Tá tú anseo: Baile > Na Seirbhísí > Comhshaol > Bainistíocht Dramhaíola > Plean Bainistiú Dramhaíola Réigiúnach Chonnachta

Eolas Gaolmhar

Munar féidir leat an t-eolas atá uait a fháil

 

 

 

Plean Bainistiú Dramhaíola Réigiúnach Chonnachta



Réamhrá


Tá Plean Bainistíochta Dramhaíola curtha le chéile ag údaráis áitiúla Chonnachta, Comhairle Chontae Mhaigh Eo, Comhairle Contae na Gaillimhe, Comhairle Chontae Shligigh, Comhairle Chontae Liatroma agus Comhairle Chontae Ros Comáin mar aon le Bardas na Gaillimhe de réir Plean Bainistíochta Dramhaíola an Réigiún. Cuireadh an Plean seo le chéile de réir Alt 22 den Acht um Bainistiú Dramhaíola, 1996 agus na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Pleanáil), 1997. Tugann an Plean aird ar gach dramhaíl neamhghuaiseach a ghinntear laistigh de limistéir fheidhmiúcháin na húdaráis áitiúla.

Tá an Plean bunaithe ar Sraitéis Bainistiú Dramhaíola a cuireadh faoi bhráid údaráis áitiúla Chonnachta in Aibreán/Bealtaine 1999 agus thóg an sé údárás áitiúil cuntas ar na moltaí a rinneadh. Mhol an Straitéis cur chuige comhtháite bainistiú dramhaíola i leith tionscadail nua athchúrsála, cóireáil bhitheolaíoch agus theirmeach dramhaíl agus ar deireadh líonadh isteach talún le dramhaíl iarmharach. Cuirfear an Dréachtphlean ar fáil don phobal ar feadh 2 mhí sular féidir an Plean a thabhairt chun críche. Is feidhm fhorchoimeádta atá ann do Chomhaltaí Tofa an sé údarás dramhaíola reachtúil i gConnacht glacadh leis an Dréachtphlean.

Nuair a ghlactar leis an bPlean rachaidh sé in ionad ar aon Phlean Dramhaíola roimhe seo a bhí curtha le chéile ag údaráis áitiúla Chonnachta faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Dramhaíl), 1979 agus más iomchuí Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Dramhaíl Thocsaineach agus Chontúirteach), 1982. An tréimhse is lú atá curtha leis an bPlean ná cúig bliana agus déanfar athbhreithniú air ina dhiaidh sin ag féachaint do chás na huaire sin.

Tá cuid den eolas seo nach bhfuil ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair. Chun breathnú ar an teolas seo go hiomlán í mBéarla, le do thoil, cniog ar an lipéad ‘’English’’ ar bhárr an leathanaigh.