaitheoirí nó ina ndaoine a bhfuil a n-iarratais ar thithíocht on údarás áitiúil ceadaithe ag an údarás áitiúil,

  •  más duine thú atá ag glacadh páirt i dtionscadal úinéireachta roinnte urraithe ag údarás áitiúil nó chomharchumainn tithíochta, tig leat leas a bhaint as an scéim suíomhanna ar chostas íseal chun suíomh a fháil le teach nua a thógáil.

Cé mhéad a chosnaíonn suíomh?

Déanfaidh an t-údarás áitiúil cinneadh ar an chostas ag brath ar roinnt tosca, mar shampla láthair an tsuímh, agus ioncam agus cúinsí pearsanta an iarratasóra. Tig leis an chostas bheith chomh híseal le €127.

Céard é an Tionscnamh Comhúinéireachta Tithíochta?

Tig le húdaráis áitiúla, nó na comharchumainn tithíochta, scéimeanna a urradh atá dírithe ar dhaoine ar mhaith leo bheith páirteach in Úinéireacht Roinnte. Sna cásanna seo, cuireann an t-údarás áitiúil suíomhanna ar chostas íseal ar fáil maidir le gach teach sa scéim, má cháilíonn nó mura gcáileoidh an t-úinéir ionchasach leis féin do scéim na suíomhanna ar chostas íseal.


Rannóg Tithíochta


.
Teileafón : 094 9024444 (Caisleán an Bharraigh) no 098 50400 (Cathair na Mart)
R-phost : housing@mayococo.ie
9:30 a.m. - 1:00 p.m. agus 2:00 p.m. - 4:30 p.m.

Tá cuid den eolas seo nach bhfuil ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair. Chun breathnú ar an teolas seo go hiomlán í mBéarla, le do thoil, cniog ar an lipéad ‘’English’’ ar bhárr an leathanaigh.