Feasacht Chomhshaoil: Scoileanna Glasa
Scoileanna Glasa
Is tionscnamh uile-Eorpach é na Scoileanna Glasa, agus é mar aidhm aige gríosadh agus aitheantas a thabhairt don obair a dhéantar ar son an chomhshaoil ag scoileanna. Tá bealaigh leagtha síos ann inar féidir mórcheisteanna comhshaoil a thógáil ón churaclam agus iad a chomhnascadh in obair laethúil na scoile. Más maith le scoil gradam na Scoile Glaise a fháil caithfear seacht gcéim ar leith a leanúint, Seacht gCéim na Scoileanna Glasa. Is clár ar leith an scéim Scoileanna Glasa, ach is scéim dhamhachtainí í ag an am céanna. Eagraítear Scoileanna Glasa le comhoibriú ó Údaráis Áitiúla ar fud na tíre. Is é an Taisce an t-eagras comhordanáidithe. Ba í An Fhondúracht le haghaidh Oideachais Chomhshaoil san Eoraip (FEEE) a rinne forbairt air.
Tá Maigh Eo chun tosaigh i gClár na Scoileanna Glasa le brat glas bronnta ar 75 scoileanna agus go leor scoileanna eile páirteach sa chlár.
Is é céad aidhm an chláir ná laghdú ar an méid bruscair agus dramhaíola a ghintear i do scoil. Is féidir seo a dhéanamh trí leasaithe beaga mar mhúiríniú agus an t-athchúrsáil. Nuair a chríochnaíonn an scoil na seacht gcéim agus go bhfuil laghdaithe sa scoil ar an méid bruscair agus dramhaíola, is féidir leo cur isteach ar an Bhrat Ghlas. Tar éis don bhrat a bheith bronnta den chéad uair tosaíonn an scoil ar chéim nua, fuinneamh. Caithfear an brat a athnuachan gach ré bliain agus pléitear le gné nua den chomhshaol i ngach tréimhse dhá bhiain.
Chun do scoilse a chlárú agus do phaca Scoileanna Glasa a fháil saor in aisce, teagmhaigh leis an Rannóg Comhshaoil de chuid Chomhairle Chontae Mhaigh Eo nó An Taisce
Oifig na Scoileanna Glasa
Aonad Oideachais Chomhshaoil
An Taisce
5A Caolsráid Swift
Sráid Phroinnsiais
Baile Átha Cliath 8
Fón: 01 4002202
Ríomhphost: scoileannaglasa@antaisce.org
Rannóg Comhshaoil
Rannóg Comhshaoil
An Dara hUrlár, Comhairle Contae Mhaigh Eo
Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh
Teileafón : Teileafón: (094)902 44 44
R-phost :R-phost:Environment@mayococo.ie
Uaireanta Oscailte: 9:30 r.n. go 1:00 i.n.
agus 2:00 i.n. go 4:30 i.n.
