Tá tú anseo: Baile > Na Seirbhísí > Comhshaol > Clúidíní Ath-inúsáidte

Eolas Gaolmhar

Munar féidir leat an t-eolas atá uait a fháil

 

 

 

Múiríniú agus Athchúrsáil: Clúidíní Nádúrtha



Clúidíní Nádúrtha


Fíricí agus Miotas  /  Cineálacha atá ar fáil   Cá bhfuil siad le ceannach?

Clúidíní - Cén fáth nach gá dóibh bheith chomh daor sin!!!

Usáideann an gnáth-leanbh suas le 5,000 clúidín sula bhfaigheann siad oiliúint leithris. Is sa láithreán líonadh talún áitiúil a chríochnaíonn siad seo a saol agus tógann sé suas le 500 bliain sula dhianscaoileann siad go hiomlán. Is de laíon páipéir, plaistigh, gráinníní súiteacha glothaigh agus ceimicí a dhéantar clúidíní aon uaire agus tá tionchar diúltach ar an dtimpeallcht dá bharr.

An bhfuil aon rogha eile againn?

Tá réimse leathan clúidíní gur féidir a athúsáid, chomh maith le clúidíní aon uaire atá  neamhdhíobhálach don chomhshaol, ar an margadh in Éirinn anois. Tá clúidíní ath-inúsáidte níos cineálta don chomhshaol. I gcás chlúidíní cadáis ligeann siad seo don teas éalú agus bíonn an leanbh níos compordaí dá bharr.

Más amhlaidh go gcreideann tú an bholscaireacht in aghaidh na gclúidíní ath-inúsáidte, féachaimis ar fhíricí futhu.

Miotas: Beidh tú an-ghnóthach ag ní, ag sciúradh agus ag maothú.
Fíric: Is féidir na clúidíní nua-aimseartha a fheistiú go héasca le velcro srl. Is  féidir iad a chaitheamh faoi bhrístíní uiscedhíonacha a choinníonn an clúidín ina áit. Is féidir iad a ní sa mheaisín níocháin.
Miotas:Usáideann an níochán seo níos mó uisce agus fuinnimh, dá bhrí sin is rogha níos fearr don chomhshaol é na clúidíní aon uaire a úsáid. 
Fíric : Ón uair a dhéantar an clúidín aon uaire úsáideann sé 3.5 uaire níos mó fuinnimh, 8 n-uaire níos mó amhábhair neamh-inathnuaite, agus 90 uaire níos mó amhábhair inathnuaite ná mar a úsáideann clúidíní ath-inúsáidte. Cuireann siad ar fáil 2.3 uaire níos mó uisce fuíll agus 60 uaire níos mó dramhaíola soladaí. 

Cén sórt clúidín ath-inúsáidte ar cheart dom a úsáid? 

Tá clúidíní ath-inúsáidte níos saoire ná na clúidíní aon uaire. Ón uair a thosaíonn leanbh á n-úsáid go dtosaíonn sé/sí ag úsáid  an phota bhig cosnaíonn siad timpeall  €800 níos lú ná na clúidíní aon uaire, agus is féidir iad a úsáid arís le haghaidh an chéad leanbh eile. Dá bhrí sin, is fiú go mór airgead a chaitheamh ar chlúidíní súiteacha de chaighdeán ard.

Pé acu clúidíní den chineál ath-inúsáidthe nó cinn aon uaire a cheannaíonn tú, roghnaigh cinn ag a bhfuil an tionchar is lú acu ar an chomhshaol, mar shampla cinn le hamhábhair athchúrsáilte orgánacha gan chlóirín agus gan mórán ceimicí. Má úsáideann tú clúidíní ath-inúsáidte fiú ó am go chéile, is chun leasa na timpeallachta é.

Cá gceannóidh mé clúidíní ath-inúsáidte?

Taispeánann an liosta thíos cá bhfuil na clúidíní le ceannach. Is féidir na clúidíní a fháil tríd an phost uathu go hiondúil. Tá an liosta bunaithe ar eolas a seoladh chugam ag comhlachtaí éagsúla. Má tá aon chomhlacht eile a chuireann clúidíní cadáis nó cinn atá cineálta don chomhshaol ar fáil, cuir scéala chugam agus cuirfidh mé sonraí do chomhlachta sa chéad eagrán eile de Environmental News.

Clúídíní – roghanna atá neamhdhíobhálach don chomhshaol:

Clúidíní Eco Baby: Cineálta don nádúr, hiopailléirgineach agus seoltar chuig do dhoras féin iad.

Teagmahigh le: Pearse Stokes,

Bainisteoir Margaíochta,

Ecobaby Teo.
44 Ionad Gnó Páirc Iartharach
Bóthar Nangor,
Baile Átha Cliath 12,
Fón: 1850 52 52 53 nó  01- 6205050
Facs: 01 620 7966
Ríomhphost: info@ecobaby.ie Gréasáin: www.ecobaby.ie
Suíomh

EcoWare teo. 100%  clúidíní inmhúirínithe, sruthlaitheach agus earraí neamhchoinneálachta.

Teagmhaigh le: Wendy Leeword
Ecoware teo.
11 Plás Synge,
Baile Átha Cliath 8
Fón: 086 851 8001
Ríomhphost: ecoware@ireland.com 
Suíomh Gréasáin: www.ecoware.ie

Cotton Baby -  Oiriúintí cadáis atá sonite - chugat tríd an phost

Teagmhaigh le:Geraldine McCormick,
Cotton Baby,
Fón: 144 45372
Ríomhphost: info@cottonbaby.net
Suíomh
Gréasáin: www.cottonbaby.net

Baby Orchard -Clúidíní Nádurtha - tríd an phost

Teagmhaigh le: Carol Fellar
The Baby Orchard,
An tÚllord Ceilte,
Inis Eonáin,
Co.Chorcaí
Fón: 021 4776197
Ríomhphost: carol@thebabyorchard.com
Suíomh
Gréasáin:www.thebabyorchard.com

Little Angels - Clúidíní Cadáis

Teagmhaigh le: Little Angels
Móinín,
Caisleán an Bharraigh
Fón: 094 90 25398

Toymaster - Clúidíní Cadáis

Teagmhaigh le: Toymaster,
Eastáit Tionsclaíoch Pháirc Mhic Éil,
Caisleán an Bharraigh
Fón: 094 90 24991

Environmentally Friendly Disposable Nappies

Teagmhaigh le:

Ylang Ylang,
Sráid Shéamais,
Cathair na Mart
098 28802

Poppets Nappy Service

Louise Dempsey,
Larch View,
Otterstown,
Áth Buí,
Co. na Mí
046 9430764
loudempsey@eircom.net

Nappiness

Cnoc an tSeanbhaile,
Baile Feabhail,  
Co. Chill Chainnigh
jeanettesmith@eircom.net
056 7759942 

Natural Baby Resources

Maebh Collins
A
rd Cuillinn,
Óméith
Co. Lú
Fón: 042 937 5867
Ríomhphost:  naturalbabyresource@eircom.net
Suíomh
Gréasáin: www.naturalbabyresource.com


Rannóg Comhshaoil


Rannóg Comhshaoil
An Dara hUrlár, Comhairle Contae Mhaigh Eo
Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh
Teileafón : Teileafón: (094)902 44 44
R-phost :R-phost:Environment@mayococo.ie
Uaireanta Oscailte: 9:30 r.n. go 1:00 i.n.
agus 2:00 i.n. go 4:30 i.n.

Tá cuid den eolas seo nach bhfuil ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair. Chun breathnú ar an teolas seo go hiomlán í mBéarla, le do thoil, cniog ar an lipéad ‘’English’’ ar bhárr an leathanaigh.