Oideachas agus Pobal: Gradaim do Chomharsanachtaí Glana
Gradaim do Chomharsanachtaí Glana
Bronnann Feachtas Chomharsanachtaí Glana de chuid Chomhairle Chontae Mhaigh Eo na duaiseanna seo ar ghrúpaí deonacha sa chontae ar bhonn bliantúil. Seo an 16ú bliain den fheachtas agus tá líon na n-iomaitheóirí ag dul i méid in aghaidh na bliana i ngach catagóir de. Is iad seo a leanas na catagóirí ina mbronntar na gradaim:
- Tionscnamh an Chomhshaoil Aitiúil
- Glanadh Bruscair
- Gradam na n-Eastát Tithíochta Glan
- Tionscnaimh Chomhshaoil Scoileanna
- Reiligí Slachtmhara
Bíonn na sonraí faoin fheachtas Chomharsanachtaí Glana ins na nuachtáin áitiúla i ndeireadh mhí Aibreáin nó i dtús mhí Bealtaine chuile bhliain. Go hiondúil is é an chéad lá de Bhealtaine an lá deiridh le haghaidh iarratais a chur isteach.
Rannóg Comhshaoil
Rannóg Comhshaoil
An Dara hUrlár, Comhairle Contae Mhaigh Eo
Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh
Teileafón : Teileafón: (094)902 44 44
R-phost :R-phost:Environment@mayococo.ie
Uaireanta Oscailte: 9:30 r.n. go 1:00 i.n.
agus 2:00 i.n. go 4:30 i.n.
