Tá tú anseo: Baile > Na Seirbhísí > Tithíocht > Liúntas Morgáiste

Eolas Gaolmhar

Tithíocht: Liúntas Morgáiste


Scéim Liúntas Morgáiste


Íoctar liúntas suas chuig €11,428 thar thréimhse 5 bliana do thionóntaí nó do thionóntaí-cheannaitheoirí ón údarás áitiúil, nó tionónta i dtithíocht curtha ar fáil faoin Scéim Chóiríochta ar Cíos, chun cabhrú leo teach príobháideach a cheannach nó a thógáil ar mhorgáiste.

An gCáilíonn Mé?

Más

  • tionónta nó tionónta-cheannaitheoir de chuid an údaráis áitiúil thú ar mhaith leat teach príobháideach a cheannach, agus an teach atá agat a thabhairt ar ais don údarás áitiúil,

  • más tionónta thú le breis agus bliain caite agat i dteach atá curtha ar fáil ag comhlacht deonach faoin Scéim Chóiríochta ar Cíos, ar mhaith leat teach príobháideach a cheannach agus an teach atá agat a thabhairt ar ais don chomhlacht deonach,is féidir leat cur isteach ar liúntas mhorgáiste.

Cé mhéád atá sa Liúntas?

Go hiondúil is fiú €11,428 an liúntas. Íoctar go díreach don ghníomhaireacht iasachta é, agus laghdaíonn sé na híocaíochtaí ar do mhorgáiste i ngach ceann de na chéad cúig bliana an mhorgáiste - le €3,555 sa chéad bhliain, € 2,793 sa dara bliain, €2,032 sa tríú bliain, €1,778 sa cheathrú bliain, agus le €1,270 sa chúigiú bliain. Ní féidir go mbeadh an liúntas a íoctar in aon bhliain amháin níos mó ná méid na n-aisíocaíochtaí ar an mhorgáiste. Mar shampla, dá mbeadh €3,174 le n-íoc agat ar do mhorgáiste sa chéad bhliain, bheadh €3,174 sa liúntas.

Go ginearálta, beidh aisíocaíochtaí morgáiste agat fós, fiú amháin leis an liúntas mhorgáiste san áireamh. Mar shampla, le morgáiste €101,579 thar 20 bliain ó d'údarás áitiúil, leis an ús athraitheach, é ag seasamh faoi láthair ag 6% (Eanáir 2001), (cosaint mhorgáiste ag 0.67% fágtha amach), d'ísleodh an liúntas mhorgáiste d'aisíocaíochtaí míosúla (roimh faoiseamh cánach ioncaim ar ús mhorgáiste), sa chéad bhliain ó €738 síos go tuairim is €442 in aghaidh na míosa.

Mura bhfuil tú in ann morgáiste a fháil ó bhanc nó ó chumann foirgníochta, tig leat bheith incháilithe ar cheann ón údaras áitiúil - cuir ceist ar d'údarás áitiúil faoina n-iasachtaí le haghaidh cheannach tí. Má tá tú ag ceannach tí nó má tá teach á thógáil duit agus nach bhfuil teach ceannaithe agat cheana féin (ach amháin teach faoi cheannach ag tionónta á thabhairt ar ais), tá féidearthacht ann go mbeadh an deontas ar teach nua iníoctha. Má tá sé i gceist agat teach nua a thógáil, tig leat suíomh ar chostas íseal a fháil ó d'údarás áitiúil mar aon leis an liúntas mhorgáiste.


Rannóg Tithíochta


An Rannóg Tithíochta
Teileafón : 094 9024444 (Caisleán an Bharraigh) nó 098 50400 (Cathair na Mart)
R-phost : housing@mayococo.ie
9:30 r.n. - 1:00 i.n. agus
2:00 i.n. - 4:30 i.n.