Bainistíocht Dramhaíola: Rialú Bruscair
Rialú Bruscair
Bainistíocht Dramhaíola: Rialú Bruscair
Rialú Bruscair
Cuireann Comhairle Chontae Mhaigh Eo seirbhís rialaithe bruscair ar fáil. Déantar seo trí oideachas agus forfheidhmiú. Tá clár scoile do pháistí is do dhéagóirí ann chun fadhb an bhruscair a mhíniú. Eagraítear comórtais agus imeachtaí eile chun an fhadhb a léiriú.
Déanann Comhairle Chontae Mhaigh Eo forfheidhmiú ar na dlíthe truaillithe bruscair. Tá triúr ceaptha ag Comhairle Chontae Mhaigh Eo mar mhaoir bhruscair agus is féidir teaghmháil leo go díreach:
An Dlí
Reachtaíodh Acht um Thruailliú Bruscair, 1997 le rialacháin níos géire a fhorfheidhmiú chun déileáil le fadhbanna truaillithe bruscair. Táthar tar éis an dlí seo a leasú ó shin ag an Acht um Bhainistiú Dramhaíola (Leasú) agus ag an Acht um Chosaint Timpeallachta. Seo thíos príomh-fhorálacha na reachtaíochta:
Fíneálacha
Má chaitheann tú bruscar uait in áit phoiblí, d'fhéadfaí fíneál €125 (£100) a chur ort ar an láthair, nó fíneáil €130,000 (£100,000) ar a mhéid, sa chúirt. Ní hionann bruscar agus píosaí beaga páipéir nó boinn toitíní amháin, ach rud ar bith, beag nó mór, atá nó a d'féadfadh bheith mímhaiseach amach anseo. Má chiontaítear tú i gcoireanna faoin reachtaíocht seo, tá seans freisin mbeidh ort na costais dlí ar fad a íoc.
Bruscar in Áiteanna Poiblí
Más leatsa sealúchas a bhfuil cead isteach ag an phobal ann, nó más tusa atá ina bhun, tá dualgas ort é a choinneáil saor ó bhruscar, cuma cén chaoi ar tháinig an bruscar ann. Baineann seo le chuile áit phoiblí.
Bruscar ar Shealúchas Príobháideach
Más leatsa sealúchas nó más áititheoir ann thú tá dualgas ort é a choinneáil saor ó bhruscar. Má tá cuid den sealúchas sofheicthe ag an phobal tá dualgas ort é a choinneáil glan ó bhruscar.
Bruscar - Spotaí Dubha
Más leatsa sealúchas nó más áititheoir ann thú agus má tá carn bruscair ann atá sofheicthe ag an phobal is féidir leis an údarás áitiúil ordú a thabhairt duit fáil réidh leis an bhruscar. Tig le bearta réamhchúramacha bheith san ordú seo a chaithfear a chomhlíonadh ionas nach dtarlóidh a leithéid arís.
Má dhiúltaíonn an t-úinéir nó an t-áititheoir gach a iarrtar air a dhéanamh, tá cumhacht ag an rialtas áitiúil pé rud is gá a dhéanamh chun an fhadhb a réiteach, agus beidh ar an sealbhóir nó an t-áititheoir na costais uilig a íoc.
Bruscar - Coireanna Eile
- Dumpáil neamhdhleathach
- Gan ionad a ghlanadh tar éis féile no ócáid mhór phoiblí
- Tá dualgas ar Ionaid Soghluaiste Mearbhia an áit i bhfoisceacht 100 méadar dá gcuid gnó a choinneáil saor ó bhruscar
- Salú ag madraí
- Fógraí nó comharthaí a chuirtear suas ar chuaillí nó ar fhoirgnimh
- Níl cead fógráin a chur ar fhuinneoga carr, agus cuireann údaráis áitiúla cosc go minic ar dháileadh fhógráin pháipéir sa tsráid
Le haghaidh tuilleadh eolais buail isteach chuig oifig an Mhaoir Bhruscair:
An Maor Bruscair
An Rannóg Comhshaoil,
Páirc an Ghleanna,
An Meal,
Caisleán an Bharraigh.
Fón: (094) 902 44 44
Ríomhphost: Envinfo@mayococo.ie
Glantacháin bruscair:
Moltar do chách comhoibriú lena bpobail agus a gcoistí bailte slachmhara áitiúla, agus iad ag eagrú feachtais ghlanta bruscair ina gceantar. Beidh áthas ar Chomhairle Chontae Mhaigh Eo málaí agus lámhainní a sholáthar chun cuidiú leis an ghlanadh. Teaghmhaigh le d’Oifig Áitiúil chun sonraí a fháil.
Scaob an Salachar
Is cion é salú mhadra a fhágáil in áit phoiblí. Teagmhaigh lenár rannóg comhshaoil chun gléasanna a fháil chun é a thógáil.
Rannóg Comhshaoil
Rannóg Comhshaoil
An Dara hUrlár, Comhairle Contae Mhaigh Eo
Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh
Teileafón : Teileafón: (094)902 44 44
R-phost :R-phost:Environment@mayococo.ie
Uaireanta Oscailte: 9:30 r.n. go 1:00 i.n.
agus 2:00 i.n. go 4:30 i.n.
