Tithíocht: Tithíocht Dheonach
Scéimeanna um Thithíocht Dheonach
Tá ról tábhachtach ag comhlachtaí deonacha tithíochta ag cur tithíocht ar cíos ar fáil ar fud na tíre do dhaoine nach mbeadh in ann cóiríocht oiriúnach a sholáthar dóibh féin óna n-acmhainní féin ar aon bhealach eile. Rinne na comhlachtaí deonacha tithíochta cinneadh ar na saghsanna tionscadail/seirbhísí tithíochta a chuirfeadh siad ar fáil maidir le riachtanais áitiúla, agus tá freagracht acu maidir le dáileadh thiónóntachtaí i gcomhairle leis na húdaráis eile. Is eagraíochtaí neamhbhrabúsacha iad seo dírithe ar faoiseamh a chur ar fáil do riachtanais tithíochta. Go hiondúil bíonn an stádas dlíthiúil céanna acu is atá ag eagraíochtaí tithíochta.
Tugann údaráís áitiula, agus an Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiluil tacaíocht do thithíocht dheonach faoi dhá scéim ar leith, mar a leanas:
An Scéim um Chúnamh Caipitil
Cuireann an Scéim Chúnamh Caipitil cóiríocht ar fáil, ionaid le seomra codlata nó dhá cheann go hiondúil, chun freastal ar riachtanais speisialta tithíochta, mar riachtanais dhaoine aosta, dhaoine faoi mhíchumas, nó teaghlaigh bheaga.
An Scéim um Fhóirdheontais Chíosa
Cuireann an scéim seo tithíocht ar cíos ar fáil go háirithe chun freastal ar riachtanais teaghlach ar ioncam íseal.
An bhfuil aon chúnamh le fáil dom chun teach a cheannach sula mbeartaím ar bhogadh as teach curtha ar fáil ag comhlacht deonach tithíochta?
Tá. Cáilíonn tionóntaí atá ina gcónaí i dtithe atá curtha ar fáil faoin Scéim um Fhóirdheontais Chíosa agus a dtugann a dtithe ar ais don chomhlacht tithíochta dheonach, cáilíonn siadsan don raon tairbhí céanna atá le fáil ag tionóntaí an údaráis áitiúil atá ag tabhairt a dtithe ar ais.
Ina measc seo tá:
An Scéim um Liúntas Morgáiste
- díolúine ó theorainneacha ioncaim don úinéireacht roinnte
- díolúine ó theorainneacha ioncaim don scéim tithíochta inacmhainne
- díolúine ó theorainneacha ioncaim ar iasachtaí ón údarás áitiúil chun teach a cheannach
- na hoibreacha deisiúcháin in áit na Scéime Tithíochta ón Udarás Aitiúil maidir leis an teach a mbogann an tionónta chuige.
- suíomhanna tógála ar luach íseal ón údarás áitiúil.
Rannóg Tithíochta
An Rannóg Tithíochta
Teileafón : 094 9024444 (Caisleán an Bharraigh) nó 098 50400 (Cathair na Mart)
R-phost : housing@mayococo.ie
9:30 r.n. - 1:00 i.n. agus
2:00 i.n. - 4:30 i.n.
