Tá tú anseo: Baile > Na Seirbhísí > Comhshaol > Bainistíocht Dramhaíola > Ceadúnais Ionaid Dramhaíola

Bainistíocht Dramhaíola: Ceadúnais Ionaid Dramhaíola



Rialacháin Cheadúnas Ionaid Dramhaíola (Míniú)


Eisíonn Comhairle Chontae Mhaigh Eo ceadúnais faoi Rialacháin um Bhainistiú Dramhaíola(Ceadúnas)1998. Ní hionann an ceadúnas seo agus an ceann a eisítear le haghaidh bailiúchán nó iompar dramhaíola. Baineann sé leis an chaoi a láimhsítear an dramhaíl agus ní lena bailiú. Eisítear na ceadúnais le haghaidh ionaid bhainistíochta dramhaíola, mar ionaid sórtála agus athchúrsála, agus freisin le haghaidh líonadh láthair le cré nó le dramhaíl tógála nó scartála. De ghnáth, eisíonn Comhairle Chontae Mhaigh Eo ceadúnais do chomhlachtaí beaga nach nglacann le barraíocht dramhaíola is nach mbeadh tionchar ró-mhór ag a gcuid oibre ar an timpeallacht. Nuair is gá déileáil le lear mór dramhaíola, cuir i gcás ag láithreán líonadh talún, caithfear ceadúnas a lorg ón Ghníomhaireacht um Chaomhnú Chomshaoil (EPA). Is coir é dramhaíl a dhiúscairt in ionad nach bhfuil an ceadúnas cuí aige. Ní eisíonn Comhairle Chontae Mhaigh Eo ceadúnais ach d’ionaid ina contae féin. Nuair a eisítear an ceadúnas déantar cigireacht ar an ionad go rialta agus caithfear cloí go dlúth leis na rialacháin. Tá liosta de na hionaid cheadaithe dramhaíola le fáil ag www.connaughtwaste.ie

Má tá foirm iarratais uait agus sonraí eile ar cheadúnais dramhaíola, glaoigh ar  Rannóg Comhshaoil s’againn: (094) 902 4444


Rannóg Comhshaoil


Rannóg Comhshaoil
An Dara hUrlár, Comhairle Contae Mhaigh Eo
Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh
Teileafón : Teileafón: (094)902 44 44
R-phost :R-phost:Environment@mayococo.ie
Uaireanta Oscailte: 9:30 r.n. go 1:00 i.n.
agus 2:00 i.n. go 4:30 i.n.

Tá cuid den eolas seo nach bhfuil ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair. Chun breathnú ar an teolas seo go hiomlán í mBéarla, le do thoil, cniog ar an lipéad ‘’English’’ ar bhárr an leathanaigh.