Fa oi Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Cead Bailiúcháin) 2001 caithfidh duine atá i bhfeighil gnó ina mbailítear dramhaíl ceadúnas a fháil ón údarás áitiúil chun an dramhaíl a bhailiú. Is í Comhairle Chontae Mhaigh Eo an príomh-údarás a eisíonn ceadúnais bhailithe i réigiún Chonnacht. Má tá tú i mbun dramhaíl de chineál ar bith a iompar i réigiún Chonnacht, caithfidh tú iarratas a chur isteach ar ceadúnas bailithe lena haghaidh. Is coir é dramhaíl a iompar gan cheadúnas. Rialaíonn ceadúnais bhailithe bogadh an chuid is mó de chineálacha dramhaíola, m.sh. earraí in-athchúrsáilte tí nó tráchtála, dramhaíl ó láithreáin tógála agus láithreáin scriosta foirgnimh, cré atá fágtha, earraí leictreacha, boinn, batairí, ola cócaireachta srl. Más duine thú a bhailíonn dramhaíl bí cinnte go bhfuil an ceadúnas bailithe cuí agat.
Má tá tú ag úsáid seirbhísí bailitheora dramhaíola déan cinnte go bhfuil an ceadúnas ceart aige. Tá dualgas ar dhuine ag a bhfuil an ceadúnas é a thaispeáint go soiléir ar fhuinneog a fheithicile. Ar an cheadúnas tá lógó de chuid Bhainistíocht Dramhaíola Chonnacht (Connaught Waste Management) agus léiríonn sé gur bailitheoir ceadaithe iad an chomhlacht. Is coir í do chuid dramhaíola a thabhairt do dhuine gan an ceadúnas bailithe dramhaíola sin. Tá liosta iomlán de na bailitheoirí ceadaithe le feiceáil ar www.connaughtwaste.ie
(www. dramhaílchonnacht.ie)
Le haghaidh tuilleadh eolais a fháil ar cheadúnais bhailithe dramhaíola glaoigh ar Rannóg Comhshaoil s'againn (094) 9024444.
Rannóg Comhshaoil
An Dara hUrlár, Comhairle Contae Mhaigh Eo
Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh
Teileafón : Teileafón: (094)902 44 44
R-phost :R-phost:Environment@mayococo.ie
Uaireanta Oscailte: 9:30 r.n. go 1:00 i.n.
agus 2:00 i.n. go 4:30 i.n.